Sceitimíní ar Shasana, an Fhrainc i mbarr a réime agus an Ghearmáin in ísle brí

Agus tús á chur an tseachtain seo le EURO 2020 caitheann Tuairisc.ie súil ar na foirne i gcomórtas na bliana seo. Grúpaí D-F atá againn an babhta seo

Sceitimíní ar Shasana, an Fhrainc i mbarr a réime agus an Ghearmáin in ísle brí

Jude Bellingham Shasana. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Grúpa D

Sasana

Conas atá acu? Tá sí ag teacht abhaile. Tá 25 bliain ann ó thosaigh lucht tacaíochta Shasana ag canadh faoi na EUROs a bhuachan agus ag fógairt orainn go raibh an pheil ag filleadh ar an mbaile, ach tá seans níos fearr acu i mbliana ná mar a bhí le fada.

Foireann óg chumasach atá ag Gareth Southgate agus neart roghanna aige maidir le cé a chuirfidh sé chun páirce. Fiú mura bhfuil Marcus Rashford ná Raheem Sterling i mbarr a maitheasa, is iontach an triúr Phil Foden, Jack Grealish agus Mason Mount.

Ní dhéanfaidh siad an beart gan Harry Kane, áfach, go háirithe agus Sasana ag súil go dtiocfaidh beirt cheannairí eile, Harry Maguire agus Jordan Henderson, chucu féin roimh thús an chomórtais. Tá gortú fós ag cur as do Harry Maguire agus níl Jordan Henderson ach díreach tar éis filleadh ó thréimhse fhada ar an taobhlíne.

Teip a bheadh ann mura n-éireodh le Sasana na babhtaí leathcheannais a bhaint amach, go háirithe agus gach seans ann go mbeidh siad ag imirt i Londain i gcaitheamh an chomórtais.

Jude Bellingham. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Coinnigh súil ar…

Jude Bellingham. Bhí an t-imreoir lár páirce óg ag imirt sa dara roinn le Birmingham City anuraidh ach tá Bellingham, nach bhfuil ach 17 bliain d’aois, imithe ó neart go neart ó cheannaigh Borussia Dortmund é. Bhí sé ar fheabhas i Sraith na gCuradh agus ná déan aon iontas de má bhaineann sé áit amach ar fhoireann Shasana roimh dheireadh an chomórtais.

Cluichí: v An Chróit (2pm, 13 Meitheamh), v Albain (8pm, 18 Meitheamh), v Poblacht na Seice (8pm, 22 Meitheamh).

An Chróit

Conas atá acu?

Tá an Chróit tite siar ó bhain siad cluiche ceannais Chorn an Domhain amach trí bliana ó shin agus meascán de sheanfhondúirí agus imreoirí nua atá ag teacht in inmhe acu. Níor cuireadh mórán stró orthu sa chomórtas cáilithe do EURO 2020 agus  chríochnaigh siad ar bharr Ghrúpa E, chun tosaigh ar an mBreatain Bheag. Ach tá rudaí imithe chun donais ó shin.

Tá Mario Mandzukic agus Ivan Rakitic ar bheirt den cheathrar ón bhfoireann a d’imir i gcluiche ceannais Chorn an Domhain atá éirithe as agus ba dheacair ag an gCróit ionadaí a fháil atá chomh maith leo, go háirithe Mandzukic. Scóráil an tosach Bruno Petković cúig chúl ina chéad ocht gcluiche in 2019 ach níl ach ceann scóráilte aige i seacht gcluiche ó shin.

É sin ráite, seasfaidh an taithí atá ag na himreoirí seo dóibh.

Luka Modric. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Coinnigh súil ar…

Seachas Lionel Messi agus Cristiano Ronaldo níor bhuaigh aon duine eile seachas Luka Modric an Ballon d’Or le 15 bliain anuas. Tá Modric ag imirt go maith don Chróit i gcónaí agus é 35 bliain d’aois agus caidreamh iontach aige le Marcelo Brozovic i lár na páirce.

Cluichí: v Sasana (2pm, 13 Meitheamh), v Poblacht na Seice (5pm, 18 Meitheamh), v Albain (8pm, 22 Meitheamh).

Albain

Conas atá acu?

Corn an Domhain 1998 an uair dheireanach ar éirigh le foireann na hAlban ceann de mhórchomórtais an tsacair a bhaint amach agus bainfidh a lucht tacaíochta lánsult as an gcúpla seachtain atá rompu.

Cosúil le Matt Doherty agus Séamus Coleman i gcás na hÉireann, tá beirt lánchúlaithe den scoth ag Albain a imríonn san áit chéanna, sin iad Andy Robertson agus Kieran Tierney. Tá bealach aimsithe ag an mbainisteoir Steve Clarke le Robertson agus Tierney a chur ag imirt le chéile – tá Robertson roghnaithe ar an gcliathán aige agus Tierney in ionad beagáinín níos lárnaí. Ní réiteach gan locht é ach tugtar lánchead do Tierney dul ar an ionsaí freisin agus is fearr é ná duine acu a fhágáil ar an taobhlíne.

Imreoirí tábhachtacha iad Scott McTominay agus John McGinn chomh maith. Rachaidh an dlúthchaidreamh atá idir na himreoirí chun sochair dóibh, cé go mbeidh níos mó ná sin ag teastáil más leo dul níos faide ná babhtaí na ngrúpaí.

Coinnigh súil ar…

Che Adams. Chaith Albain roinnt blianta ag iarraidh Adams, a rugadh i Sasana, a mhealladh le himirt dóibh féin. Níor imir sé in aon cheann de na cluichí cáilithe do EURO 2020 ach i Márta na bliana seo, chinn sé faoi dheireadh dul i bpáirt le hAlbain. Tá dhá chúl scóráilte aige sna ceithre chluiche atá imeartha go dtí seo agus má leanann sé air ar an gcaoi seo, déanfaidh lucht leanúna na hAlban dearmad gur dhiúltaigh Adams imirt dóibh roimhe seo.

Cluichí: v Poblacht na Seice (2pm, 14 Meitheamh), v Sasana (8pm, 18 Meitheamh), v An Chróit (8pm, 22 Meitheamh).

Poblacht na Seice

Conas atá acu?

Ó bunaíodh Poblacht na Seice i 1993, d’éirigh leo gach ceann de na EUROnna a bhaint amach. Chríochnaigh siad sa tríú háit ina gcéad cheann i 1996 ach is beag seans go ndéanfaidh siad an gaisce céanna i mbliana.

Foireann mhór théagartha í ceann na Seice a chuireann an-bhéim ar chiceanna saora agus ciceanna cúinne. Tosach maith é Patrik Schick, a imríonn sa Ghearmáin le Bayer Leverkusen, ach is beag deiseanna a chruthaíonn na himreoirí a bhíonn ina thimpeall dó.

Coinnigh súil ar…

Tomas Soucek. Bhí séasúr den scoth ag Soucek le West Ham United i bPríomhroinn Shasana. Fear mór eile é ar fhoireann na Seice agus tá sé i measc phríomhscórálaithe na foirne, cé gur ag tabhairt tacaíochta do na cosantóirí is mó a bhíonn sé.

Cluichí: v Albain (2pm, 14 Meitheamh), v An Chróit (8pm, 18 Meitheamh), v Sasana (8pm, 22 Meitheamh).

Grúpa E

An Spáinn

Conas atá acu? Is fada uainn ré órga na Spáinne agus na himreoirí a bhuaigh EURO 2008, Corn an Domhain 2010 agus EURO 2012. Bhí na foirne sin lán d’imreoirí ó Barcelona agus Real Madrid ach léiriú ar a mhéid atá na foirne sin imithe ar gcúl nach bhfuil ach triúr ó Barcelona sa scuad a roghnaigh Luis Enrique agus nár phioc sé oireadh is duine amháin féin ó Real Madrid. Ina n-áit, tá imreoirí ó chlubanna amhail Brighton (Robert Sanchez), Leeds (Diego Llorente), RB Leipzig (Dani Olmo) agus Wolves (Adama Traore).

Tá Covid-19 théis praiseach a dhéanamh d’ullmhúchán na Spáinne freisin agus an víreas tolgtha ag Sergio Busquets, duine de thriúr Bharcelona, agus ag Diego Llorente. B’éigean don Spáinn foireann faoi 21 a chur chun páirce i gcluiche in aghaidh na Liotuáine ag tús na seachtaine.

Coinnigh súil ar…

Pedri. Is ag imirt do Las Palmas a bhí an t-imreoir lár páirce anuraidh ach bhog sé go dtí Barcelona an séasúr seo agus d’éirigh thar barr leis. Níl sé ach 18 ach bhain sé áit amach ar an bhfoireann láithreach agus ardmholadh faighte aige ó Lionel Messi. Déantar comparáid idir é agus duine eile de laochra Barcelona, Andres Iniesta.

Cluichí: v An tSualainn (8pm, 14 Meitheamh), v An Pholainn (8pm, 19 Meitheamh), v An tSlóvaic (5pm, 23 Meitheamh).

An Pholainn

Conas atá acu?

An scéal céanna atá ann don Pholainn arís ag EURO 2020: an bhfeicfear Robert Lewandowski i mbarr a mhaitheas? Is é fear Bayern Munich an tosach is fearr ar domhan i láthair na huaire ach níor chruthaigh sé é féin fós don Pholainn ag comórtas mór.

Tugadh Paulo Sosa isteach mar bhainisteoir ag tús na bliana agus tá an córas 3-5-2 úsáidte agus é ag iarraidh an chothromaíocht cheart a fháil idir deiseanna a chruthú do Lewandowski agus a gcúl féin a chosaint.

Buaileadh buille ar an bhfoireann i rith na seachtaine nuair a deimhníodh nach mbeadh Arkadiusz Milik ar fáil don chomórtas agus beidh taispeántais Piotr Zielinski níos tábhachtaí fós anois.

Robert Lewandowski. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Coinnigh súil ar…

Robert Lewandowski. Tá gaiscí scórála déanta ag Lewandowski arís i mbliana. Bhris sé curiarracht a mhair nach mór leathchéad bliain i mbliana nuair a scóráil sé 41 cúl do Bayern i 34 cluiche sraithe, ceann níos mó ná an dá scór a d’aimsigh Gerd Müller i 1971-72. Níl Lewandowski gan locht, áfach, agus níl ach dhá chúl scóráilte aige in 11 cluiche don Pholainn ag na mórchomórtais. Tá sé in am aige é sin a chur ina cheart.

Cluichí: v An tSlóvaic (5pm, 14 Meitheamh), v An Spáinn (8pm, 19 Meitheamh), v An tSualainn (5pm, 23 Meitheamh).

An tSlóvaic

Conas atá acu?

Bhain an tSlóvaic áit amach ag EURO 2020 tar éis dóibh Éire agus Tuaisceart Éireann a shárú sna babhtaí cáilithe. Tá an fhoireann fós ag brath go mór ar Marek Hamsik chun iad a spreagadh ach tá imreoirí óga tagtha chun cinn le cúpla bliain anuas agus súil ann go mbeidh leithéidí Robert Bozenik agus Ondrej Duda mar chuid den ghlúin a thabharfaidh an fhoireann chun cinn.

Coinnigh súil ar… Milan Škriniar. Imreoir tábhachtach don tSlóvaic ab ea Martin Škrtel ach d’éirigh iarimreoir Liverpool as cúpla bliain ó shin. Is é Škriniar ceannasaí na gcosantóirí anois agus bhí séasúr iontach aige le Inter Milan, a bhuaigh an tsraith san Iodáil. Cosantóir amach is amach é Škriniar, atá an-láidir.

Cluichí: v An Pholainn (5pm, 14 Meitheamh), v An tSualainn (2pm, 18 Meitheamh), v An Spáinn (5pm, 23 Meitheamh).

An tSualainn

Conas atá acu? Dream eile a bhfuil an Covid-19 tar éis cur isteach orthu, fógraíodh go raibh an víreas tolgtha ag imreoir óg Juventus Dejan Kulusevski, rud a fhágann nach mbeidh sé in ann imirt sa chéad chluiche in aghaidh na Spáinne.

Bhí drochscéal eile ag an tSualainn roimhe seo agus gortú bainte do Zlatan Ibrahimović agus gan an tosach mór le rá ach fillte ar an bhfoireann tar éis tréimhse cúig bliana. Ar ndóigh tá cleachtadh maith acu a bheith ag imirt dá uireasa.

Foireann maith go leor atá ag an tSualainn, agus d’uireasa Zlatan ní chuirfidh siad mórán imní ar dhaoine.

Oibríonn siad go crua ach tá beagáinín sa bhreis ag teastáil.

Coinnigh súil ar… Alexander Isak. Scóráil Isak 17 cúl do Real Sociedad an séasúr seo, ceann níos mó ná an 16 cúl a d’aimsigh Zlatan san aon bhliain amháin a chaith sé i La Liga le Barcelona. Níl Isak ach 21 ach tá sé ag imirt leis an tSualainn le ceithre bliana agus meastar nach mbeidh sé i bhfad go gceannóidh ceann de na foirne móra san Eoraip é.

Cluichí: v An Spáinn (8pm, 14 Meitheamh), v An tSlóvaic (2pm, 18 Meitheamh), v An Pholainn (5pm, 23 Meitheamh).

Grúpa F

An Fhrainc

Conas atá acu? Curaidh an domhain agus rogha na coitiantachta chun an comórtas seo a bhaint. Bainisteoir coimeádach é Didier Deschamps agus níorbh aon iontas é dá mbeadh suas le naonúr den fhoireann a d’imir i gcluiche ceannais Chorn an Domhain trí bliana ó shin ag imirt sa chéad chluiche de EURO 2020 in aghaidh na Gearmáine.

Rinne Deschamps iarracht rudaí a athrú beagáinín nuair a thug sé Karim Benzema ar ais sa scuad den chéad uair le cúig bliana ach gortaíodh tosach Real Madrid i gcluiche dúshláin an tseachtain seo. Cúis amháin go raibh an bainisteoir ag iarraidh Benzema a thabhairt ar ais ná go bhféadfadh an Fhrainc a bheith beagáinín níos fearr ó thaobh cúl a fháil.

Is aisteach an rud le rá é nuair atá Olivier Giroud ar tí curiarracht scórála Thierry Henry a bhriseadh agus Kylian Mbappé agat, ach dá fheabhas atá na Francaigh, tógann sé beagáinín rófhada orthu foirne a chloí.

Kylian Mbappe. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Coinnigh súil ar: Kylian Mbappé. Duine de na tosaithe is fearr ar domhan, níl Mbappé ach 22. Scóráil sé cúl i gcluiche ceannais Chorn an Domhain trí bliana ó shin agus déanfaidh sé scrios arís má thugtar spás dó.

Cluichí: v An Ghearmáin (8pm, 15 Meitheamh), v An Ungáir (2pm, 19 Meitheamh), v An Phortaingéil (8pm, 23 Meitheamh).

An Ghearmáin

Conas atá acu?

Tubaiste cheart a bhí i gCorn an Domhain 2018 don Ghearmáin agus níl cúrsaí feabhsaithe an oiread sin le trí bliana anuas. Rinne Joachim Löw iarracht fuinneamh nua a chur san fhoireann le cúpla bliain anuas ach léirigh an greadadh 6-0 a thug an Spáinn dóibh mí na Samhna seo caite nach bhfuil leigheas faighte ag Löw ar an bhfadhb. Mar bharr ar an donas, bhuaigh an Mhacadóin Thuaidh ar an nGearmáin ag deireadh an Mhárta i mbliana.

Tar éis dó iad a dhíbirt ón bhfoireann in 2019, tá Thomas Müller agus Mats Hummels tugtha ar ais ag Löw, aitheantas ón mbainisteoir go bhfuil botúin déanta aige. Ní fios fós, áfach, cén tionchar a bheidh ag an gcinneadh sin. Is ábhar faoisimh é go raibh Antonio Rüdiger ag imirt chomh maith sin do Chelsea i mbliana mar caithfidh cosantóirí na Gearmáine feabhsú go hiontach an mhí seo.

Má tharlaíonn sin, d’fhéadfadh Löw críoch mhaith a chur lena ré mar bhainisteoir ach más teip eile atá i ndán don Ghearmáin, meastar go mbeidh trí bliana curtha amú acu.

Serge Gnabry. Pictiúr: INPHO/Presseye/Brian Little

Coinnigh súil ar…

Serge Gnabry. Níor tugadh mórán seansanna do Serge Gnabry nuair a bhí sé ag imirt i Sasana ach tá sé imithe ó neart go neart ó d’fhill sé ar an nGearmáin. Buntáiste mór é go bhfuil sé in ann imirt ar an gcliathán nó os comhair an chúil más gá.

Cluichí: v An Fhrainc (8pm, 15 Meitheamh), v An Phortaingéil (5pm, 19 Meitheamh), v An Ungáir (8pm, 23 Meitheamh).

An Phortaingéil

Conas atá acu? Is iad na Portaingéalaigh curaidh na hEorpa i láthair na huaire Seans go bhfuil an scuad atá acu anois níos fearr ná an ceann a bhí buacach sa Fhrainc cúig bliana ó shin. Tá Bruno Fernandes, João Félix, Ruben Dias, João Cancelo agus Diogo Jota uile i measc na n-imreoirí atá tagtha ar an bhfód idir an dá linn agus tá leithéidí Cristiano Ronaldo, Pepe agus João Moutinho fós ag treabhadh leo.

Tá neart roghanna ag an mbainisteoir Fernando Santos agus seans go ndéanfar neart athruithe ar an bhfoireann sna trí chluiche sa ghrúpa. Bheadh sé deacair Diogo Jota, João Felix, Bruno Fernandes and Bernardo Silva ar fad a chur chun páirce le chéile agus caithfear duine acu a fhágáil ar lár. Is é an scéal céanna é ag André Silva, a scóráil 28 cúl i 32 cluiche do Eintracht Frankfurt sa Bundesliga ach níl sé chun áit Ronaldo a thógáil.

Coinnigh súil ar…

João Felix. Thóg sé bliain ar Felix socrú isteach ar chúrsaí in Atletico Madrid tar éis dóibh €126 milliún a chaitheamh air agus gan é ach 19 bliain d’aois. D’fheabhsaigh sé go mór an séasúr seo, áfach, agus bhí sé lárnach san fhoireann a bhuaigh La Liga. Beidh sé deacair aige áit a bhaint amach i bhfoireann láidir na Portaingéile ach tá an cumas aige.

Cluichí: v An Ungáir (5pm, 15 Meitheamh), v An Ghearmáin (5pm, 19 Meitheamh), v An Fhrainc (8pm, 23 Meitheamh).

An Ungáir

Conas atá acu? Bheadh trua agat don Ungáir agus iad caite isteach le buaiteoirí Chorn an Domhain 2014, buaiteoirí EURO 2016 agus buaiteoirí Chorn an Domhain 2018. Is beag seans atá acu áit a bhaint amach sa chéad bhabhta eile ach, ar a laghad, tá dhá chluiche sa bhaile acu agus, mar a chonaic Éire i rith na seachtaine, leantóirí glóracha acu.

Tá Dominik Szoboszlai, duine de na himreoirí is fearr atá acu, gortaithe.  Fágann sin go mbeidh ar an Ungáir an modh díreach a úsáid chun an liathróid a bhogadh chun cinn ach tá an tosach mór Ádám Szalai breá ábalta seilbh a fháil ar an liathróid agus an tseilbh sin a choinneáil.

Coinnigh súil ar…

Attila Szalai. Beidh neart le déanamh ag an gcosantóir óg agus aghaidh á tabhairt aige ar chuid de na tosaithe is fearr ar domhan idir seo agus deireadh na míosa. Bhog Szalai go dtí Fenerbache sa Tuirc mí Eanáir ach meastar go bhfuil foirne i bPríomhroinn Shasana ag coinneáil súil ghéar air an mhí seo.

Cluichí: v An Phortaingéil (5pm, 15 Meitheamh), v An Fhrainc (2pm, 19 Meitheamh), v An Ghearmáin (8pm, 23 Meitheamh).

Aiséirí na hIodáile, deacrachtaí na hÍsiltíre agus anois nó riamh don Bheilg…

Fág freagra ar 'Sceitimíní ar Shasana, an Fhrainc i mbarr a réime agus an Ghearmáin in ísle brí'