Sceana na cáinaisnéise géaraithe don olltoghchán

Is é teachtaireacht an rialtais nach mbeidh an oiread airgid ar fáil is a ceapadh a bheadh, is nach cóir dúinn mar sin a bheith ag súil leis an oiread

Sceana na cáinaisnéise géaraithe don olltoghchán

Le tamall bhí páirtithe an rialtais ag tabhairt le tuiscint go raibh airgead go leor sa státchiste agus go mbeadh dóthain ann le tuilleadh airgid a chur i bpócaí na saoránach agus faoiseamh a thabhairt dóibh siúd atá ag fulaingt go géar mar gheall ar an gcostas maireachtála.

Ach anois tá an rialtas ag tabhairt rabhaidh go gcaithfidh muid a bheith cúramach, is gur comhartha contúirte é an scéal ón ESRI, an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta, go bhfuil moilliú is lag-trá ag teacht ar an ngeilleagar. Fianaise dó sin, ar ndóigh, an titim sa teacht isteach ón gcáin chorparáide.

Is é teachtaireacht an rialtais é nach mbeidh an oiread airgid ar fáil is a ceapadh a bheadh, is nach cóir dúinn mar sin a bheith ag súil leis an oiread.

Ach ar an taobh eile, tháinig Sinn Féin amach le plean cuimsitheach le hairgead a chaitheamh go flúirseach le cabhrú le daoine atá buailte ag an ollchostas maireachtála, ag teip pholasaí tithíochta an rialtais is ag laige fhadtéarmach an chórais sláinte.

Polasaí de chuid na heite clé atá ann, cé go mbíonn siad cúramach gan dul thar fóir is tacaíocht a chailleadh gan chúis. Méaduithe ar chaiteachas stáit, faoiseamh cánach is tacaíocht i leith an chostais mhaireachtála atá i gceist agus gach rud á íoc leis an bhfarasbarr atá sa gheilleagar faoi láthair, ó cháin ar dhaoine saibhre, ar ghnólachtaí agus ar ndóigh, ar na bainc.

Íocfar as na ciorruithe cánach (€766 milliún) agus as an bhfaoiseamh morgáiste (€300 milliún) le cáin dlúthpháirtíochta trí faoin gcéad ar ioncam os cionn €140,000 sa mbliain, le níos lú creidmheas cánach dóibh siúd atá ag saothrú os cionn €100,000, agus le tobhach méadaithe ar na bainc.

Beidh cánacha eile ar shaibhreas, ina measc arduithe cánach ar an dara teach, ar an dleachtstampa ar thithe costasacha agus ar idirbhearta maoin tráchtála.

Goillfidh na bearta seo ar dhaoine áirithe, cinnte, ach ní ghoillfidh siad ar na gcuid is mó dínn.

Bhí sé spéisiúil mar sin gur tháinig Fine Gael amach ar an toirt ag iarraidh a rá go scriosfadh na polasaithe seo an eacnamaíocht is nach n-oibreoidís. Ach is mó de mhasla ná d’argóint a bhí sa mhéid a bhí le rá ag an bpáirtí sin.

Ar deireadh thiar tá na sceana géaraithe anois don olltoghchán, Fine Gael ag labhairt go húdarásach faoi dhearcadh cúramach an rialtais, agus Sinn Féin ar cheann na feadhna ag moladh bunathruithe –bunathrú ar na trí ábhar mór: tithíocht, sláinte is costas maireachtála.

Déanfar cíoradh cúramach ar na figiúirí seo sna míonna beaga seo romhainn, ach ar an gcéad amharc tá plean ann a thabharfadh dóchas d’an-chuid daoine – daoine óga nach féidir leo áit chónaithe dá gcuid féin a fháil, tuismitheoirí atá buartha faoina bhfuil i ndán dá gclann, agus an oiread sin daoine nach bhfuil ábalta greim a choinneáil faoin bhfiacail.

Ní dóigh liom gur féidir leis an rialtas níos mó a thabhairt ná mar atá á thairiscint ag Sinn Féin. Mar sin, sa díospóireacht atá ag teacht, leagfaidh siad an-bhéim ar fhocail rabhaidh an ESRI, is ar fhigiúirí na cánach corparáide.

Ach cé leis a bheidh siad ag caint? Ceapaim go bhfuil sé íontach spéisiúil go bhfuil níos mó tacaíochta, de réir na bpobalbhreitheanna, ag Sinn Féin i measc na haicme is saibhre, ABC1, ná mar atá ag Fine Gael is Fianna Fáil. Sin le rá go bhfuil Sinn Féin chun cinn san aicme a cheapfaí a bheadh namhdach dóibh.

Feicfimid amárach céard é go díreach atá pleanáilte ag an rialtas sa cháinaisnéis, ach, mar a deirim, is faichill níos mó ná dánacht a bheidh chun cinn inti, is nílim cinnte go dtagann a leithéid le giúmar an phobail faoi láthair.

Ó thaobh Shinn Féin de, níl a fhios againn cé na deacrachtaí a thiocfaidh rompu agus iad ag iarraidh a gcuid pleananna a chur i bhfeidhm go dtí go mbeidh siad i gceannas ar an rialtas.

B’fhéidir go rachaidh argóintí an rialtais i bhfeidhm ar an bpobal is go gcaillfidh Sinn Féin tacaíocht, nó b’fhéidir agus iad sa rialtas, go bhfaigheadh siad amach go dtagann a gcuid polasaithe salach ar choinníollacha an Aontais Eorpaigh.

Sa chás sin, céard a dhéanfaidh an páirtí? Má osclaíonn siad geata an ionchais, ní bheidh sé éasca é a dhúnadh arís.

Mura gcomhlíonann Sinn Féin a gcuid geallúintí maidir le cúrsaí tithíochta, caillfidh siad a gcuid tacaíochta go tapa.

Fág freagra ar 'Sceana na cáinaisnéise géaraithe don olltoghchán'