Scéalta ón gCibearspás

Colún le Maitiú Ó Coimín faoi iontais agus neamhiontais an tsaoil ar líne

Scéalta-ón-gCibearspás-2

Gaelghiolcaire na Seachtaine

Screen Shot 2015-05-15 at 16.56.45Ainm?

@Duchas_ie (Dúchas.ie)

Céard é féin?

Cuntas Twitter an tsuímh www.duchas.ie ar a bhfuil Cnuasach Bhéaloideas Éireann á dhigitiú agus á thras-scríobh ag an bpobal. Is ceann de scata cuntas é a bhfuil suíomhanna ann lena n-aghaidh a thagann faoi scáth Fiontar in Ollscoil Chathair Átha Cliath, mar atá, tearma.ie logainm.ie, ainm.ie agus gaois.ie.

Céard faoi a mbíonn siad ag giolcaireacht?

Béaloideas agus dúchas na hÉireann. Scaipeann an cuntas ábhar ón suíomh Dúchas.ie, agus bíonn idir scéalta, seanfhocla, pisreoga, oideas agus go leor rudaí eile nach iad le fáil go laethúil ar an leathanach. Coinníonn @duchas_ie súil ar an bhféilire agus ar a bhfuil ag tarlú sa domhan mór agus is minic a aimsíonn sé blúirín ón gCnuasach a bhaineann le naomh an lae nó mórimeacht staire an dáta sin.

Cén fáth a leanfainn é?

Ach an oiread leis na cuntais eile faoi chúram Fiontar in DCU, tá saibhreas as cuimse le fáil ar leathanach an chuntais seo. Tá polasaí an-mhaith acu i dtaobh na meán sóisialta agus glacann siad páirt i gcomhráite a bhaineann le béaloideas, dúchas agus oidhreacht go minic agus bíonn a gcuid eolais á roinnt leis an bpobal. Tá féith an ghrinn sa chuntas freisin agus is maith atádar in ann giolcacha greannmhara bunaithe ar ábhar an Chnuasaigh a chur amach anois is arís:

Giolc Pictiúr na seachtaine

Bhí príomhfheidhmeannach GoPro go mór i mbéal an phobail an tseachtain seo mar gheall ar an mbronntanas – $229,000,000 –  a thug sé don fhear a raibh sé in aon seomra leis ar an ollscoil. Bhí Nick Woodman ag comhlíonadh gealltanas béil a thug sé do Neil Dana nuair a bhí siad beirt in Ollscoil California deich mbliana ó shin – gheall sé go dtabharfadh sé 10% den bhrabús a dhéanfadh sé nuair a dhíolfadh sé a scaireanna ina chomhlacht GoPro.

Léiríonn an pictiúr thíos, a d’fhoilsigh GoPro ar a leathanach Instagram, an fáth a bhfuil an oiread sin tóir ar an gceamara beag i saol an spóirt agus na heachtraíochta:

A photo posted by gopro (@gopro) on

Ragham amú tamall eile…


 
Crochadh an físeán thuas ar YouTube Dé Domhnaigh seo caite agus tá aird na nGael ar líne tarraingthe go maith aige ó shin. Is iad baill an chlub grinn GaelGÁIRÍ a chuir an físeán ‘50 Baile Éireannach i gComhrá Amháin’ le chéile agus é múnlaithe ar an bhfíseán cáiliúil a rinne Foil, Arms and Hog darbh ainm ‘50 Irish Towns in 1 Conversation’.

Labhair Scéalta ón gCibearspás le duine de na fir grinn, Aodhán Ó Deá, faoin bhfíseán.

“Chonaiceamar an físeán a rinne Foil, Arms and Hog agus chonaiceamar gur úsáid siad go leor logainmneacha san fhíseán sin a bhí bunaithe ar an nGaeilge agus mar sin bheartaíomar go mbeadh sé go maith dá mbeadh leagan Gaeilge ann.

“Roghnaíomar an caoga baile ar dtús agus ansin scríobh Eoin (Ó Murchú), den chuid is mó, an script agus an scéal. Ba iad bailte a raibh míreanna coitianta iontu, agus a d’aithneofaí go héasca, a roghnaíomar. Níor thóg sé i bhfad orainn na bailte a roghnú nó an script a scríobh ach thóg sé roinnt mhaith ama orainn an rud ar fad a chur de ghlanmheabhair! Bhí cúpla iarracht ann sula bhfuaireamar i gceart é!” a dúirt sé.

Bhí an-rath ar GhaelGÁIRÍ a reáchtáladh i nGaillimh le linn Sheachtain na Gaeilge i mbliana agus beidh an club ag filleadh ar an Róisín Dubh Dé Sathairn 23 Bealtaine.

 

An Chaint sa tSráidbhaile ar líne…

Thosaigh an giolcaire aitheanta Úna-Minh Caomhánach (@unakavanagh) haischlib nua ar Twitter ag tús na seachtaine seo agus ghlac na Gaeil go fonnmhar léi.

An bunsmaoineamh ná go mbeadh deis ag idir chainteoirí líofa agus fhoghlaimeoirí an comhrá ar #GaeilgeChat a leanacht ar Twitter agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh ar líne. Spreag an haischlib daoine a raibh meirg tagtha ar a gcuid Gaeilge triail a bhaint aisti arís:

 

Ní in Éirinn amháin a bhí an #GaeilgeChat ag tarlú ach chomh fada i gcéin leis cathair mhór Chicago sna Stáit Aontaithe agus ruainne beag Gáidhlig ó Ghaeil na hAlban.

Ar deireadh, mhol Cormac Ó hEadhra go ndéanfaí imeacht sheachtainiúil de #GaeilgeChat agus ghlac Úna lena chomhairle. Beidh fóram Gaeilge oscailte ar Twitter gach Luan anois idir 8-9in.

 

 

Fág freagra ar 'Scéalta ón gCibearspás'