SCANNÁN: Cuirfidh na hamhráin cháiliúla ar fad na ladhra ag damhsa

Tá na míreanna ceoil ar fheabhas ar fad agus éiríonn le Bohemian Rhapsody cuid mhaith den draíocht a bhain le Queen ag Live Aid a thabhairt leis 

SCANNÁN: Cuirfidh na hamhráin cháiliúla ar fad na ladhra ag damhsa

Bohemian Rhapsody
Stiúrthóir: Bryan Singer
Cliar: Rami Malek, Lucy Boynton, Gwilym Lee, Ben Hardy, Joe Mazzello, Aidan Gillen

Nuair a bhí an banna ceoil Queen i mbarr a réime ba iad ceardaithe na n-aintiún rac agus máistrí na dtaispeántas staide iad. Tá amhráin cosúil le We Will Rock You, Under Pressure, Radio Ga Ga, We Are the Champions, Another One Bites the Dust agus a lán eile nach iad neadaithe sa chultúr coiteann. Tá siad ar eolas, fiú ag daoine nach raibh fiú ar an saol nuair a bhí cáil Freddie Mercury agus a chomhghleacaithe in airde láin. Tá an taispeántas a thug Queen uathu ag Live Aid i 1985 anois áirithe ar cheann de na taispeántais rac ab fhearr riamh. Ní rabhadar ach tagtha ar ais le chéile ag an am, bhí a gcáil ag teip agus i ngan fhios do chách bhí an galar SEIF ar Mercury.

Is deas, agus is cuí, mar sin go mbeadh an taispeántas draíochta sin mar bhunchloch ag an saothar uaillmhianach seo; táirge a dhéanann iarracht saol Mercury agus scéal an bhanna ó 1970 go dtí an lá sin in 1985 a reic. Tosaíonn an scannán ar an lá úd sin in Wembley agus ansin déantar sinn a radadh siar chuig 1970. Ón tús léiríonn Malek gur duine ann féin ab ea Mercury; é in adharca lena athair coimeádach, ag streachailt lena ghnéasacht agus a chúlra Parsi. Suim sa cheol aige agus é an-tógtha leis an mbanna Smile. Aon oíche amháin agus an banna sin ar tí titim as a chéile, chuir sé caint ar Brian May agus Roger Taylor agus b’in sin.

Léirítear forás an bhanna agus cuirfidh na hamhráin cháiliúla ar fad na ladhra ag damhsa. Fad is atá Queen ag dul ó neart go neart tá saol Freddie féin ag imeacht an olcas. Séanann sé a chlaonadh gnéis ar dtús agus tugann sé lámh is focal do Mary Austin (Boynton). Is de réir a chéile a ghlacann sé lena chlaonadh gnéis. I rith an ama tá sé ag imeacht ar an drabhlás agus le haer an tsaoil, rud a chothaíonn teannas leis an gcuid eile den ghrúpa.

Léirítear an triúr eile mar dhaoine stuama, geanúla. Is dócha nach chun leasa oibiachtúlacht an táirge é go raibh May agus Taylor ina léiritheoirí ar an saothar seo.

Tá na hÉireannaigh lárnach sa scéal agus sa chliar. Léiríonn Leech an tÉireannach Prenter mar bhithiúnach. Ar feadh scaithimh bhí fear Bhéal Feirste mar bhainisteoir agus mar leannán araon ag Mercury. Tugtar éachtaint bheag ar thosach an ghaoil idir Mercury agus Éireannach eile, Jim Hutton. Lena chois sin ar fad is é Gillen atá i ról bhainisteoir an ghrúpa.

Is é Malek agus an Mercury a chuireann sé os ár gcomhair croílár an scannáin. Cé go láimhseáiltear cuid de na gnéithe pearsanta den scéal go ciotach éiríonn le Malek dul go feirc sa charachtar. Tá i bhfad níos mó ná aithriseoireacht i gceist le teacht i láthair Malek. Ní fhágtar an greann in áit na leathphingine ach an oiread. Tá na míreanna ceoil ar fheabhas ar fad agus is gaisce ann féin é go n-éiríonn leis an léiriú ar Live Aid cuid mhaith den draíocht a bhain leis an lá agus an taispeántas úd a thabhairt leis.

Fág freagra ar 'SCANNÁN: Cuirfidh na hamhráin cháiliúla ar fad na ladhra ag damhsa'