‘Scannalach’ gur íoc Roinn na Gaeltachta as forlíonadh staire lán-Bhéarla do dhaltaí na tíre

I mBéarla ar fad a bhí forlíonadh 36 leathanach faoi imeachtaí 1920 ar chuir an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maoiniú ar fáil dó le go scaipfí é ar scoileanna na tíre

‘Scannalach’ gur íoc Roinn na Gaeltachta as forlíonadh staire lán-Bhéarla do dhaltaí na tíre

Tá cáineadh déanta ag an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil agus iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív ar an Roinn Cultúir, Oidhreachta, Gaeltachta as urraíocht a chur ar fáil do nuachtán d’fhorlíonadh faoi chúrsaí staire a bhí i mBéarla amháin.

I mBéarla ar fad a bhí an forlíonadh comórtha 36 leathanach, Century 1920, War of Independence a scaipeadh san Irish Times. Bhí sraith alt le staraithe aitheanta faoi imeachtaí móra na bliana 1920 san fhorlíonadh.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív go raibh sé “scannalach” nár chinntigh an Roinn go mbeadh ábhar i nGaeilge ar fáil i bhforlíonadh comórtha dá leithéid.

Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go raibh “an-iontas” air gur chuir an Roinn urraíocht ar fáil d’fhorlíonadh comórtha a bhí i mBéarla amháin agus gur “measa fós an scéal” é go raibh an forlíonadh Béarla le dáileadh ar dhaltaí na tíre.

Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go raibh sé “náireach agus scannalach a laghad spéise” atá léirithe ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, i gcúrsaí Gaeilge le linn a tréimhse mar Aire.

I ráiteas a chuir an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ar fáil do Tuairisc.ie faoin scéal, dúradh nach raibh baint ag an Roinn “le hábhar eagarthóireachta, téamaí agus rannpháirtithe an fhorlíonaidh”.

“Is faoi The Irish Times atá sé cinntí a dhéanamh maidir le hábhar eagarthóireachta, téamaí agus rannpháirtithe.  Foilsítear gach foilseachán oifigiúil a chuireann an Roinn i dtoll a chéile faoi Chlár Dheich mBliana an Chuimhneacháin go dátheangach.”

Dúirt an t-urlabhraí go raibh forlíonadh comórtha á fhoilsiú gach bliain ó 2013 san Irish Times mar chuid de “shraith speisialta a dhéanann Deich mBliana an Chuimhneacháin a cheiliúradh” agus go gcuireann an Roinn “tacaíocht ar fáil chun na heagráin seo a dháileadh ar bhunscoileanna agus ar iarbhunscoileanna”.

Fág freagra ar '‘Scannalach’ gur íoc Roinn na Gaeltachta as forlíonadh staire lán-Bhéarla do dhaltaí na tíre'

  • Bríd

    Aon rud le rá ag lucht an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta ar an ábhar seo? Cad atá ar siúl acu?

  • Áine

    éagóir á dhéanamh arís ar dhaltaí na Gaeltachta agus déantar iontas ansin dhó nach bhfuil misneach acu plé a dhéanamh ar ábhair ina dteanga fhéin, is deacair é nuair a fhaightear chuile eolas beo i mBéarla.. éagóir córasach an Stáit agus níl Roinn na Gaeltachta leithscéalach fhéin faoi…náireach ceart

  • Gabriel Rosenstock

    Jóc.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Is léir nach dtugtar a thuilleadh mórán aird ar na statsheirbhísigh a bhíonn ag plé leis an nGaeilge/Gaeltacht sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. B’fhéidir go bhfuil sé in am an chuid den Roinn a bhíonn ag plé le Gaeilge/Gaeltacht a athbhunú mar roinn stát neamhspléach. Tá sé báite istigh i Roinn, ar chuma leis faoin nGaeilge, le airí gan Ghaeilge i gceannas. B’fhearr i bhfad a bheadh Roinn na Gaeltachta mar roinn stáit as féin, mar a bhíodh suas go 1993.

  • Liamo

    Agus gan pictiúr ar bith d’óglaigh na hÉireann san fhorlíonadh chéana faoi Chogadh na Saoirse cé go raibh trí chinn de phictiúirí faoi forsaí Corónach!! Sin jóc!! Níl an stáitín ná Roinne rialtas sásta aon ómós a thabhairt dosna hÓglaigh ach meas acu ar na Sasanaigh a chuir muid faoi chois

  • Deasún Ó Cearúlláin

    “An té a íocfas an píobaire is é a ghlaofas an port”. Cén fáth nach raibh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta iachall éigin i dtaobh na Gaeilge a chur ar an Irish Times sa chás seo?
    Gach seans is dóigh liom gur cinneadh a rinneadh gan smaoineamh ar bith ar an Ghaeilge. Níor rith leis na státseirbhísigh an Ghaeilge a chur san áireamh mar níor smaoinigh siad uirthi. Dar liom, tá sé náireach ach sin mar atá sé.

  • Seán Mag Leannáin

    Bhí 24 alt sa bhforlíonadh agus gan fiú ceann amháin acu i nGaeilge nó faoin nGaeilge. De réir dealraimh níor rith sé le héinne san Irish Times (nuachtán an taifid, mar a mhaítear) ná i Roinn na Gaeltachta go raibh tábhacht nach beag ag an nGaeilge do roinnt mhaith de na daoine a throid ar son saoirse na tíre. Níor smaoinigh éinne ar cuireadh a thabhairt do staraithe céimiúla ar an tréimhse seo mar Ghearóid Ó Tuathaigh nó Cormac Ó Comhraí, údar an leabhair Sa Bhearna Bhaoil – Gaillimh 1913-1923. Náireach.

  • padhraic o laimhin

    Scannalach!