Scannáin a chabhróidh leat teacht slán as an gcuibhriú…

Agus pictiúrlanna na Banban dúnta go ceann i bhfad eile, roghnaítear anseo roinnt scannán a bhainfidh an faobhar de ghoile an andúiligh cheallalóide is measa amuigh 

Scannáin a chabhróidh leat teacht slán as an gcuibhriú…

Blow-Up, le Michaelangelo Antonioni (1966)

Spreag an chéad scannán Béarla ó Antonioni scannal i 1966 toisc gur soilsíodh go tobann splanc de chlúmh bruise Jane Birkin dúinn. Breac le faisean, ceol agus saoirse nua-ghnóthaithe fashionistas Londan, áirítear Blow-Up i measc scannáin chultais na haoise sin.

Déanann David Hemmings an-obair i ról atá bunaithe ar an ngrianghrafadóir faisin David Bailey. Trí sheans glacann sé pictiúr i bpáirc phoiblí a thaispeánann, nuair a mhéadaítear go mór é sa stiúideo ar ball, go mb’fhéidir, seans, tharla dúnmharú sna sceacha sa chúlra.

Ar maraíodh duine? Cad tá fíor? Conas a dhearbhaítear cad tá fíor?

Tá mistéir le réiteach, cnáibíní le caitheamh, ‘birds’, mar a thugann Hemmings ar mhainicíní óga na haimsire sin le ‘aithne a chur orthu’. B’in na seascaidí duit, nuair a cheaptaí go forleathan go raibh an réalta fir i dteideal na n-éiníní dollaí. A Thiarcais!

Londain Luascach na seascaidí a chuirfidh amhaltas ar d’Aintín Daoimhín.

 

The Pawnbroker, le Sidney Lumet (1964)

B’fhéidir go dtarraingeodh Blow-Up damnú ó ‘Me Too’ agus ‘Cork Mothers of Eight’, ach gach seans go mbeidh daoine eile míshásta The Pawnbroker, éacht scannánaíocht ó Sidney Lumet ó lár na seascaidí,.

Fear é Sol Naserman a tháinig ina mharbhán trí dhíothú champaí an bháis. Chaill sé a bhean is a pháistí de dheasca chiníochas diabhlaí an Naitsíochais. Tá Sol anois ina gheallbhróicéir gan taise ná mothú a fhreastalaíonn ar phobal dearóil Harlem Nua-Eabhrac.

Ní haon saothar lán siamsaíochta an ceann seo. 

De ghnáth cuireann an mhéaldrámaíocht soir mé, ach maithim críoch mhéaldrámata Lumet dó sa chás áirithe seo. Ní leomhfainn d’aon rud teacht idir mé agus modhaisteoireacht mháistriúil Steiger sa Pawnbroker.

 

Hidden, le Michael Haneke (2005)

Láithreoir teilifíse é Georges (Daniel Auteuil) a chuirtear óna bhuile nuair a thosaíonn pacáistí físeán a glacadh fá choim de féin is dá chlann ag teacht isteach an doras chuige. Cad is brí leo? Cé faoi ndear iad?

Diaidh ar ndiaidh titeann saol na clainne as a chéile agus George i ndeireadh na péice ag iarraidh teacht ar an stalcaire agus, mar a tharlaíonn, ar na taibhsí a bhí faoi ghlas domhain istigh ann féin.

Is ceist leanúnach atá i saothar uilig Haneke. Fágtar fúinne é, an lucht féachana, mistéir a chuid scannán a fhuascailt. Bíonn orainn pé ciall is ansa linn a bhaint astu. Samhlaigh a leithéid!

Caithfear tosú in áit éigin le Haneke, agus sínim Hidden chugat. Bíodh do spád tochailte réidh.

 

The Sea Inside, le Alejandro Amenábar (2004)

Fuaireas féin amach 16 bliain ó shin go mba dhrochbhuachaill fuar é an galar dubhach. Ní rabhas in ann aon rud a mhothú, olc, maith ná dona. Áthas, grá, eagla, fearg, buíochas, comhbhá – faic.

Ansin d’fhreastalaíos den chéad uair le fada ar phreastaispeántas san IFI. Scannán inar chruthaigh Javier Bardem ról a bhí bunaithe ar fhíorscéal Ramon Sampedro, fear óg a fágadh ina cheathairphléigeach in aois a fiche a cúig de bharr timpiste snámha.

Leath bealaigh tríd an scannán sin, leáigh rud éigin istigh ionam. Tháinig na deora nár rith le fada. Leáigh an t-oighear agus bhris an damba. Scaoileas amach é, pé nimh a reoigh an t-anam istigh ionam.

M’eipeafáine ar bhóthar Damascus.

Creidim i gcumhacht shlánaitheach na healaíne ón lá sin amach.

Dála an scéil, an-scannán go deo ann féin atá ann ar fiú go mór é a aimsiú.

 

Volver, le Pedro Almadóvar (2006)

Volver (2006) mo rogha seoide de chuid Pedro Almadovár.

Nochtann na seatanna tosaigh Penelope Cruz agus í fillte ó Mhaidrid in éineacht le meitheal na ndeirfiúracha fanta-sa-mbaile ag maisiú uaigh na máthar i reilig an tsráidbhaile dhúchais i La Mancha.

Volver paidir Almodóvar dá mháthair, do mhná, is dá áit dhúchais. Le cúltuiscint an duine fhásta feictear dó go raibh sé i gcónaí faoi dhraíocht na hóige caillte – fós faoi gheasa iontaisí samhlaíochtúla chultúr na muintire.

Scéal osnádúrtha é Volver a ligimid dó sní trínn agus fúinn agus tharainn. Scéal é a scuabann chun siúil na baracáidí a thógann cleas uirbeach an aonú haois is fiche, sinne, idir muid féin agus braistintí soineanta an réalachais dhraíochta.

Draíochtúil, banúil, baineann, álainn.

Fág freagra ar 'Scannáin a chabhróidh leat teacht slán as an gcuibhriú…'

  • Fearn

    Is mór agam na moltaí seo agus na hadmhálacha pearsanta uait.
    Go maire tú,

  • Pat Butler

    Buíochas