Scannáin a chabhróidh leat teacht slán as an gcuibhriú…

Agus pictiúrlanna na Banban dúnta go ceann i bhfad, roghnaítear anseo roinnt scannán a bhainfidh an faobhar de ghoile an andúiligh cheallalóide is measa amuigh 

Scannáin a chabhróidh leat teacht slán as an gcuibhriú…

The Consequences of Love, le Paulo Sorrentino (2004)

Blaisín anseo

‘Ní fear maingléiseach mé’, arsa Titta di Girolamo (Tony Servillo). ‘An t-aon rud atá baoth fúm ná m’ainm.’ Síorchaiteoir stáidiúil toitíní. Súile marbhánta. Aonarán scoite. Cé hé féin, agus cad a thug chun cónaithe in óstán galánta san Eilvéis é?

Agus cad faoin spéirbhean sa bheár (Olivia Magnani)? Carntar mistéir anuas ar mhistéir agus baineann gach lúb agus casadh cruthaitheach sa phlota preab asainn.

Scéinséir galánta é The Consequences of Love ina bhfuil an chamscéim is fearr ó thug Newman agus Redford The Sting féin dúinn i 1973.

Má iarrann San Pedro orm mo rogha scannán stíliúil ón aonú haois is fiche a roghnú, mar chead isteach go parthas, abair, bheadh scannán theacht in inmhe Sorrentino gar do bharr an liosta.

Foláireamh! Tá stíl an-sofaisticiúil an-mhealltach caite tobac ag Tony Servillo. Ná féach air seo má tá tú ag iarraidh éirí as na toitíní.

 


‘The Three Burials of Melquiades Estrada’, le Tommy Lee Jones (2005)

Blaisín anseo

D’fhill mé arís ar The Three Burials of Melquiades Estrada, an chéad fhiontar stiúrthóireachta ag Tommy Lee Jones, nuair a chuir Trump gangaideach inimircigh Mheicsiceo ar scáileán polaitíochta an domhain.

Ná cuireadh aghaidh shíonchaite Jones an dallamullóg ort, ní haon chábóg ná tútachán as na coillte cúil é Tommy Lee. Ní hé gach rainseoir mar é a thabharfadh The Stranger (L’Étranger) le Albert Camus mar ábhar léitheoireachta dá chliar aisteoirí roimh theacht ar an seit dóibh. Rinne sé amhlaidh ionas gurbh fhearr a thuigfidís tragóid aonair an duine scoite.

Samhlaigh seo mar scannán buachaill bó comhaimseartha atá  leath bealaigh idir The Unforgiven John Huston, saothar Sam Peckinpah agus Jean-Luc Godard. Script Guillermo Arriaga, aistrithe ón Spáinnis ag Jones, a chuireann an lasair sa bharrach agus is cuí mar a shoilsíonn ceamara Chris Mendes an scéal.

Tá dílseacht, díoltas, onóir, an ceart is an chóir agus carachtair mhistéireacha in aon phota againn. Cuir Tommy Lee Jones sa diallait agus tá agat. Déanfar dúnmharú a chara Melquiades Estrada a agairt agus tabharfar a chorp abhaile go Meicsiceo san aon turas eipiciúil amháin. Agus a leithéid de thuras bóthair atá beartaithe aige don té a mharaigh a chara.

 


‘Window to Paris’, le Yuri Manim (1993) 

Blaisín anseo

Más ansa leat ‘Godot’, Puckoon, At Swim Two Birds agus Amharclannaíocht na hÉigéille i gcoitinne beidh Window to Paris ina mhilseog bhlasta agat. Bíodh is go bhfuil sé an-ghreannmhar ar fad, déanann sárshaothar Manim cáineadh géar ar an tslí a ndearnadh poll slogaide den Rúis i ndiaidh titim an chórais Shóivéadaigh sna 1990idí, poll slogaide inar súdh cultúr agus sochaí na tíre.

Meascán ceart is ea an ceann seo de ‘farce’ le Feydeau nó Laurel and Hardy, den réalachas draíochta agus den aoir pholaitiúil a chuirfidh ag gol agus ag gáire tú. 

An scéal? Bogann múinteoir ceoil in St. Petersburg isteach in árasán a fágadh faoi ghlas ar feadh bliana nuair a fuair an tseanchailleach a bhí ina tionónta ann bás. Ach, conas go bhfuil a cat, a fágadh faoi ghlas istigh, fós beo beathaithe?

Aimsíonn Nikolai agus na comharsana doras draíochta istigh a iompraíonn caol díreach go Páras iad. Leanann áiféis i ndiaidh áiféise nuair a scaoiltear lucht na prólatáireachta boichte ón Rúis seo den iall i bPáras agus iad i measc chathuithe na colainne agus an chaipitleachais.

Tá sé deacair teacht ar an gceann seo. Tháinig mé ar dhroch-chóip de seo san Astráil ach cé nach raibh caighdeán an DVD thar mholadh beirte, ba dheacair baint mórán de joie de vivre mire an scannáin seo.

 


‘4 Months, 3 Weeks & 2 Days’, le Cristian Mungiu (2007)

Blaisín anseo

Níor thuig mé impleachtaí an teidil an chéad uair a chonaic mé scríofa é. Níor léir dom láithreach ábhar Mungiu. Más duairc féin an téama atá idir chamáin aige, áirítear 4 Months, 3 Weeks and 2 Days i measc na scannán is fearr ó thosach na míosa seo a raibh rath gan choinne orthu.

An Rómáin, 1987, dhá bhliain sular scuabadh chun siúil an deachtóir Nicolae Ceausescu. Fógraíodh an ciorrú toirchis ina choir in aghaidh an stáit scór bliain roimhe sin. Bhí téarma fada sa phríosún geallta d’éinne a gheofaí ciontach fán dlí.

Tá Gabriela, mac léinn soineanta, torrach. Cinneann a cara dílis Otilia fanacht léi le linn na dochraide. Ise a gheobhaidh an t-airgead ar iasacht, ise a eagróidh an seomra óstáin agus a rachaidh i mbun idirbheartaíochta leis an nginmhillteoir cúlsráide fir. Ní nochtar uafás ghéarchéim  na mban go dtí go mbíonn siad ina n-aonar le mo dhuine sa tseomra suarach óstáin.

Mholfainn duit tabhairt fán ngloine nó dhó fuisce seachas an grán rósta má bheartaíonn tú féachaint ar eipic shuaite Mungiu.

Chuaigh Peter Bradshaw go croí an scéil san Observer. 

‘Without ever being overtly political, it makes you feel humanity itself being coarsened and degraded by the state.’ 

Feileann an lipéad cineama an uafáis nó ‘Ordeal Cinema’ go maith mar chur síos ar shaothar scáfar an Rómánaigh.

Fág freagra ar 'Scannáin a chabhróidh leat teacht slán as an gcuibhriú…'