Saothar uaillmhianach teagascach suaite é ‘Promising Young Woman’

Saothar gríosaitheach, greannmhar, duairc, suaite é Promising Young Woman a bhfuil ábhar machnaimh go leor ann

Saothar uaillmhianach teagascach suaite é ‘Promising Young Woman’

Promising Young Woman
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Emerald Fennell
Cliar: Carey Mulligan, Bo Burnham, Laverne Cox, Clancy Brown, Jennifer Coolidge, Alison Brie

Aithneoidh lucht leanta The Crown Emerald Fennell mar gurb í atá i ról Camilla Parker Bowles sa tsraith mhór-ráchairte sin. Ealaíontóir ildánach í Fennell; bíonn sí coitianta ar an bpeann agus shuigh sí i gcathaoir an stiúrthóra den chéad uair in 2018. 

Seo an chéad fhadscannán uaithi mar stiúrthóir agus is gaisce é go bhfuil toradh a saothair chomh huaillmhianach, téagartha sin. Tá cúig ainmniúchán Oscar faighte ag an scannán seo, dhá cheann do Fennell féin san áireamh.  Saothar gríosaitheach, greannmhar, duairc, suaite é Promising Young Woman a bhfuil ábhar machnaimh go leor ann. 

I dtosach an scannáin címid Cassandra (Mulligan) agus í ar meisce i dteach tábhairne. Tá triúr fear ag faire uirthi agus beirt acu ag cur díobh go drochmheasúil, graosta. Tagann an fear calma ina measc i gcabhair uirthi agus tairgeann sé síob abhaile di. De réir a chéile athraíonn meon an fhir agus faoi dheireadh tá sé ag iarraidh é féin a bhrú uirthi agus í gan aithne gan urlabhra nach mór ina sheomra leapan. 

Agus é ag iarraidh a mhianta a shásamh éiríonn Cassandra aniar sa leaba gan aon rian meisce uirthi agus fógraíonn air. Baintear stangadh as an bhfear i mír ina bhfuil an tsuaiteacht nasctha leis an ngreann dorcha. 

Léirítear dúinn gurb é seo an nós atá ag Cassandra; imeacht go tithe óil, ligint uirthi go bhfuil sí ar meisce agus íde na muc agus na madraí a thabhairt d’fhir shuaracha shleamhna a dhéanann iarracht iad féin a bhrú uirthi. 

Tá na comhráite is an íde béil seo greannmhar, pointeáilte, teagascach. Tá áibhéil is áiféis ag baint leis an rud ar fad agus cuireann an cur chuige stílithe mar aon leis na seiteanna/éadaí dathannacha leis an tuiscint seo.

Léirítear dúinn go bhfuil an t-iompar neamhghnách, díoltasach seo préamhaithe i dtragóid a tharla blianta roimhe sin agus í san ollscoil. Chaith sí a cúrsa leighis in aer agus tá sí cráite, corraithe ó shin. Ní aithneofá sin uirthi agus í ar nós is cuma liom, tarcaisniúil le daoine eile. 

Is olc an léiriú a dhéantar ar na fir i gcaitheamh an scannáin; iad ina bhfoghlaithe nó ina meatacháin, nó meascán den dá rud. Ní fuath fear atá ann, áfach ach cur chuige áiféiseach le teachtaireacht a thabhairt maidir le hionsaithe gnéis. Ní leasc le Cassandra a bheith cruálach, slítheánta agus í mbun díoltais, fiú le mná eile. Táimid in amhras ar feadh scaithimh go mb’fhéidir go mbeadh an chríoch shona i ndán di ach baintear stangadh eile asainn sna radharcanna deiridh. 

Sí Mulligan a dhéanann an scannán ar fad a iompar agus tugann sí faoin ról le fonn is le flosc. Is cinnte gurb í a bheidh ar thosach cadhnaíochta oíche Oscar do dhuais na mban. 

Úsáideann Fennell an áiféis agus greann le stangadh a bhaint asainn agus chun ceacht a mhúineadh.   

Fág freagra ar 'Saothar uaillmhianach teagascach suaite é ‘Promising Young Woman’'