Saothar tathagach coscrach ó stiúrthóir Éireannach

Scannán lánmhachnaimh atá againn i ‘Swan Song’ a chíorann briseadh croí an bháis agus na ceisteanna morálta a bhaineann le forbairtí ceannródaíocha teicneolaíochta

Saothar tathagach coscrach ó stiúrthóir Éireannach

Swan Song
Stiúrthóir/Scríbhneoir:
Benjamin Cleary
Cliar: Mahershala Ali, Naomie Harris, Glenn Close, Adam Beach

Bhain an tÉireannach Benjamin Cleary cáil amach dó féin in 2016 nuair a bronnadh an duais Oscar don ghearrscannán is fearr ar Stutterer, saothar a scríobh agus a stiúraigh sé faoi fhear a labhraíonn go stadach. Cúig bliana níos déanaí tá sé chugainn lena chéad fhadscannán agus saothar eile scríofa is stiúrtha aige. An babhta seo tá Mahershala Ali, Naomie Harris agus Glenn Close faoina stiúir agus gaisce nach beag don núíosach an triúr sin a mhealladh.

Scannán lánmhachnaimh atá againn anseo a chíorann briseadh croí an bháis agus na ceisteanna morálta agus eiticiúla a bhaineann le forbairtí ceannródaíocha teicneolaíochta.

I dtosach an scannáin címid Cameron Turner (Ali) agus Poppy (Harris) ag bualadh lena chéile ar shlí ghleoite agus iad ag taisteal ar thraein. Iardhearcadh atá anseo ag tabhairt cuntais ar thosach an ghaoil eatarthu. Blianta ina dhiaidh sin táid pósta agus duine clainne orthu. Tá galar doleigheasta ar Cameron agus tá an drochscéal sin á choimeád faoi rún aige, go fóill ar aon nós.

Tá an scéal seo suite roinnt blianta sa todhchaí mar a bhfuil breis forbartha tagtha ar an teicneolaíocht. Tá gluaisteáin gan tiománaithe againn mar aon le freastalaithe andróideacha agus lionsaí tadhaill atá in ann taifeadadh a dhéanamh. Lena gcois siúd tá comhlacht biteicneolaíochta tar éis teacht ar phróiseas clónála a chruthóidh do mhacasamhail go paiteanta. Abhatár leis an gcomhdhéanamh fisiciúil is bitheolaíochta céanna mar aon leis na cuimhní is an meon céanna. Dá bharr sin is féidir teacht timpeall ar an mbás. Is féidir le Cameron an clón seo a chur ina áit féin agus gan aon chuimhní ag an gclón ach cuimhní Cameron.

An rud is tábhachtaí, is brónaí, is casta agus is conspóidí ná go dtarlóidh seo i ngan fhios do Poppy agus a mac, Cory. Sin is cúis leis an tionscnamh; iad a chosaint ón mbriseadh croí agus a chinntiú go mbeidh athair ag Cory agus ag an leanbh eile atá sa bhroinn. Fanfaidh gach rud mar atá. Leanfaidh gach rud ar aghaidh mar a bhí agus fágfar an sean-Chameron le bás a fháil go ciúin, anaithnid i gceannáras galánta, iargúlta an chomhlachta.

Ní hé go ndéanfar dearmad air is amhlaidh nárbh ann dó riamh ar shlí. Ceisteanna eitice agus morálta go leor, áfach, go mórmhór agus é seo déanta i ngan fhios do Poppy. Cítear Cameron ag streachailt go ciúin is go huaigneach leis na ceisteanna seo. Ceann feadhna an chomhlachta, Scott (Close) á rá go bhfuil sé santach mura ndéanann sé é seo. An chamastaíl á cur os ár gcomhair mar ghníomh grá. Dírítear go hiomlán ar aistear Cameron agus is beag léiriú a thugtar dúinn ar an tsochaí, ar an gcomhlacht ná an teicneolaíocht úr seo.

Tá Ali in dhá ról agus tugann sé taispeántas den scoth uaidh mar is dual don aisteoir cumasach seo a bhfuil dhá dhuais Oscar gnóthaithe aige le ceithre bliana anuas.

Tá tacaíocht bhreá aige ó Close agus Harris i saothar atá snasta, sollúnta agus coscrach.

Fág freagra ar 'Saothar tathagach coscrach ó stiúrthóir Éireannach'