Saothar fiúntach ach easnamhach faoin éagóir a deineadh ar fhear na Máratáine

Cé nach bhfuil The Mauritanian gan a mhaitheasaí, ní thugann sé éachtaint chuí dúinn ar bhrúidiúlacht na coinneála ná ar an dearcadh polaitíochta mí-eiticiúil a cheadaigh é 

Saothar fiúntach ach easnamhach faoin éagóir a deineadh ar fhear na Máratáine

The Mauritanian
Stiúrthóir: Kevin Macdonald
Cliar: Tahar Rahim, Jodie Foster, Shailene Woodley, Benedict Cumberbatch

Tá Kevin Macdonald taithíoch ar iomairí na faisnéise, na scéinséirí polaitíochta agus na fíorscéalta. Sé a bhí ar an stiúir do leithéidí The Last King of Scotland (2006), State of Play (2009) agus One Day in September (1999), saothar a ghnóthaigh duais Oscar dó. Ní raibh a shárú ann, mar sin, le tabhairt faoi scéal Mohamedou Ould Slahi, fear a chaith ceithre bliana déag i ngéibheann in ionad coinneála míchlúiteach Guantánamo. 

Agus stangadh bainte as Stáit Aontaithe Mheiriceá ag ionsaithe 9/11 thosaigh earnálacha míleata, faisnéise is polaitíochta ag gur gothaí na troda orthu féin. Le teann díoltais caitheadh prionsabail agus cleachtais dlí is mhorálta thar claí. Ceann de na huirlisí a beartaíodh ná an géilleadh urghnnách, nó extraordinary rendition an Bhéarla. Fuadach mídhleathach faoi chló an téarma uiscealaigh.  

Bhí Slahi (Rahim) ar dhuine díobh siúd ar cuireadh an tsúil ribe orthu. Ag tús an tsaothair seo címid é ag baint súp as ceiliúradh teaghlaigh ar an bhfód dúchais sa Mháratáin i mí na Samhna 2001. Tagann na póilíní áitiúla an doras á rá go dteastaíonn ós na Poncánaigh dreas cainte a dhéanamh leis. Imíonn sé gan tásc tuairisc. Tar éis cúpla bliain faightear amach go bhfuil sé i ngéibheann in Guantánamo.

Dlíodóir dúthrachtach, neamheaglach í Nancy Hollander (Foster) atá buailte fúithi in Albuquerque agus cuirtear ina luí uirthi in 2005 an cás a thógaint ar láimh. Drogall ar an uile dhuine dul i ngiorracht scread asail do chás atá chomh híogair sin. Tugann Nancy fé, agus tugann sí an dlíodóir óg Teri Duncan (Woodley) léi. 

 

Iad ag broc leis an gcóras míleata agus faisnéise ón tús. Nótaí cruinnithe á léamh ag an tríú páirtí, cáipéisí á leasú, cruinnithe á dtaifeadadh agus fianaise á ceilt orthu. Go deimhin déantar na cúiseanna atá curtha ina leith a cheilt. Sé Stuart Couch (Cumberbatch) atá ag seasamh an fhóid do lucht an ionchúisimh agus scamhadh chun díoltais air. 

Sna nóchaidí throid Slahi le muhajideen na hAfganastáine (a raibh tacaíocht Mheiriceá acu ag an am). Is de réir a chéile a nochtar dúinn go bhfuil argóintí an stáit ag brath air sin, agus ar theagmhálacha neafaiseacha mar aon le hadmhálacha uaidh a fuarthas de thoradh a chéasta.

Tá an scannán bunaithe ar an leabhar Slahi, Guantánamo Diary, a scrígh sé nuair a bhí sé i ngéibheann agus a foilsíodh in 2015. Rinneadh céasadh leanúnach air i rith a bhraighdeanais agus déanann an scannán iarracht léiriú a thabhairt air seo. Dar liom go raibh na radharcanna seo ró-stílithe agus ní dóigh liom gur cuireadh abhaile orainn an foréigean agus an ciapadh a d’fhulaing sé. 

Theastaigh uaim go ndéanfaí a thuilleadh iniúchta ar an gcóras a cheadaigh ceilt ceartais den sórt sin, go háirithe ó tá Guantánamo fós ar oscailt agus tuairim is 40 duine ar a gcoinneáil ann. Ní thugtar an léiriú sin dúinn. Sé an tost an bithiúnach atá againn. Níl drámaíocht chúirte againn ach an oiread. Casann Couch é féin ar a shála agus diúltaíonn sé tabhairt faoin gcás nuair a chuirtear an céasadh ar a shúile dó.  Lena chois sin theastaigh uaim go ndéanfaí breis iniúchta ar shaol Slahi sarar gabhadh é; na tréimhsí sa Ghearmáin agus san Afganastáin, ach go háirithe, mar aon le cíoradh ar an bhfear gaoil a bhí taobh le hOsama Bin Laden tráth.  

Cé go bhfuil an bua ag Slahi ag deireadh an scannáin cuireann an scríbhneoireacht ar scáileán ag an gcríoch in iúl go raibh air, a bhuíochas do réimeas Obama, sé bliana eile a chaitheamh i ngéibheann. 

Tá taispeántas breá ón gceann feadhna Rahim agus carachtar ciaptha, croíúil, fealsúnach agus cliste á chur os ár gcomhair. Tá Foster í féin os cionn a buille agus ní haon iontas gur ghnóthaigh sí duais Golden Globe. 

Cé nach bhfuil an saothar gan a mhaitheasaí ní thugtar éachtaint chuí  ar bhrúidiúlachta na coinneála ná ar an dearcadh polaitíochta mí-eiticiúil a cheadaigh é. 

Fág freagra ar 'Saothar fiúntach ach easnamhach faoin éagóir a deineadh ar fhear na Máratáine'