RTÉ ‘an-sásta’ le clár faisnéise Gaeltachta a mheall 25% den lucht féachana náisiúnta 

Bhí clár faoi chath pleanála Bhreanndáin Uí Bheaglaoich ar an gclár is mó i sceideal an tsamhraidh a mheall lucht féachana ag an am craolta áirithe a ndeachaigh sé amach

RTÉ ‘an-sásta’ le clár faisnéise Gaeltachta a mheall 25% den lucht féachana náisiúnta 

Beagnach 180,000 duine a d’fhéach ar chlár Gaeilge a taispeánadh le linn an phríomh-ama féachana ar RTÉ an tseachtain seo caite.

D’fhág sin go raibh an clár, The Man With the Moving House, ar an gclár is mó i sceideal an tsamhraidh a mheall lucht féachana ag an am craolta áirithe a ndeachaigh sé amach. 

177,000 duine, nó 25% de na daoine a bhí ag féachaint ar an teilifís ag an am, a d’fhéach Déardaoin seo caite ar an gclár faisnéise a thug léargas ar fheachtas pleanála cúig bliana déag Bhreanndáin Uí Bheaglaoich ó Bhaile na bPoc in iarthar Duibhneach.

Ag a 10.10pm a craoladh an clár, tráth den oíche arb annamh le RTÉ cláir Ghaeilge a chraoladh.

Ag 7pm nó 7.30pm, níos giorra do thús an phríomh-ama féachana, a chraolann RTÉ a gcuid clár Gaeilge de ghnáth, cláir a mheallann idir 25-27% den lucht féachana go minic.

Dúirt Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Niamh Ní Churnáin go rabhthas “an-shásta” gur éirigh chomh maith sin le craoladh The Man With the Moving House.

“Tá sé soiléir ó na figiúirí féachana do na cláracha a bhíonn againn níos luaithe sa tráthnóna nach aon bhac don lucht féachana fotheidil ná Gaeilge 

“Tá cruthúnas anois againn gurb amhlaidh an scéal nuair a chuirtear clár Gaoluinne amach níos déanaí san oíche. Bhí an-áthas ar RTÉ clár a chur amach a bhain le muintir na Gaeltachta don lucht féachana náisiúnta agus táimid ag cur le réimse na gclár Gaeilge a bhíonn againn i gcónaí agus tá sé i gceist againn a thuilleadh cláracha mar seo a dhéanamh.”

Ina thuarascáil bhliantúil, a foilsíodh níos luaithe i mbliana, dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go bhfuil “ardú suntasach” tagtha ar líon na gclár Gaeilge a chraoltar ar RTÉ ach go bhfuil gá le cláir cúrsaí reatha i nGaeilge a fhorbairt má táthar chun a ndualgais reachtúla a chomhlíonadh.

Dúirt Ó Domhnaill go bhfuil teagmháil rialta ar siúl ag a Oifig le RTÉ maidir le cur i bhfeidhm mholtaí imscrúdaithe a rinne sé in 2018 a léirigh gur sháraigh RTÉ na dualgais atá orthu i leith na Gaeilge faoin Acht Craolacháin.

Dúirt sé go bhfuil ardú suntasach tagtha ar líon na n-uaireanta an chloig Gaeilge a bhíonn ar theilifís RTÉ le blianta beaga anuas ach go raibh “go leor oibre” le déanamh chun go mbeadh an craoltóir ag cloí lena dhualgais i leith na teanga.

De réir staitisticí RTÉ, 123 uair an chloig de chláir as Gaeilge a craoladh in 2017 agus breis is 900 uair an chloig a bhí i gceist in 2021. B’ionann é sin is 50% níos mó ná an 600 uair an chloig a bhí geallta, a deir an craoltóir.

Beidh clár cúrsaí reatha Gaeilge ar RTÉ an bhliain seo chugainn, an chéad uair le breis is 20 bliain go mbeidh a leithéid acu.

Fág freagra ar 'RTÉ ‘an-sásta’ le clár faisnéise Gaeltachta a mheall 25% den lucht féachana náisiúnta '