Rio 2016/Clár an lae: Na hÉireannaigh a bheidh san iomaíocht inniu…

Tá eolas anseo faoi na hÉireannaigh uile a bheidh san iomaíocht inniu ag na Cluichí Oilimpeacha, faoi cé air ba cheart súil a choinneáil agus faoi na himeachtaí móra eile i Rio inniu

Rio 2016/Clár an lae: Na hÉireannaigh a bheidh san iomaíocht inniu…

Peter Caruth, Éire. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Dé Sathairn, 6 Lúnasa

 

Rámhaíocht Rio banner.-

12:30i.n. – Sanita Puspure – Bád Aonair (Réamhbhabhta)

Rothaíocht Rio banner

1.30i.n. – Dan Martin & Nicholas Roche – Rás Bóthair

Seómharcaíocht-Rio-banner

2.00i.n. – Claire Abbott, Jonty Evans, Mark Kyle & Padraig McCarthy – Seómharcaíocht Foirne & Seómharcaíocht Aonair (Eachaíocht)

Gleacaíocht Rio banner.

2:30i.n. – Kieran Behan (Babhta Cáilithe)

Haca Rio banner.

3.00i.n. – Éire v an India – Grúpa B (Cluiche 1)


Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy
Dan Martin. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Iomaitheoir an lae – Dan Martin

I ndiaidh an rás bóthair tráthnóna inniu a bhronnfar na chéad bhoinn sna Cluichí Oilimpeacha agus tá seans ann go mbeidh Éireannach ar an ardán. Beidh Dan Martin agus Nicolas Roche ag glacadh páirt sa rás ach is ag Martin atá an deis is fearr bonn a bhuachan.

D’éirigh go maith le Martin sa Tour de France cúpla seachtain ó shin agus feilfidh leagan amach cnocach an chúrsa dó. Tá a chumas léirithe aige i rásaí aon lae agus an Liège–Bastogne–Liège agus an Giro di Lombardia buaite aige.

Is ar leithéidí Alejandro Valverde, Vincenzo Nibali agus Chris Froome is mó a bheidh faire, ach níor cheart go mbeadh Martin i bhfad as marc ag an deireadh.

Rogha an lae…

Beidh neart bonn eile á mbronnadh ar an gcéad lá seo de na Cluichí ach mura bhfuil spéis ar leith agat i lámhach, júdó, saighdeoireacht, pionsóireacht nó sa gcrochadh meáchain, is beag eile a bheidh ar siúl. Beidh laochra an NBA ag imirt san oíche anocht agus na Stáit Aontaithe ag tabhairt aghaidh ar an tSín sa chispheil ag 11.00i.n.

Iadsan atá ag iarraidh beagáinín obair bhaile a dhéanamh, beidh Artur Hovhannisyan na hAirméine agus Samuel Carmona Heredia na Spáinne ag tabhairt aghaidh ar a chéile sa chró dornálaíochta ag 3.30i.n. Beidh an buaiteoir á fhéachaint le Paddy Barnes na hÉireann ar an Luan.

Fág freagra ar 'Rio 2016/Clár an lae: Na hÉireannaigh a bheidh san iomaíocht inniu…'