Rialú déanta ar chostais cúirte

Na Coimisinéirí Ioncaim a chaithfidh costais an Choimisinéara Teanga a íoc i gcás Ard-Chúirte

An Breitheamh Colm Mac Eochaidh
An Breitheamh Colm Mac Eochaidh

Tá ordú déanta san Ard-Chúirt ar maidin go gcaithfidh na Coimisinéirí Ioncaim na costais ar fad a íoc maidir leis an ndúshlán a thugadar i gcoinne cinnidh de chuid an Choimisinéara Teanga faoi úsáid na Gaeilge agus iad i mbun cumarsáide leis an bpobal i  gcoitinne.

Dhá noiméad a mhair éisteacht na maidne agus rialaigh an Breitheamh Colm Mac Eochaidh gur faoi na Coimisinéirí Ioncaim a bheadh sé costais an Choimisinéara Teanga a íoc chomh maith lena gcuid féin.

Ní heol cá mhéad a bheidh i gceist ach deir foinisí iontaofa le Tuairisc.ie go bhféadfadh an bille iomlán do chás Ard-Chúirte den chineál seo a bheith idir €75,000 agus €100,000.   

Bhain an cás a héistíodh roimh Nollaig le faisnéis faoin gcáin mhaoine áitiúil a dháil na Coimisinéirí Ioncaim ar an bpobal i gcoitinne idir 2012 agus 2013.

Dáileadh an fhaisnéis ar 1.6m teach ar fad, ach níor dáileadh leagan Gaeilge di ach ar roinnt bheag mílte duine.

Chinn an Coimisinéir Teanga ag an am, Seán Ó Cuirreáin, gur sárú ar fhoráil de chuid Acht na dTeangacha Oifigiúla a bhí ann nach raibh an fháisnéis ar fad dátheangach. Thacaigh an Ard-Chúirt leis an gcinneadh sin an mhí seo caite agus diúltaíodh d’achomharc na gCoimisinéirí Ioncaim.

Tá fáilte curtha ag an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Dómhnaill, roimh chinneadh na hArd-Chúirte ar maidin.

An tAbhcóide SinsearachSéamus Ó Tuathail agus an dlíodóir Antoin Delap a bhí ag feidhmiú don Choimisinéir Teanga agus an tabhchóide Ben Ó Floinn a bhí ag láithriú do na Coimisinéiri Ioncaim.

Fág freagra ar 'Rialú déanta ar chostais cúirte'