Réiteach ar aighneas deontais agus an t-iomlán le híoc le hAmharclann Ghaoth Dobhair taobh istigh de chúpla lá

D’éirigh idir lucht stiúrtha na hAmharclainne agus Roinn na Gaeltachta níos luaithe i mbliana mar gheall ar choinníollacha bronnta an deontais ach fuair an Coiste scéala le deireanas go n-íocfar an t-iomlán

Réiteach ar aighneas deontais agus an t-iomlán le híoc le hAmharclann Ghaoth Dobhair taobh istigh de chúpla lá

Tá Coiste Amharclann Ghaoth Dobhair agus Roinn na Gaeltachta tar éis teacht ar réiteach faoi cheist an deontais a ceadaíodh d’athchóiriú na hAmharclainne anuraidh.

Dúirt Cathaoirleach Choiste Amharclann Ghaoth Dobhair, Pól Mac Cumhaill, le Tuairisc.ie go bhfuil “lúcháir” ar an gcoiste go bhfuil “achan rud socraithe agus críochnaithe” agus an scéala faighte ón Roinn go bhfuil an deontas a ceadaíodh le híoc ina iomlán.

D’éirigh idir lucht stiúrtha Amharclann Ghaoth Dobhair, a athosclaíodh níos luaithe i mbliana, agus Roinn na Gaeltachta nuair a tháinig sé chun solais go raibh an Roinn ag iarraidh méid an deontais a bronnadh ar choiste na hAmharclainen a ghearradh, ag ráta €400 ‘in aghaidh an lae’, toisc nár críochnaíodh an obair athchóirithe in am.

Bhí cruinnithe ar siúl an mhí seo caite agus súil ag an dá dhream an cheist a réiteach.

“Fuair muid an scéala ón Roinn go mbeidh an deontas iomlán le híoc. Buíochas le Dia go bhfuil sé réitithe agus go bhfuil achan rud socraithe. Níor tugadh aon mhíniú ar an gcinneadh, maram gur míthuiscint a bhí ann ón tús. Tá lúcháir orainn go bhfuil an rud réitithe,” a dúirt Pól Mac Cumhaill.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil an deontas ina iomlán le híoc taobh istigh de chúpla lá.

Ba é an tiarAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Joe McHugh a cheadaigh an deontas don Amharclann an chéad lá riamh — cinneadh ar bhain conspóid nach beag leis. Ba é McHugh a d’oscail an Amharclann athchóirithe go hoifigiúil níos luaithe i mbliana i ndiaidh don áit a bheith dúnta le 10 mbliana.

Dúirt McHugh, ag bhí ag obair leis an Aire Stáit Seán Kyne le teacht ar réiteach na faidhbe seo, go bhfuil “lúcháir” air go bhfuil na fadhbanna socraithe agus ghabh sé buíochas le Seán Kyne, Pól Mac Cumhaill, agus Coiste na hAmharclainne “as a dtiomantas” don togra.

“Is áis den scoth í an Amharclann do cheantar Ghaoth Dobhair agus don chontae ina iomláine. Tá tábhacht nach beag ann do chur chun cinn na Gaeilge in athoscailt na hAmharclainne agus is cinnte go rachaidh sé chun tairbhe go mór do cheantar Ghaoth Dobhair,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Réiteach ar aighneas deontais agus an t-iomlán le híoc le hAmharclann Ghaoth Dobhair taobh istigh de chúpla lá'