Reifreann ar an uachtaránacht roimh Mheiriceá ach cé acu ar sheal Biden nó tréimhse Trump a thabharfar breith

Feicfear i dtorthaí na dtoghchán lár téarma an bhfuil an gnáthMheiriceánach chomh tógtha faoi cheisteanna na ngunnaí agus an ghinmhillte agus a thugtar le fios sna meáin

Reifreann ar an uachtaránacht roimh Mheiriceá ach cé acu ar sheal Biden nó tréimhse Trump a thabharfar breith

Is dóigh gur beag toghchán nach ndeirtear faoi go bhfuil sé cinniúnach ach ní bréag ar bith go mbeidh na toghcháin lár téarma sna Stáit Aontaithe a reáchtálfar ceithre mhí ón lá inniu tábhachtach. Tá an tír deighilte, cráite ag a bhfuil ag tarlú le breithiúnais na Cúirte Uachtaraí, faoi bhrón ag sraith sléachtanna gunna agus ceal dóchais faoi chumas an Uachtaráin reatha aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí atá sa tír. Tá an tsaoirse faoi ionsaí, a dúirt Joe Biden ina aitheasc ar an 4 Iúil agus dimpigh sé ar dhaoine cuimhneamh ar na bagairtí ar an Daonlathas agus iad ag tabhairt aghaidh ar na bothanna i mí na Samhna.

Toghfar an 435 comhalta i dTeach na nIonadaithe agus 35 Seanadóir ar an 8 Samhain. Tá farasbarr ag na Daonlathaigh sa Teach faoi láthair – 221 suíochán acusan agus 209 ag na Poblachtánaigh. Glactar leis i gcónaí go ndéanfar dochar do sheasamh pháirtí an Uachtaráin reatha i dtoghcháin lár téarma. Sa Seanad is spéisiúla atá an cás – tá 50 suíochán ag chaon pháirtí agus iad deighilte go hiomlán ar bheagnach chuile ábhar faoin spéir.

Anuas air sin, ní leor móramh simplí sa Seanad le reachtaíocht a rith, go háirithe ar cheisteanna conspóideacha. Teastaíonn tacaíocht 60 Seanadóir le leasuithe suntasacha a dhéanamh agus an chaoi go bhfuil cúrsaí faoi láthair i bpolaitíocht na Stát Aontaithe is annamh a bhíonn an tacaíocht traspháirtí le fáil. Sin an fáth gur deineadh an oiread iontais le gairid faoin reachtaíocht a bhain le smacht a chur ar ghunnaí – an chéad reachtaíocht dá leithéid le deich mbliana fichead.

Beidh na toghcháin seo bunaithe ar thorthaí an daonáirimh in 2020 agus athruithe dá réir sna toghcheantair – an próiseas ar a dtugann na Meiriceánaigh ‘redistricting’. Baineann an dá pháirtí leas (aimhleas) as an bpróiseas seo lena gcuid cumhachta féin a neartú; ceaptar gur mó tairbhe a bheidh sna ceantair nua i mbliana do na Poblachtánaigh. Tá an próiseas beo le cásanna cúirte an babhta seo mar thoradh ar mhíshástacht leis na línte nua agus soiscéal Donald Trump go bhfuil próiseas toghchánaíochta na tíre lán le caimiléireacht.

Idir an dá linn tá ionsaí marfach eile tarlaithe an tseachtain seo i Chicago ag paráid an 4 Iúil. Tá a breithiúnas tugtha ag an gCúirt Uachtarach le tuilleadh saoirse a thabhairt dóibh siúd ar mian leo gunnaí a iompar.

Dúirt Nancy Pelosi agus Joe Biden go mbeadh cearta ginmhillte i gcroílár an fheachtais toghcháin. Mar atá an teach na comhdhála faoi láthair níl seans faoin spéir ann go rachaidh leasuithe ar an dlí tríd an Seanad. Más tada é, is tuilleadh easaontais a chothóidh sé i measc an phobail má bhíonn aisiompú Roe v Wade lárnach sa bhfeachtas. Tá súil ag na Daonlathaigh go ndéanfaidh sé tairbhe dóibhsean go bhfuil alltacht ar sciar mór den phobal faoi bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí sa gcás sin. Tá alltacht ann freisin faoin méid atá ag teacht chun solais faoi eachtraí Eanáir 6 agus ról Donald Trump san eachtra ar fad.

An cheist mhór – an bhfuil an gnáthMheiriceánach chomh tógtha faoin gceist sin agus a thugtar le fios dúinn sna meáin? Tá na fadhbanna i Meiriceá chomh mór ag an tráth seo gur deacair a shamhlú go mbeadh mórán ag déanamh tinnis don daonra in áiteacha ar nós Pennsylvania nó Florida. Glactar leis gur reifreann ar an uachtarán reatha a bhíonn sna toghcháin lár téarma – cá bhfios i mbliana nach ar an uachtarán reatha agus ní ar an té a bhí sa Teach Bán roimhe a bheidh na vótóirí ag smaoineamh?

Fág freagra ar 'Reifreann ar an uachtaránacht roimh Mheiriceá ach cé acu ar sheal Biden nó tréimhse Trump a thabharfar breith'

  • Lillis Ó Laoire

    An-achoimre go deo ar na cruacheisteanna, mar is iondúil ó Mháirín Ní Ghadhra.