Rás aisteach agus cás aisteach Fhine Gael

Céard is fiú rás a rith más léir do chách a thoradh tar éis cúpla coiscéim?

Rás aisteach agus cás aisteach Fhine Gael

Leo Varadkar. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Toghfar Leo Varadkar mar chomharba ar Enda Kenny seachtain ón Aoine. Agus toghfar mar Thaoiseach é ina dhiaidh sin, mar is eol do gach duine sa tír.

Ní foláir mar sin ceist ghéar a chur faoin dráma ina mbeidh Varadkar agus a chéile comhraic Simon Coveney páirteach go dtí sin: cén tairbhe a bhainfidh (a) Fine Gael agus (b) an tír as? Seo a leanas iarracht ar an gcéad chuid den cheist a fhreagairt. Pléifimid leas na tíre ina dhiaidh sin.

Poiblíocht

Is breá le gach páirtí rialtais aird a tharraingt orthu féin nuair a bhaineann an aird leis an todhchaí seachas freagracht reatha. Má bhreathnaítear ar thoghadh ceannaire trí shúile Theachta Dála, is deacair é a shárú mar sin, is é sin má sheachnaítear eascairdeas a mhairfidh ina dhiaidh.

Cead cainte don chosmhuintir Tabharfaidh na cruinnithe toghchánaíochta atá á reáchtáil ag Fine Gael i mBaile Átha Cliath anocht (agus i gCeatharlach, i mBéal Átha na Sluaighe agus i gCorcaigh ina dhiaidh sin) deis do ghnáthchomhaltaí tuairimí a nochtadh agus ceisteanna a chur ar an gceannaire nua.

Faoiseamh

Tá géarcheisteanna á gcur i leataobh faoi láthair. Ó thaobh an rialtais de, beidh roghanna crua le déanamh i gcáinaisnéis an fhómhair. Ó thaobh an pháirtí de, beidh dúthracht as cuimse riachtanach leis na suíocháin Dála a cailleadh san olltoghchán (26 ceann san iomlán) a fháil ar ais.

Admhaíonn corrdhuine i bhFine Gael go príobháideach go bhfuil dainséar ag baint leis na buntáistí seo. Thóg sé trí mhí ar Enda Kenny an ráiteas críochnúil imeachta a gheall sé ar feadh an ama sin a eisiúint faoi dheireadh. Tógfaidh sé coicís eile, ar a laghad, sara mbeidh an fear nua i seilbh oifig an Taoisigh.

Cuimhnítear fós ar mhall-imeacht Bhertie Ahern in 2008 agus ar an dochar a rinne sé d’údarás a chomharba Brian Cowen. Anois, níl aon chosúlacht idir cás na tíre an uair sin agus an riocht ina bhfuil sí anois. Ach ní chabhróidh mall-imeacht Enda Kenny ach oiread lena chomharba ná lena pháirtí. De ghnáth, ní maith leis an bpobal moill.

Tá moladh tuillte ag Varadkar agus Coveney as ucht ráitis ghinearálta polasaí a dhréachtú. Ní haon locht ar cheachtar cáipéis é a rá nach gcuirfear polasaí ar bith atá molta acu i bhfeidhm roimh olltoghchán mura bhfaigheann sé cóir ghaoithe, ar a laghad, ó Fhianna Fáil.

Is doimhne agus is tromchúisí laige eile atá soiléir i moltaí na beirte. Ba mhaith leo araon breis airgid a chaitheamh ar iliomad ábhar (sláinte, tithíocht, an córas iompair srl.). Ach deir siad araon go mbeadh sé mar aidhm acu dá dtoghfaí iad cáin a ísliú.

An chontrárthacht arís, i mbeagán focal: cáin níos ísle, caiteachas níos mó. Thapaigh Michael McGrath ó Fhianna Fáil an deis láithreach, tar éis dó an dá cháipéis a léamh, tagairt don chaoile airgeadais atá romhainn i 2018.

“Ní theastaíonn bréag-gheallúintí ná bréagdhóchas uainn,” a dúirt McGrath. I bhfírinne, is é bun agus barr an scéil nach mian le Fianna Fáil ná le páirtí mór ar bith a rá le vótóirí go mbeidh cáin nó táille breise éigin riachtanach má táthar chun méadú suntasach ar chaiteachas a chur i gcrích.

Tá Fine Gael ag teannadh le ré nua, ó thaobh pearsanra de. Ach beidh cur chuige airgeadais an cheannaire nua an-chosúil leis an gcur chuige a bhí i réim roimhe seo, cur chuige ar léir dúinn uilig a thoradh.

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'Rás aisteach agus cás aisteach Fhine Gael'