Rabhadh tugtha ag na póilíní d’imreoirí chumann CLG in Oirthear Bhéal Feirste a gcarranna a sheiceáil d’earraí amhrasacha

Gabhadh fear agus amhras faoi go raibh seilbh ar phléascáin aige agus thóg na póilíní trí charr chomh maith le trí rud a bhí curtha ar na carranna chun scrúdú  fóiréinseach a dhéanamh orthu

Rabhadh tugtha ag na póilíní d’imreoirí chumann CLG in Oirthear Bhéal Feirste a gcarranna a sheiceáil d’earraí amhrasacha

Tá rabhadh tugtha ag an PSNI faoi bhagairt d’imreoirí ó chlub nua Chumann Lúthchleas Gael in oirthear Bhéal Feirste a bhfuil cuid dá shuaitheantas i nGaeilge agus a bhfuil an gníomhaí teanga Linda Ervine ina cathaoirleach air.

Tá fear 54 bliain d’aois gafa ag na póilíní sa Tuaisceart agus amhras ann go raibh seilbh ar phléascáin aige.

Bhí práinn slándála ar pháirceanna imeartha Henry Jones i mBéal Feirste oíche Dé Céadaoin, áit a raibh CLG Oirthear Bhéal Feirste ag traenáil ag an am, agus fógraíodh gur tharla dhá eachtra eile ann aréir.

Thóg na póilíní trí charr, péire in Iarthar Bhéal Feirste agus ceann in oirthear na cathrach, chomh maith le trí rud a bhí curtha ar na carranna agus a bhfuil scrúdú  fóiréinseach á dhéanamh orthu.

Tá rabhadh tugtha anois ag an PSNI d’imreoirí an chumainn a bhí ag traenáil oíche Dé Céadaoin agus d’aon duine eile a bhí páirceáilte in aice le páirceanna imeartha Henry Jones ag an am a gcarranna a sheiceáil agus fios a chur ar na póilíní ar an bpointe má fheiceann siad aon rud a bhfuil amhras orthu faoi.

Dúirt an PSNI gur cheap siad go raibh baint ag na heachtraí uile le chéile agus gur coireacht fuatha sheicteach a bhí i gceist.

Gabhadh fear aréir ag teach in oirthear Bhéal Feirste agus amhras ann go raibh pléascáin a rinne sé féin ina sheilbh aige.

D’iarr an PSNI ar aon duine a bhí sa cheantar ag am agus a mbeadh tuilleadh eolais acu teagmháil a dhéanamh leo.

Tá sé mar aidhm ag bunaitheoirí CLG Oirthear Bhéal Feirste, a tháinig ar an bhfód mí Bealtaine, béim a chur ar an gcaidreamh trasphobail i mBéal Feirste.

I nGaeilge, i mBéarla agus in Ultais atá mana CLG Oirthear Bhéal Feirste agus is í Linda Ervine, Oifigeach Forbartha Gaeilge in Oirthear Bhéal Feirste agus aontachtóir, uachtarán an chumainn nua.

D’imir foirne de chuid an chumainn cluichí den chéad uair an mhí seo caite agus iad ag glacadh páirt i gcomórtais CLG an Dúin.

Fág freagra ar 'Rabhadh tugtha ag na póilíní d’imreoirí chumann CLG in Oirthear Bhéal Feirste a gcarranna a sheiceáil d’earraí amhrasacha'