‘Práinn’ le maoiniú chun íoc as costas Foras na Gaeilge aistriú go Sráid Amiens

Tá sonraí maidir le haistriú Foras na Gaeilge ó Chearnóg Mhuirfean go ceanncheathrú nua ar Shráid Amiens le fáil i gcáipéis a chuir an eagraíocht faoi bhráid Roinn na Gaeltachta le déanaí

‘Práinn’ le maoiniú chun íoc as costas Foras na Gaeilge aistriú go Sráid Amiens

Deir Foras na Gaeilge go bhfuil práinn ag baint le maoiniú a fháil ó Roinn na Gaeltachta chun sonraisc a bhaineann le haistriú cheannáras na heagraíochta go dtí Sráid Amiens a íoc.

Tá Foras na Gaeilge ag beartú chomh maith deontas de os cionn €130,000 a íoc leis an stáisiún raidió, Raidió na Life, chun cuidiú leo bogadh go dtí oifigí nua na heagraíochta trasteorann ar Shráid Amiens i dtuaisceart na príomhchathrach.

Deontas aon uaire a bheas anseo chun trealamh nua a cheannach. Tá sonraí an chaiteachais seo ar fáil i gcáipéis a sheol Foras na Gaeilge chuig an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ar an 16 Lúnasa.

Tá a thuilleadh sonraí sa cháipéis faoin gcostas a bhaineann le haistriú Fhoras na Gaeilge óna gceanncheathrú ar Chearnóg Mhuirfean go ceanncheathrú nua ar Shráid Amiens.

Breis is €150,000 an bille a bheidh le híoc as troscán don cheannáras nua. Maítear sa cháipéis go bhfuil práinn ag baint anois le billí a íoc i dtaobh aistriú na hoifige agus go bhfuil sonraisc le glanadh roimh dheireadh na míosa. I measc na sonrasc a luaitear tá €153,867 do throscáin a d’ordaigh Oifig na n-Oibreacha Poiblí ar son an Fhorais ón gcomhlacht Farrells. Maítear go bhfuil an praghas sin os cionn €150,000 níos saoire ná an chéad mheastachán a fuarthas do throscán na n-oifigí nua. 

Maítear sa cháipéis go bhfuil práinn ag baint leis an maoiniú seo a fháil ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta:

“Beidh orainn [Foras na Gaeilge] an maoiniú seo a bheith againn sa chuntais bainc ionas gur féidir na sonraisc seo a íoc gan baol ann go dtiocfaimid salach ar na rialacha maidir le prasíocaíochtaí agus ionas go gcinnteofar go ndéanfar an t-ábhar a sheachadadh chuig Sráid Amiens in am (ní dhéanfar an t-ábhar a sheachadadh gan íocaíocht).”

Bronnfar €133,215 ar Raidió na Life chun trealamh nua a cheannach. Tá an deontas aon uaire seo á cheadú mar chuid den chomhaontú foirmeálta maidir leis an aistriú oifige a rinne an Foras leis an stáisiún raidió Gaeilge. Maítear go bhfuil barántas ag Foras na Gaeilge sa chomhaontú seo gur féidir luach an trealaimh seo a éileamh ar ais sa chás nach mbeadh Raidió na Life ag leanacht leis an gcraolachán. Bhronn Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) ceadúnas  ar Chomharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta (Raidió na Life) anuraidh a mhairfidh go dtí an bhliain 2027.

Sa bhreis ar an gcostas seo tá sé i gceist ag Foras na Gaeilge €34,150 a chaitheamh ar dhoirse agus ar fhuinneoga ‘speisialta acústacha’.

Fág freagra ar '‘Práinn’ le maoiniú chun íoc as costas Foras na Gaeilge aistriú go Sráid Amiens'

  • Seosamh Ó Broin

    Dáiríre? An é seo Lá na nAmadán? €153,867 ar chathaoireacha agus deascanna – nach bhfuil aon mhaide troscáin ag éinne sa bhForas cheana féin? Agus beagnach €170,000 san iomlán le freastal ar Raidió na Life a ‘aistriú? Seo breis is €300,000 den airgead breise a bhain an Conradh amach don bhForas Nollaig na bliana seo caite agus féach mar atá sé á chaitheamh le haer acu. Ceap magaidh.