Tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun folúntais do Ghaeilgeoirí a athfhógairt i ndiaidh do Tuairisc.ie ceist a chur orthu faoi dhlíthiúlacht coinníoll teanga san fhógra.
Baineann an fógra le fostaíocht pháirtaimseartha ag plé le hachomhairc trí Ghaeilge, agus táille €400 in aghaidh an lae atá luaite leis an obair.
Deineadh an cinneadh na folúntais a athfhógairt i ndiaidh don Roinn dul i gcomhairle leis an gCoimisinéir Teanga faoin scéal.
Deirtear sa leagan Gaeilge den fhógra atá foilsithe ar shuíomh na Roinne go gcaithfidh daoine a bhfuil suim acu sna folúntais “an t-iarratas agus na doiciméid tacaíochta uile a sheoladh ar ais i mBéarla agus i nGaeilge araon”.
Ní raibh aon choinníoll teanga luaite sa leagan Béarla den fhógra.
I ndiaidh do Tuairisc.ie ceist a chur ar an Roinn an raibh siad buartha go bhféadfadh gur sárú ar an Acht Teanga é dualgas breise a leagan ar iarratasóir de bharr a rogha teanga, dúradh linn go raibh comhairle an Choimisinéara Teanga á lorg acu faoin scéal.
I ráiteas a d’eisigh an Roinn le Tuairisc.ie inné, dúradh go raibh an chomhairle sin faighte anois acu:
“Thug Oifig an Choimisinéara Teanga le fios dúinn gur cheart dúinn an fógra a dhéanamh athuair agus líne a chur ann ag tabhairt le fios go nglacfar le hiarratais i nGaeilge nó i mBéarla. Tá sé i gceist againn é seo a dhéanamh a luaithe agus is féidir linn,” a dúradh i ráiteas na Roinne Caiteachais Phoiblí.
Baineann na folúntais ar shuíomh na Roinne le ceapacháin chuig painéal oifigeach achomhairc a dhéanfaidh athbhreithniú ar chinntí ón gCoimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Tá an painéal á bhunú mar thoradh i dtaca ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015.
Deir an fógra gurb é cuspóir an phainéil ná soláthar a dhéanamh d’achomhairc a thiocfadh isteach i nGaeilge.
€400 in aghaidh an lae atá a lua leis an obair pháirtaimseartha a bhainfeadh le bheith mar oifigeach ar an bpainéal.
Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill nach nós dó trácht d’aon chás ar leith gan gearán a fháil faoi ón bpobal ar dtús.
Thug sé le fios, áfach, go bhfuil “sé de cheart ag ball den phobal go dtabharfadh comhlacht poiblí freagra i nGaeilge ar chomhfhreagras i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach a dhéantar sa teanga sin”.
“Ní féidir le comhlacht poiblí aon chonstaic ná caiteachas breise a leagan ar bhall den phobal de thoradh gur roghnaigh siad comhfhreagras a dhéanamh i dteanga oifigiúil de chuid na tíre seo.
“Is ar an gcomhlacht poiblí féin a thiteann an dualgas a chinntiú go bhfuil córais chuí in áit acu chun aistriúchán cruinn a dhéanamh sa chás go dteastódh sin uathu. Leagadh síos an bun phrionsabal seo in imscrúdú a rinne an Oifig le linn na bliana 2008,” a dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.
Fág freagra ar 'Poist do Ghaeilgeoirí le fógairt arís ag an Roinn Caiteachais Phoiblí tar éis éilimh ar iarratais i mBéarla'