Tá aip ann le haghaidh chuile shórt.
Tá aip ann, leis, a chuirfidh ar an eolas thú má bhíonn do mháthair tar éis drochthitim a bheith aici san ionad cúraim ina bhfuil sí ina cónaí.
Ach níl an aip sin agam.
D’aon ghnó.
Nuair a bhí mo mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, fós ina cónaí sa bhaile, bhí aip dá leithéid ag na cúramóirí a thugadh aire di ina teach féin; ba é sin an bealach cumarsáide a bhí ag na cúramóirí ní hamháin eatarthu féin ach linne – liom féin agus le mo dheartháir óg.
Bhínn céasta ag na fógraí a chuireadh an aip chéanna chugam ar mo ghuthán agus tríd an ríomhphost. Thagadh seacht nó ocht gcinn acu aníos ar mo scáileán gach lá, agus bhaineadh mórchuid acu leis an gceist phráinneach seo: an é go raibh cat mo mham ag iompar, nó an amhlaidh nach raibh ann ach go raibh sí ramhar? (Bhí sí ramhar, agus tá fós.)
Ach bhí drochthitim ag mo mháthair san ionad cúraim Déardaoin seo a chuaigh thart, agus ní bhfuair mé amach faoi go dtí go ndeachaigh mé ar cuairt chuici tráthnóna Aoine.
‘Bhí sé san aip,’ a dúradh liom nuair a d’fhiafraigh mé cén fáth nár cuireadh glaoch orm faoin scéal (is mise an príomhtheagmhálaí).
Ba é an chaoi gur thit sí agus í ag iarraidh éirí de chathaoir sa seomra suí coiteann. Ar ámharaí an tsaoil níor bhris sí cnámh agus níor bhuail sí a cloigeann, ach baineadh geit chomh mór sin aisti nár éirigh léi aon rud a ithe ar feadh dhá lá agus nach n-éiríonn léi siúl le teann faitís.
Ach an rud is mó a thabharfá faoi deara ná an dímhothú, nó b’fhéidir gurbh fhearr a rá: díláthair na hintinne. Tá sí ann go fisiciúil, ach tá a meabhair in áit éigin eile ar fad.
Is aisteach an chaoi a gcoinníonn an cholainn uirthi ag feidhmiú fiú nuair atá an intinn sa riocht sin. Ag am lóin inné, agus mé ag tabhairt spúnóga den anraith muisiriún di agus píosaí aráin smeartha le cáis uachtair, d’osclaíodh sí a béal agus chogain an bia, ach frithluaileacha fisiciúla uilig a bhí ann – bhí a hintinn as láthair.
Thóg sé daichead nóiméad an t-arán agus an t-anraith sin a thabhairt ina béal di, breis is mo dhóthain ama chun mo mhachnamh a dhéanamh, arís, faoin gceist seo: ar chóir dom an aip sin a íoslódáil sa deireadh thiar thall le go mbeidh mé ar an eolas ar an bpointe boise faoi chuile rud beo a bhaineann le mo mháthair, rudaí ar nós ‘bhí dhá shlisín aráin aici maidin inniu agus ubh bhruite’ san áireamh?
Agus rith sé liom nach bhfuil san aip sin agus in go leor aipeanna eile dá leithéid ach iarrachtaí fánacha de chuid an duine smacht a choinneáil ar chúrsaí nach bhfuil smacht ag an duine orthu; córais atá ceaptha suaimhneas intinne a thabhairt dúinn ach a líonann ár gcuid scáileán le pointí beaga dearga agus ár gcuid cluas le bípeanna bagracha.
Lena chois sin tháinig mé ar an tuiscint, agus mo máthair ag sleamhnú isteach i staid nua den ghalar Alzheimer a fhágfaidh níos leochailí fós í, gur gá dom a saol sise agus mo shaol féin a choinneáil scartha óna chéile; mura ndéanfad sin, ní bheidh mórán de shaol fágtha agam féin.
Fág freagra ar 'Pointí beaga dearga agus bípeanna bagracha – aip an ionaid chúraim'