Plean chun an Ghaeilge a shábháil ón ‘bás digiteach’ le foilsiú  

Seolfar in Áras Chrónáin i gCluain Dolcáin inniu Plean Digiteach don Ghaeilge ar thug an Rialtas a bheannacht dó le déanaí

Plean chun an Ghaeilge a shábháil ón ‘bás digiteach’ le foilsiú  

Foilseofar inniu Plean Digiteach don Ghaeilge ina leagfar amach straitéis an Rialtais chun an Ghaeilge a shábháil ón ‘bás digiteach’.

Deir Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, go bhfuil an plean nua “ríthábhachtach” chun “go mairfidh an teanga i bhfad na haimsire”.

Mar chuid den phlean nua beifear ag moladh “tacaíocht” a fháil “ó ghnólachtaí móra teicneolaíochta” don Ghaeilge agus do phobal na Gaeilge.

Seolfar in Áras Chrónáin i gCluain Dolcáin inniu an plean ar thug an Rialtas a bheannacht dó le déanaí.

Is é aidhm an Plean Digiteach don Ghaeilge “bonneagar fadtéarmach taighde agus forbartha” a chur faoin nGaeilge i saol na teicneolaíochta.

Tá os cionn 100 moladh sa phlean nua a bhfuil sé mar aidhm aige deiseanna nua oideachais, fiontraíochta agus fostaíochta a chur ar fáil i réimse na teanga.

Tá béim mhór ann ar mholtaí maidir le conas an teicneolaíocht a chur ag obair chun leasa mhúineadh agus foghlaim na Gaeilge.

Tá €1 milliún á chur ar leataobh chun tús a chur leis an bplean ach meastar go mbeidh infheistíocht mhór ag teastáil má táthar chun feidhm a thabhairt do na moltaí.

Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath a d’ullmhaigh an plean i gcomhar le Roinn na Gaeltachta.

Moltar forbairtí sa phlean sna réimsí seo: an ghlórshintéis; an ghlóraithint; an meaisínaistriúchán; an ríomhoideachas; an teicneolaíocht do dhaoine faoi mhíchumas; agus na meáin shóisialta.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers le déanaí go raibh forbairt an phlean “ríthábhachtach ionas go mairfidh an teanga i bhfad na haimsire”.

“Mura ndéanfar a leithéid de bheart, tá baol ann go bhfágfar an teanga taobh thiar ó thaobh na teicneolaíochta de,” a deir sé.

Deich mbliana ó shin, foilsíodh an tuarascáil taighde An Ghaeilge sa Ré Dhigiteach inar maíodh go raibh an baol ann gurb é an ‘bás digiteach’ a bheadh i ndán don Ghaeilge mura gcuirfí dóthain acmhainní digiteacha ar fáil di.

Cé go bhfuil forbairtí áirithe déanta i leith chás na Gaeilge sa saol digiteach ó shin meastar go bhfuil gá le forbairtí móra eile ionas go bhfanfaidh an Ghaeilge “gob ar ghob le teangacha eile na linne”.

Fág freagra ar 'Plean chun an Ghaeilge a shábháil ón ‘bás digiteach’ le foilsiú  '

  • Seanán Ó Coistín

    Níor cheart a shamhlú go bhfuil an Ghaeilge i mbaol bás digiteach a fháil. Tá neart táirgí agus seirbhísí ann agus tá tuilleadh ar na bacáin. Is fearr an scéal a mhíniú go bhfuil sé tábhachtach deimhin a dhéanamh an Ghaeilge a choinneáil bord ar bhord le teangacha móra ó thaobh na ríomhaireachta de. Ní móide go bhfuil sí chun bás a fháil. Níl ag teastáil ach deimhin a dhéanamh de go ndéantar táirgí i nGaeilge.