Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Pádraig Hamilton – ‘Tá an Ghaeilge in uachtar i gcónaí – ní hí an teanga chéanna atá ann, mar ní hé an saol céanna atá ann’

San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le Pádraig Hamilton, oideachasóir as Corcaigh a bhfuil ceangal leathchéad bliain aige le Corca Dhuibhne

Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Pádraig Hamilton – ‘Tá an Ghaeilge in uachtar i gcónaí – ní hí an teanga chéanna atá ann, mar ní hé an saol céanna atá ann’

Don eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, chuaigh Helen go dtí Corcaigh chun labhairt le Pádraig Hamilton, Corcaíoch a bhfuil dlúthcheangal aige le Corca Dhuibhne agus le Dún Chaoin go háirithe ó thosaigh sé ag dul ann sna caogaidí.

Labhraíonn Pádraig ar an nGaeltacht mar a bhí agus mar atá, ar na pearsana móra a raibh aithne aige orthu i nDún Chaoin, agus ar chúrsaí litríochta agus polaitíochta.

Pléann siad chomh maith cúrsaí oideachais agus an mheánscoil a bhunaigh athair Phádraig i nDroichead na Bandan i 1940, Ardscoil Uí Urmoltaigh, nó Hamilton High, scoil atá sa chóras saoroideachais ach atá fós i seilbh mhuintir Hamilton.

Déanann siad paiste cainte chomh maith faoin ngean atá ag Pádraig ar Naomh Carlo Acutis.

Seo an t-eagrán deireanach sa chéad sraith de ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé’, sraith speisialta agallamh ó ‘An Pod Gaeilge’ ina labhraíonn an sárchraoltóir le daoine éagsúla faoina scéalta éagsúla. Beidh Helen ar ais leis an dara sraith go luath!

Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Pádraig Hamilton – ‘Tá an Ghaeilge in uachtar i gcónaí – ní hí an teanga chéanna atá ann, mar ní hé an saol céanna atá ann’'