Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Bríd Ní Neachtain – ‘I Ros Muc a fhaighim inspioráid – siad mo mhuintir féin iad’

San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le Bríd Ní Neachtain, an t-aisteoir iomráiteach as Gaeltacht Chonamara

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Bríd Ní Neachtain – ‘I Ros Muc a fhaighim inspioráid – siad mo mhuintir féin iad’


San eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…’, labhraíonn Helen le Bríd Ní Neachtain, an sár-aisteoir as Gaeltacht Chonamara, faoi cheird na haisteoireachta agus saol an aisteora, faoi thábhacht agus áilleacht na Gaeltachta, faoi Ros Muc agus Broadway, TG4 agus Amharclann na Mainistreach.

Pléann siad na difríochtaí idir obair stáitse agus obair scáileáin agus an borradh atá faoi scannáin Ghaeilge. Labhraíonn Bríd faoi bheith ag obair le Brien Friel agus Martin McDonagh agus faoin meas atá aici ar a saothar.

Ar deireadh déanann Helen agus Bríd paiste cainte faoin thuas seal thíos seal a bhaineann le bheith i d’aisteoir, faoin dúshlán a bhaineann le guth na mban a chur in iúl i saol na haisteoireachta, faoin misneach a thagann le haois agus faoina bheith mórtasach as gan ‘aon tóin a líochán riamh’.

Fág freagra ar 'Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Bríd Ní Neachtain – ‘I Ros Muc a fhaighim inspioráid – siad mo mhuintir féin iad’'