‘OXI’ na Gréige: caithfear éisteacht, caithfear gníomhú

Caithfidh an Eoraip seasamh leis an nGréig. Ach caithfidh an Ghréig seasamh leis an Eoraip freisin

20150703_Greek_Referendum_Demonstration_for_NO_syntagma_square_Athens_Greece

Tá a bhfreagra tugtha ag muintir na Gréige.

Is féidir le duine sotal a chur ina leith agus iad i ndiaidh diúltú do lámh chúnta na hEorpa, nó is féidir le duine féachaint orthu mar shlánaitheoirí an daonlathais san Eoraip.

Níl m’intinn féin déanta suas agam.

Ach dáiríre píre, is cuma sa tsioc cén dearcadh atá ag duine. Tá rud amháin cinnte: caithfear teacht ar chomhréiteach, agus caithfear gníomhú. Go práinneach.

Ní bheadh sé sásúil eacnamaíocht na Gréige a scriosadh le tuilleadh beartais déine.

Ní bheadh sé sásúil ach an oiread iarraidh ar cháiníocóirí thuaisceart na hEorpa tuilleadh airgid a dhoirteadh isteach sa Ghréig gan aon bharántas ann go n-íocfaí an t-airgead sin ar ais.

Ach ní bheadh sé sásúil go háirithe droim láimhe a thabhairt do thogra mór na hEorpa, is é sin le rá, don aisling a bhí ag bunaitheoirí an Aontais, a chreid gurb é an t-aon rud amháin a shábhálfadh an taobh seo den domhan ar an tsíorchogaíocht ná aontas daonlathach Eorpach.

Agus ní gá ach breathnú ar an achrann san Úcráin, ar an sléacht sa tSiria agus ar thragóid na dteifeach sa Mheánmhuir – críocha nach bhfuil i bhfad ón nGréig – le tuiscint go bhfuil an Eoraip níos gaire ná riamh do bhruach an duibheagáin agus don chliseadh morálta. Seo é an dúshlán is mó rompu ó tháinig deireadh leis an gCogadh Fuar.

Is ar an ábhar sin a chaithfidh an Eoraip seasamh le muintir na Gréige. Caithfear a chinntiú go dtiocfaidh feabhas ar chaighdeán an tsaoil sa tír sin gan mhoill agus chuige sin caithfear a chinntiú go bhfanfaidh an tír i gcóras an euro.

Ach caithfidh an Ghréig seasamh leis an Eoraip freisin.

Caithfidh muintir na tíre sin, agus polaiteoirí na tíre sin go háirithe, a thuiscint nach í an Ghréig, ná na tíortha eile a raibh ar an troika teacht i gcabhair orthu, nach iad amháin atá ag fulaingt de bharr na géarchéime.

Caithfidh muintir na Gréige, agus polaiteoirí na Gréige go háirithe, a thuiscint nach réitíonn an fuath i gcoinne na Gearmáine a léiríodh san fheachtas ‘OXI’ rud ar bith.

Caithfidh muintir na Gréige, agus muintir na hEorpa ar fad, a thuiscint nach é an náisiúnachas gránna a chonaic muid sa chuid is gáifí den fheachtas ‘OXI’ a thabharfas an mhór-roinn seo slán ach an cur le chéile.

 

Fág freagra ar '‘OXI’ na Gréige: caithfear éisteacht, caithfear gníomhú'