Ón Siege of Jadotville go Hell or High Water – súil siar ar chuid de na scannáin is fearr in 2016

Ba é Spotlight scannán na bliana agus níorbh aon iontas gur chroch sé leis an duais don scannán is fearr oíche na nOscar…

Ón Siege of Jadotville go Hell or High Water – súil siar ar chuid de na scannáin is fearr in 2016

NA SCANNÁIN ‘ÉIREANNACHA’ IS FEARR

Siege of Jadotville

Scannán a seoladh ar Netflix i mí Mheán Fómhair agus a thugann cuntas ar an luíochán a cuireadh ar chomplacht d’Óglaigh na hÉireann sa Chongó i 1961. Buaileam sciath, aicsean, Jamie Dornan mar cheann feadhna, Mark Strong mar Conor Cruisie O’Brien agus é bunaithe ar fhíorscéal a deineadh a cheilt ar feadh na mblianta. Taispeántas cumasach ó Dornan, mar is dual dó, cé go ndeachaigh canúint Chiarraí sa bhfraoch air ar uairibh.

The Young Offenders

Cé nach raibh sé gan locht ní fhéadfaí gan an táirge Éireannach seo a lua. Beirt leábharaicí ó chathair Chorcaí ar bóiléagar in iarthar Chorcaí is iad sa tóir ar lastas drugaí atá imithe amú. Carúlacha grinn á gcaitheamh ar dalladh i gcanúint láidir Chorcaí. An scéal easnamhach ach taispeántais chuidsúlacha ón mbeirt cheann feadhna.

Mad Mary

Ba í 2016 an bhliain gur raideadh Seána Kerslake i lár an aonaigh. Tugann sí taispeántas thar na bearta uaithi anseo mar Mháire an teidil. Cailín ar leithligh í atá lán den drochmhianach, maslaí agus searbhas mar aon le bheith goilliúnach agus éiginnte inti féin. Cailín nár thug aghaidh ar a gnéasacht féin nó, nach bhfuil tuairim fén spéir aici faoi cá bhfuil a triall. Cailín a bhfuil leisce uirthi baois an déagóra a fhágáil ina diaidh. Cailín a chuir Kerslake ina steillbheatha os ár gcomhair sa saothar gruama, greannmhar seo.

Sing Street

Saothar misniúil, cróga é an scannán ceoil seo atá bunaithe ar dhéagóirí. Chinntigh an greann, an maoithneachas agus na taispeántais chumasacha gur bhaineamar taitneamh as an turas seo siar bóithrín na smaointe. Ceol le The Cure, A-ha, Duran Duran, The Clash, Hall and Oates, Spandau Ballet agus The Jam le cloisint.

NA SCANNÁIN IS FEARR

Spotlight

Scéal conspóideach, ach é fíor. Cliar chumasach, taispeántais ábalta. An scéal á do shú isteach. Baineann an scannán seo le himscrúdú an Boston Globe maidir le mí-úsáid ghnéis san eaglais Chaitliceach agus iarrachtaí córasacha, leanúnacha na heaglaise an fhírinne a cheilt. Is scannán é seo a bhainfidh d’anáil díot agus a chuirfidh drochmhianach ort.
Scannán na bliana, gan aon agó agus níorbh aon iontas gur chroch sé leis an duais don scannán agus an scríbhneoireacht is fearr oíche na nOscar.

The Big Short

Dá gcuirfeá do thóin ar an dtine n’fhéadfá aon chiall a dhéanamh den chastróvaics agus camastaíl a bhain leis an gcliseadh eacnamaíochta a cuireadh sa tsiúl i gceart nuair a chuaigh Lehman Brothers go tóin poill in 2008. Dhein an táirge seo eachtraí na tréimhse sin a chíoradh go réasúnta simplí agus le hacmhainn iontach ghrinn. Earcaíodh cliar chumasach agus thug Bale agus Carrell taispeántais den scoth uathu. ‘Mar a chéile an fhírinne agus an fhilíocht, agus is fuckin’ fuath le formhór na ndaoine filíocht.’ Bhí an duais Oscar don scríbhneoireacht (saothar cóirithe) tuillte go maith aige.

The Revenant

An scannán a thuill duais Oscar do Leonardo DiCaprio sa deireadh. Is scannán é seo a ghránn an réalachas agus a chloíonn leis go díograiseach, ealaíonta, brúidiúil ó thosach go deireadh. Ní haon iontas gur tugadh aitheantas Oscar do Alejandro G. Iñárritu chomh maith. Leanann an táirge seo carachtar DiCaprio is é ag iarraidh fanacht beo ar an iargúil tar éis do bhéar é a ionsaí agus a chomhghleacaithe é a thréigean.

Hell or High Water

Is geall le carachtar ann féin é iarthar Texas sa saothar suntasach seo. Téann beirt deartháireacha (Chris Pine agus Ben Foster) ar ruathar gadaíochta le feirm a muintire a tharrtháil ós na bainc. Atmaisféar suaithinseach agus carachtracht den scoth.

Fág freagra ar 'Ón Siege of Jadotville go Hell or High Water – súil siar ar chuid de na scannáin is fearr in 2016'

  • Fearn

    Is maith liom do léirmheasanna, a Bhreandáin. Maith an fear!

  • pleidhce

    suil an tseabhaic aige agus teanga liofa ghear