Oisín i ndiaidh na Féinne ag fálróid i gCathair na dTreabh agus é ag fanacht ar an 424

Agus an bus siar abhaile lán le linn Fhéile Ealaíon na Gaillimhe, chuaigh ár gcolúnaí ar fán ar chúlsráideanna na gcuimhní

Oisín i ndiaidh na Féinne ag fálróid i gCathair na dTreabh agus é ag fanacht ar an 424

Ag alpadh siar sceallóg Tigh Mhic Dhonnacha a bhíos, leathshúil agam ar an gclog mar go raibh bus le fáil agam sula i bhfad, nuair a shuigh fear síos trasna an bhoird uaim, pláta mór sceallóg agus éisc aige féin.

Bhí an áit ag cur thar maoil le cuairteoirí agus muintir na háite. Taobh liom ag an mbord roimhe sin, bhí beirt ón bhFrainc agus a ngasúr, spéis agam i dtuairim daoine ón tír úd a bhfuil cáil na beatha uirthi faoin iasc faoi fhuidreamh agus sceallóga.

Ach níor ghá ceist a chur, mar níor fhágadar aon cheo ina ndiaidh ar a bplátaí!

Trasna an bhoird uaim, bhí mo dhuine ag tabhairt faoin trosc faoi dheifir. Ach má bhí fonn ithe air, bhí fonn cainte air freisin.

Tiománaí bus a bhí ann agus é tagtha go Gaillimh as Doire an tráthnóna sin le grúpa turasóirí a bhí ar chamchuairt coicíse timpeall oileáin na hÉireann. Deamhan mórán a bhí ag tarlú i nDoire, ná i mBéal Feirste féin, a dúirt sé, i gcomparáid le Cathair na dTreabh.

An dara seachtain d’Fhéile Ealaíon na Gaillimhe a bhí ann agus amuigh ar Shráid na Céibhe bhí na sluaite ag gabháil thar bráid. “A sight of people,” a dúirt an tiománaí faoin slua, an focal “sight” ag tabhairt barúil dom gurbh as lár na tíre dó. Agus ní raibh dul amú orm.

Is beag turasóir a thugann cuairt ar an mbaile mór arb as dó, a dúirt sé, cé gurb áit ghleoite atá ann. Dar leis, is iad na turais seachtaine a théann trí lár na tíre agus iad ag filleadh ar Bhleá Cliath ón iarthar. Leanann na turais choicíse ó dheas tríd chontaetha an Chláir, Chiarraí, Chorcaí, Phort Láirge, Loch Garman agus Chill Mhantáin sula bhfilleann siad ar an ardchathair agus gan deis ar bith á tabhairt do na turasóirí radharc a fháil ar áilleacht lár na tíre.

Nuair a d’fhiafraíos den fhear an raibh sé i bhfad ina thiománaí bus, bhain a fhreagra siar asam.

Ó 1965, a dúirt sé. Ní raibh an chuma air go bhféadadh sé a bheith i mbun na hoibre úd chomh fada sin.

Ag tabhairt oilithreach go Cnoc Mhuire a bhíodh sé an tráth úd den chuid is mó, chuile Dhomhnach cuid mhaith den bhliain. Bhíodh roinnt turasóirí thart chomh maith, Meiriceánaigh a bhformhór, a dúirt sé.

Bhí am an bhus 424 ag teannadh linn agus d’fhágas slán leis an bhfear uasal. Níl tada bainte as an lá amárach fós, a dúirt sé agus fonn tuilleadh cainte air, ach bhailigh mé liom.

7.30pm a bhí ann agus an stad gar don Phóirse Caoch bainte amach agam. Ní fada go mbeadh an bus ar a bhealach siar.

Ba ón spota seo a cuireadh tús le mórshiúl spleodrach ‘Na Diabhail’ leis an mbuíon amharclainne Els Comediants as an gCatalóin, le linn Fhéile Ealaíon na Gaillimhe oíche Dhomhnaigh an 11 Lúnasa1985, iad ag scaipeadh trí shráideanna cúnga na cathrach agus ag cur iontais agus sceon de bheagán ar an bpobal sular fhilleadar ar an bPóirse Caoch.

Ní raibh a leithéid de thaispeántas mealltach anamúil feicthe i nGaillimh roimhe sin.

Bhí 1985 ar cheann de na chéad bhlianta ar reáchtáladh Féile Ealaíon na Gaillimhe sa samhradh. San earrach a bhí sí nuair a bunaíodh í i 1978 agus ar feadh tamall de bhlianta ina dhiaidh sin.

Tá roinnt daoine den tuairim gurbh é an seó sin ó Els Comediants thar aon cheann eile a chuir tús ceart le ré mhór na gcuairteoirí i nGaillimh, ré atá faoi lán seoil i gcónaí. An bhliain dár gcionn a bhunaigh fear Charna Páraic Breathnach agus fear Cheatharlach Ollie Jennings, agus daoine nach iad, an grúpa amharclainne Macnas agus is iomaí seó spleodrach atá curtha os comhair an phobail acu ó shin i leith. (Bhí dlúthbhaint ag Ollie Jennings le tús a chur le Féile Ealaíon na Gaillimhe, chomh maith.)

Ag cuimhneamh ar an oíche úd mí Lúnasa 1985, nuair a bhíodh an chathair tréigthe ag cuairteoirí de ghnáth i ndiaidh aimsir na rásaí, a bhíos is mé ag feitheamh ar an mbus.

Ach faoi 7.45 ní raibh aon amharc ar an 424 agus cuid againn ag éirí míshuaimhneach agus amhrasach go dtiocfadh sé ar chor ar bith. Timpeall orainn, bhí na sluaite ag dul anonn is anall, iad ar thóir siamsaíochta aagus áiteanna óil agus beatha.

Ansin, gan choinne, ón treo ina raibh súil leis an mbus, tháinig eileatram timpeall an chúinne agus é ag déanamh ar Dhroichead Wolfe Tone, bean óg aonair gléasta in éadaí dubha ag siúl go mall roimhe. Thuigeamar anois an mhoill ar an mbus.

Thart ar 40 duine a bhí ag siúl i ndiaidh an eileatraim agus carranna na gcaointeoirí á leanacht, iad tagtha ó theach tórraimh Irwin’s gar don Fhaiche Mhór. B’iontach agus ba shollúnta an radharc a bhí ann, na daoine ag siúl go measúil cóiriúil thar lucht an spraoi agus lucht feithimh bus, iad ag cloí le nós maorga atá níos sine ná aon fhéile ná aon bhus.

Choinníodar orthu trasna an droichid agus ansin chasadar ó dheas i dtreo Shéipéal  an Chladaigh. Má bhí cuairteoirí ar thóir dúchas agus meon na háite, ba dheacair sin a shárú.

Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur tháinig an 424 timpeall an chúinne. Ach má bhíomar sásta é a fheiceáil, ní fada a mhair an sásamh sin, mar bhí ‘Bus Full’ ar lasadh ar a chlár éadain agus bhailigh sé tharainn agus siúl faoi. Bhí daoine fágtha ina staic agus gan mórán dóchais ann go gcuirfí bus eile ar fáil.

Cén rogha a bhí ann ach dul ag fálróid timpeall na cathrach agus ar ais ar bhóithrín mealltach contúirteach na smaointe go dtí go mbeadh bus a 9 a chlog ann.

Suas liom thar Thigh Mhic Dhonnacha arís, na sluaite suite ag ithe ag na boird taobh amuigh.

Drochsheans go raibh a fhios ag mórán acu gur siopa éisc agus glasraí a bhíodh ann tráth.

Is deacair a chreidiúnt cé chomh gann is a bhí bialanna sa gcathair siar sna blianta. Naoi a chlog oíche Aoine Sheachtain na Rásaí sa mbliain 1988 agus is beag seans a bhí agat greim le n-ithe a fháil ach amháin sa Wimpy Bar ar Shráid Eglinton, áit nach raibh locht ar bith air.

Bhí na sluaite chomh maith suite ag ól taobh amuigh de Thigh Neachtain. Cuimhním ar oíche Lá Fhéile Pádraig 1978 agus mé i mo mhac léinn i gcomhluadar duine a raibh fios a ghnó aige.

Cuma dhúnta thréigthe a bhí ar Thigh Neachtain an oíche sin go dtí gur bhuail mo chara cnag ar an doras agus amhail scéal Ali Baba, scaoileadh isteach muid, agus gan romhainn ach slua beag, idir lucht siúil agus mhic léinn.

Ar an tSráid Ard, tháinig banna drumadóirí i mo threo, tionchar Els Comediants á shamhlú agam leis na feistis a bhí orthu agus péint dubh agus uaine ar a n-éadain. Ag barr na sráide, bhí banna ceoil bríomhar d’eachtrannaigh ag cur meangadh áthais ar an dream a bhí bailithe le héisteacht leo.

Taobh amuigh d’Easons ar Shráid na Siopaí, bhí slua ag breathnú ar thaispeántas ó dhamhsóirí seit as Mainistir Chnoc Muaidhe. Ba léir go raibh go leor daoine ag baint sult as imeachtaí sráide na Féile Ealaíon agus gan pingin rua le caitheamh.

Bhí solas an lae fós linn, ach fad na sráide bhí fir, eachtrannaigh a bhformhór, ag socrú áiteanna codlata dóibh féin i ndoirse na siopaí. Rud nach annamh agus nach gcuireann iontas ar dhuine ar bith na laethanta seo, faraor.

Faoin am ar bhain mé stáisiún na mbusanna amach, bhí roinnt den dream a bhí ag feitheamh ag an bPóirse Caoch ansin romham, iad ag cinntiú go bhfaigheadh siad bealach abhaile an iarraidh seo.

Bhí deireadh leis an bhfálróid don oíche úd.

Ag siúl ar chúlsráideanna na Gaillimhe, ó am go ham, is féidir a aireachtáil gan choinne go bhfuil tú thiar arís sna blianta úd nuair nach mbíodh turasóir le feiceáil san áit ó lár Lúnasa go Lá Fhéile Pádraig.

Ach ní fada a mhaireann an mothúchán sin.

Is éasca a bheith i d’Oisín i ndiaidh na Féinne i gCathair na dTreabh sa lá atá inniu ann.

Fág freagra ar 'Oisín i ndiaidh na Féinne ag fálróid i gCathair na dTreabh agus é ag fanacht ar an 424'

  • Padraic

    Tigh Chogair an t-ainm a bhí ar an siopa éisc ag muintir na Gaeltachta tharla gurbh as Conamara an fear a bhunaigh é.
    Tá an t-ainm fós in úsáid.