Oileán clochach le bóithríní cúnga casta, ní bheifeá ag súil le páirc scátála ar Inis Oírr

Anuraidh fuair Philip Halton as Baile Átha Cliath teachtaireacht ó bhainisteoir comharchumainn faoi pháirc scátála a thógáil ar Inis Oírr

Oileán clochach le bóithríní cúnga casta, ní bheifeá ag súil le páirc scátála ar Inis Oírr

Pictriúr: Mark McGuinness

Má thugann tú cuairt ar Inis Oírr, ná bíodh aon ionadh ort má chastar daoine ort ar an mbád agus clár scátála faoina n-ascaill acu.

Is é Inis Oírr an áit is lú ar domhan a mbeifeá ag súil le háis i gcomhair scátála – oileán beag clochach le bóithríní cúnga casta. Ach tá a leithéid ann.

Go luath sa mbliain 2022, fuair Philip Halton as Baile Átha Cliath teachtaireacht ó bhainisteoir an chomharchumainn Chloe Ní Mháille agus ó dhaoine óga ar an oileán. An mbeadh suim aige nó an mbeadh seans ar bith ann go gcabhródh sé leo áis scátála a thógáil ar an oileán?

Ag an am, bhí cara leis ag obair ar scéim phobail in Áras Éanna ar an oileán agus chuaigh Philip ar cuairt go bhfeicfeadh sé cén sórt tírdhreacha a bhí ann.

Fear óg sna fichidí é Philip a oibríonn lena athair i mBaile Átha Cliath ina chomhlacht tógála. Tá suim aige sa scátáil ar chláir ó bhí sé ina lead óg. Bhí baint aige le tógáil na páirce poiblí Weaver Park i lár chathair Bhaile Átha Cliath ach thóg sé blianta fada orthu teacht timpeall ar na daoine a bhí i gcoinne páirc scátála a dhéanamh ansin.

Tá Philip go láidir den tuairim go gcuireann a leithéid d’áis phoiblí go mór le spiorad an phobail agus spiorad an chomhoibrithe. Tógadh i lár na cathrach é gar don Chanáil, in Portobello. B’ansin a thosaigh sé ag scátáil in éindí le scata cairde. Bhí paiste talún deas fairsing ansin in aice an droichid agus d’úsáid siad é mar áit scátála. Cheap sé ag an am go mb’iontach an áis a bhí ann do dhaoine óga.

Ach thosaigh an cur ina choinne. Chuir an Chomhairle bacanna beaga ar an talamh a chuir isteach ar an spórt. Bhain na daoine óga anuas iad. Cuireadh suas arís iad. Ansin tháinig iarratas chun cinn le hóstán a thógáil ar an suíomh. Tháinig an pobal ar fad agus na scátálaithe le chéile chun cur ina choinne. Ach cuireadh deireadh leis an scátáil.

B’ansin a thosaigh siad ag cur brú ar an gComhairle páirc phoiblí a oscailt – agus ba í Páirc Weaver i Sráid Chorcaí, an toradh a bhí air sin. Anois tá Comhairle Dhún Laoghaire tar éis iarraidh air páirc scátála a thógáil gar don Ché Thiar ansin.

‘Tá an suíomh i nDún Laoghaire ar cheann de na láithreacha is deise agus is tarraingtí sa tír,’ a deir Philip. ‘Beidh an-tóir ag lucht scátála air.’

Ach i dtús na bliana seo caite thosaigh sé féin agus scata beag cairde leis, ag obair ar an suíomh eile atá álainn agus tarraingteach do lucht an spóirt – paiste talún gar do bhunscoil Inis Oírr.

B’in é an chéad uair ar thug Philip cuairt ar an oileán. Thit sé i ngrá leis ar an bpointe. Chuaigh Chloe i bhfeidhm go mór air freisin. Bhí sise agus an comharchumann go hiomlán taobh thiar den tionscadal agus go tráthúil, bhí teacht acu ar thalamh a bheadh feiliúnach.

Chuireadar scéim ‘gofundme’ ar bun agus gan uathu ach €3,500 chun an t-ábhar tógála a cheannach. Ba ghearr go raibh sé sin bailithe acu agus ba le linn féile cheoil ‘Drop Everything’ a tharlaíonn gach darna bliain, a tháinig gach duine le chéile – Philip, oileánaigh, cairde a tháinig ar cuairt agus na daoine óga as an áit. Faoi dheireadh na féile ceoil bhí an pháirc scátála tógtha acu agus chas an dream óg as an oileán ceol ag an bhféile chun an ócáid a cheiliúradh.

Pictriúr: Mark McGuinness

‘Thaispeáin an obair ar Inis Oírr a chaoi a dtagann pobal le chéile le haghaidh tionscadal den chineál seo,’arsa Philip. ‘Gach lá tháinig muintir an oileáin anuas chugainn, ag cabhrú linn agus ag tabhairt béilí dúinn.’

B’in é an chéad uair ar tharla rud chomh dearfach do lucht na scátála. Go dtí sin, ba rud conspóideach a bhí ann gach áit ar thosaigh siad ag forbairt áis den chineál seo. Cheap go leor nach mbeadh ann ach daoine óga ag crochadh thart in áit phoiblí, ag déanamh gleo agus ag cur isteach ar an bpobal áitiúil.

Ní shin an tuairim atá ann níos mó agus nuair a thosaigh siad i mbun oibre ar an oileán chonaic daoine an buntáiste a bhain leis, ar an bpointe.

Bhí scata beag daoine óga ar an oileán a raibh an-suim acu sna cláir scátála. Ach an áit ab fhearr a bhí acu le dul ag scátáil ná ar phríomhbhóthar an oileáin. Tá fána ann, rud atá an-áisiúil i gcomhair an spóirt, ach tá castaí géara ann agus trácht rialta ag dul an bealach. Bhí sé thar a bheith contúirteach do lucht an spóirt – daoine óga den chuid is mó.

Tá Philip chomh tógtha leis an spórt gur bhunagh sé iris – Goblin atá tiomnaithe go hiomlán don scátáil. Nuair a fuair sé an ríomhphost ó Inis Oírr, shíl sé go mbeadh sé suimiúil a fháil amach an oibreodh an tionscadal ar oileán nach raibh de dhaonra ann ach 350 duine. Roimhe sin ba i lár na cathrach a bhíodh sé ag díriú airde – agus é i gcónaí ag smaoineamh ar an leas a dhéanfadh sé don phobal.

‘Rud ar bith a choinníonn daoine óga amuigh faoin aer, i mbun aclaíochta, coinníonn sé iad ó ghníomhaíochtaí eile nach bhfuil go maith dóibh – drugaí agus a leithéidí,’ dúirt Philip liom. ‘Chuir an pobal ar an oileán na múrtha fáilte romhainn.’

D’fhill Philip ar Inis Oírr aon uair a bhfuair sé deis. Cé nach raibh an aimsir ró-iontach an samhradh seo caite i gcomhair na scátála, tugadh faoi deara go raibh corrchuairteoir ag teacht chun an oileán agus clár faoina n-ascaill acu. Bhí an scéal ag scaipeadh.

Chaith Philip agus a chairde roinnt mhaith ama leis na daoine óga sular fhág siad slán acu, ag tabhairt ceachtanna dóibh ar na gluaiseachtaí éagsúla scátála – an ‘titim,’ an ‘titim isteach’ agus a leithéidí. Thug siad faoi deara tar éis scaithimh go raibh an bunghrúpa lenar thosaigh siad, ag tabhairt ceachtanna iad féin do na páistí a bhí níb óige.

‘Sa scátáil ní bhíonn aon chomórtas, ní bhíonn éinne ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar éinne eile – bíonn an comhoibriú agus an chabhair istigh ina lár,’ a dúirt sé. ‘Tá pobal iontach in Inis Oírr, tá pobal láidir ann – ní haon iontas go bhfuil an daonra ag méadú ann.’

Fág freagra ar 'Oileán clochach le bóithríní cúnga casta, ní bheifeá ag súil le páirc scátála ar Inis Oírr'