OÉG ina dtost maidir le folúntas faoi phost Ollamh le Gaeilge

Tá breis agus bliain ann ó d’éirigh Gearóid Denvir as agus sé mhí ann ó chuir Tuairisc.ie ceist ar OÉG den chéad uair

NUIG

Níl Ollscoil na hÉireann, Gaillimh sásta a rá cén uair atá sé i gceist acu Ollamh le Nua-Ghaeilge a cheapadh ná cathain a fhógróidh siad an folúntas don phost áirithe sin, atá gan líonadh le breis agus bliain anuas.

Ag caint dóibh le Tuairisc.ie inné, dúirt an Ollscoil nach bhfuil sé i gceist acu aon ráiteas a dhéanamh faoin scéal ag an bpointe seo, ach go mbeidís i dteagmháil linn arís ‘má thagann aon athrú ar an scéal’.

Tá sé mhí ann ó chuir Tuairisc.ie ceist ar an Ollscoil den chéad uair cathain a d’fhógrófaí an folúntas agus cathain a cheapfaí comharba Ghearóid Denvir, a d’éirigh as a chúram mar Ollamh breis agus bliain ó shin.

Ní bhfuarthas aon fhreagra ón Ollscoil an uair sin ná ar dhá ócáid eile nuair a cuireadh na ceisteanna céanna. D’iarr Tuairisc.ie ráiteas ón Ollscoil den cheathrú huair an tseachtain seo caite agus cé gur tugadh le tuiscint go ndéanfaí ráiteas de shaghas éigin an tseachtain seo, thug an Ollscoil le fios inné nach bhfuil aon ní le rá acu i dtaobh an fholúntais.

Dúirt an t-iarollamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, Alan Titley, ar Nuacht TG4 an tseachtain seo go bhfuil sé tubaisteach go mbeadh an Roinn Gaeilge ag feidhmiú gan aon ollamh buan ar feadh breis agus bliain agus bhí sé féin den tuairim gur chun roinnt éigin airgid a shábháil atá an folúntas gan líonadh faoi láthair.

Dúirt sé gurb é an saghas oibre é a dteastaíonn “pleanáil” agus “treoir” faoina chomhair agus nach bhféadfaí tabhairt faoi “de dhroim oíche”.

Tá an Ghaeilge ar cheann de na hábhair a mbíonn éileamh mór orthu ag mic léinn don chúrsa B.A. agus tá an roinn sin de chuid na hOllscoile ag feidhmiú gan ceannasaí buan ó d’éirigh an tOllamh Gearóid Denvir as a chuid oibre i samhradh na bliana anuraidh.

Lena chois sin, is í Roinn na Gaeilge an roinn is mó i Scoil na dTeangacha san Ollscoil agus is gnách go mbeadh thart ar 500 mac léinn ag déanamh staidéir ar an teanga ann.

Tá an Dr. John Walsh ag gníomhú mar Cheann Roinne ar bhonn sealadach nó go gceapfar ollamh nua.

Dá gceapfaí duine seachtrach don fholúntas, d’fhéadfadh go mbeadh moill shuntasach i gceist fad is a bheifí ag tabhairt fógra don té a bhí le ceapadh.

Fág freagra ar 'OÉG ina dtost maidir le folúntas faoi phost Ollamh le Gaeilge'