Bhíodh pártrún nótáltha i gCinn Aird uair. Bhíodh aifreann sa seanséipéal acu agus ansin dhéanaidís — an sagart agus an pobal — turas a thabhairt ón séipéal go dtí na tobair bheannaithe atá ag bun an chnoic leathmhíle éigin slí siar ó dheas ón reilig.
Thugaidís an turas timpeall na dtobar, agus ar ais go dtí an séipéal. Ach dar ndóigh ní raibh pátrún riamh gan slua mór daoine go mórmhór sa saol úd agus bhíodh braonacha dí ag imeacht i measc an tslua — ara cad é sin agam á rá ní braonacha in aon chor a bhíodh ann ach soithí, maidir le fuiscí. Ná bíodh triúr á dhíol i dteach Dheairbí thuas.
Duine sa chistin agus duine eile sa seomra thíos agus á shíneadh amach tríd an bhfuinneog agus amuigh i dteach na mba a bhí an tríú fear i mbun na hoibre. B’in é an braon maith agus é á dhíol ar scilling an pionta. Agus ni gnáthach mórchuid óil gan a annlann de chlampar agsu d’achrann á leanúint. Sin mar a bhí agus mar a bheidh go deo is dócha. Tharla lá pátrúin gur lig cuid de na daoine leo féin agus chuaigh an t-ól thar cailc acu ionas gur éirigh bruíon agus achrann ar ball agus gortaíodh go maith cuid acu agus n’fheadarsa anois nár cailleadh fear dá dheasca.
Muintir an tobair agus muintir Dhroichead a’ Teaidí thoir — ar an mbóthar in aice le teach Mhoriarty a bhíodar sa gheimhreadh — sin iad an dá dhream a dhein an t-éirleach ar a chéile an lá sin. Ach chuir an sagart paróiste deireadh leis an bpátrún mar gheall air.
Bhí an sagart paróiste ar éirleach an Domhnach ina dhiaidh sin, agus bhí sé chun a mhallacht agus mallacht na hEaglaise a chur ar an mbaile tar éis an cipíneach a bhí ar an bpátrún agus d’éirigh bean as an bpobal a dúirt
A shagairt na n-ae istigh
Lagaigh de bhréithre
Tá Cinn Aird Naofa
Do thúrlaig Naomh ann
Fionán gléigeal
Ach má tá ann aoinne
(nó má tá cúis ar aoinne)
Gan creidreamh gan daonnacht
Agair ar fhéin é
Is ná cuir ar an mbaile go léir é
“Dar mo phortús a bhean mhaith,” arsa an sagart, “go bhfuil an ceart agat”. Tá na trí thobar ann agus tugtar an turas ann go féiltiúil fós — Tobar Muire, Tobar Fionáin agus Tobar Michíl. Nuair a bhí Naomh Mícheál agus naomh Fionán ag teacht ón Sceilg chuir ceo amú iad agus ní raibh a fhios acu cá rabhadar nuair a thángadar i dtír ar Thráigh Chathail. Chuadar faoi dhéin an chnoic ach bhí an tart ag goilliúint orthu agus gan braon uisce le fáil. Ghuíodar chun Dé uisce a sholáthar dóibh agus ghluais an tobar álainn fíoruisce aníos faoi chosa gach duine acu ag bun an chnoic ansiúd. Ansin dúirt Fionán, “anois ó thug Dia an tabhartas seo dúinn cuirimse faoi mo thearmann gach a bhfuil ó abhainn go farraige agus ó chnoc go trá agus gach duine a thiocfaidh faoin tearmann sin ní bhéarfaidh a namhaid go deo air agus ní lú ná caillfear le plá é. Thugadar buíochas do Dhia ansin. Tháinig an Mhaighdean Mhuire os a gcomhair agus mhol sí go mór a mbeannacht agus a gcráifeacht agus nár ghluais an tríú tobar amach as taobh an chnoic mar ar sheas sí agus ó shin i leith tá na trí thobar beannaithe i gCinn Aird.
Tobar Muire: tugtar turas anseo ar …
1. Lá le Muire na gCoinneal, sa teampall .i. 2ú lá d’Fheabhra
2. Lá le Muire i ndiaidh lae le Pádraig nó lá le Muire an Aistrithe .i. an 25ú La de Mhárta
3. An chéad lá le Muire an Fhómhair, .i. 15ú de Lúnasa
4. Lá le Muire Mór an Daingin .i. 8ú lá de September
agus anois tugtar ar an 8ú lá de mhí na Nollag chomh maith é….
Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: ‘Tháinig an Mhaighdean Mhuire os a gcomhair agus mhol sí go mór a mbeannacht…’'