Ó DHÚCHAS: Téann an buachaill óg go dtí an seomra agus socraíonn sé féin agus fear an tí cén spré atá an iníon le fáil

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Ó thosaigh an Inid Dé Máirt nach tráthúil cúrsaí cleamhnais a mheabhrú daoibh…

Ó DHÚCHAS: Téann an buachaill óg go dtí an seomra agus socraíonn sé féin agus fear an tí cén spré atá an iníon le fáil

Ins an Inid is mó a phósann na daoine a bhíos ag gabháil a’ pósadh. Bíonn an Inid ann ó Nollaig go dtí Céadaoin an Luaithrigh. Sé an chéad rud a dhéanann an fear a dteastaíonn an bhean uaidh ná a dhul go dtí cara dhó atá ciallmhar tuisceanach agus deireann leis a ghabháil go dtí a leithéid seo de mhnaoi dhá hiarraidh dhó. Gheibheann sé buidéal poitín don teachtaire agus nuair a thagann an oíche buaileann mo dhuine isteach tigh an chailín óig.

Ní bhíonn sé i bhfad istigh nuair a insíonn sé nach ar cuairt a tháinig agus tarraingíonn sé aníos an buidéal as a phóca. Tugann sé thart ar mhuintir an tí é agus tosaíonn air ag inseacht faoin méid talún atá ag an bhfear a bhfuil an bhean ag teastáil uaidh, an méid beithígh, caoirigh, agus gach rud dá bhfuil aige.

Má bhíonn fear an tí sásta leis an scéal sin, cuirtear an cheist ar an gcailín óg agus má bhíonn sí sin sásta ceaptar amach oíche an chleamhnais.

Tugann an buachaill cuireadh do cheathrar nó cúigear a mbíonn gaol aige leo agus déanann muintir na mná óige an rud céanna. Bailíonn siad le chéile i dteach an chleamhnais. Bíonn damhsa agus rí-rá acu ansin go maidin. Téann an buachaill óg go dtí an seomra agus socraíonn sé fhéin agus fear an tí cén spré atá an iníon le fáil.

Tugann an buachaill óg cuireadh chun na bainise do gach duine ar a bhaile agus do gach duine eile a bhfuil aon ghaol nó muintearas aige leis agus déanann an cailín óg an rud céanna.

Sin é lá na spóirte ar fad lá na bainise. Tosaíonn an bhainis tuairim is a naoi a chlog ar maidin. Bíonn an bhainis ar bun go dtí an t-am céanna maidin lá arna mhárach

Téann gach duine abhaile go sona sásta ach an cailín atá tar éis pósadh. Ní théann sí sin abhaile go mbíonn sí mí pósta. Ansin téann sí abhaile ar an ‘gcuairt mhíosa’ agus fanann sí ins an mbaile ar feadh cúpla lá.
Tá seanfhocal ann {faoin gcleamhnas},‘Luan soir, Máirt siar, Déardaoin sona, soir nó siar’. Deirtear nár cheart don té a mbíonn a chleamhnas déanta a ghabháil amach ar an bhfarraige mar go mbíonn tóir ar a leithéidí.

Siobhán Ní Churraidhin a fuair an t-eolas seo óna hathair Maitiú ar an gCloich Mhóir i gConamara

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Téann an buachaill óg go dtí an seomra agus socraíonn sé féin agus fear an tí cén spré atá an iníon le fáil'