Ó DHÚCHAS: Tarrtháil na Rúiseach in Iarthar Duibhneach

Ag béal an tSáis do thug sé fé Ard na Caithne ach bhí sé ródhéanach. Do caitheadh an long isteach i gCuas na Ceannainne

Ó DHÚCHAS: Tarrtháil na Rúiseach in Iarthar Duibhneach

Sa bhliain 1908 do raiceáladh long darbh ainm ‘Orient’ i gcuaisín mírialta idir Baile na nGall agus Cuas an Bhodaigh. 

Do sheol sí seo an chéad lá do Mheán Fómhair ón Rúis le ládáil salainn agus bhí an fhoireann loinge ag dul go Luimneach. Do bhí naonúr criú ag oibriú an árthaigh sin. Do bhí aimsir bhreá acu an chéad tseachtain ach go bhfóire Dia orainn d’athraigh an uain orthu agus do bhí an gála chomh láidir sin go raibh sé ag caitheamh an árthaigh roimis fé mar a dhéanfadh sé le cleite.

An tráthnóna roimis an seachtú lá déag do bhí an gála chomh tréan san nár fhág sé aon ghiobal seoil uirthi agus do scuabadh duine des na mairnéalaigh dá bord. Do bhí an long ag imeacht ar a comhairle féin an uair a bhí an anairt stracaithe agus d’iarr duine des na mairnéalaigh ar an gcaptaen an long a scaoileadh go Cuan Ard na Caithne. Do bhí an captaen ceanndána agus cheap sé go ndéanfadh sé an bheart ó thuaidh agus go mbeadh sé de chreidiúint aige a leithéid de stoirm do chur de gan beann aige uirthi.

An uair a chuaigh sé chomh fada le béal an tSáis do thug sé fé Ard na Caithne ach níorbh aon chabhair dó é, bhí sé ródhéanach aige. Do caitheadh isteach i gCuas na Ceannainne í. Le linn don árthach an cladach a bhualadh do léim fear ón mbollsprít [boghspriot] ar charraig agus bhí sé saor ón uisce. Do thit an long as a chéile agus bhí na fir á gcaitheamh tóin thar ceann sa chladach. Do ráinigh leis an gcaptaen agus le beirt eile dul ar charraig i dtóin an Chuasa.

An fear a fhág an bollsprít do ghluais sé tríd an bhfaill fé mar imeodh cat tríd an bhfaill in am mhairbh na hoíche. Níor dhein sé stad ná staonadh nó go dtáinig sé go dtí an baile ba ghiorra do Bhaile Reo. An uair a shrois sé an baile bhí sé timpeall a ceathair a chlog ar maidin. Do cheap na fir ansin go raibh sé as a mheabhair mar ní raibh d’éadach air ach drárs chadáis agus ciarsúr ar a cheann aige. Ní raibh bróg ná stoca air agus bhí sé ana-bhatrálta as a cheann agus as a chosa. 

An chéad sá a dhein sé ná breith ar bhlúire théadáin agus ón uair gur Rúiseach é níor thuigeadar féin a chéile.
Fé dheireadh thuigeadar gur téadáin a bhí uaidh mar bhí ‘Ropes, Ropes, Ropes’ aige agus ‘two down and captain’.

 Ansan tuigeadh dóibh go raibh long raiceálta. Do bhailigh na comharsain leo a raibh de théada ar an mbaile agus chuadar fé dhéin an Chuasa. Ní raibh tásc ná tuairisc fir ann ach go ndéarfá go raibh long briste. Fé dheireadh do chonaiceadar iad i dtóin an chladaigh.

Do caitheadh na téada agus do saoradh beirt díobh ach do bhí bráca ar an gcaptaen mar do bhí sé in áit dhainséarach agus ní raibh na téada ar fónamh. Do bhí fios curtha ar an rocket ach bhí an taoide ag teacht air agus caitheadh cur ar na drochthéada. Do teannadh air agus is gearr go raibh sé ar bharra na faille acu.

Do cuireadh cóir éadaigh orthu, rud a theastaigh go maith uathu agus do tugadh anuas go dtí Baile na bPoc iad. 

Do tháinig cóiste agus éadaí ón Rialtas agus do chuadar don Rúis arís. Do fuair triúr nó ceathrar de lucht an tsaortha síntiús beag airgid agus bonn creidiúnach.

Bríd Ní Bheaglaoi, Baile an Mhúraigh, Corca Dhuibhne a thóg an seanchas seo óna hathair críonna Tomás (71). Bhí Bríd ar Scoil Naomh Eirc.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Tarrtháil na Rúiseach in Iarthar Duibhneach'