Ó DHÚCHAS: Saothraithe go maith a bhí an bréidín ag mná Árann

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo is mór a bhí le déanamh leis an olann sula mbíodh sí ina bréidín – níochán, spíonadh, bealú, cardáil, sníomh, dathú is deilbhiú

Ó DHÚCHAS: Saothraithe go maith a bhí an bréidín ag mná Árann

Fadó sa saol nuair a bhíodh caoi á cur ar olann, bhíodh a mbíodh sa teach de chailíní ag airneán. Ar dtús chaití an olann a níochán agus í a thriomú. Ansin spíontaí í agus chuirtí ar chomhlaí móra í.

Ar dtús scaiptí amach í agus chuirtí bealadh inti. Dhéanfadh sé seo bog í agus éasca le sníomh. Dhéantaí an méid sin léi ar feadh an lae agus ansin dhéantaí an chuid eile de san oíche.

Nuair a bhíodh sé ina oíche go maith thosaíodh duine de na gearrchailí nó beirt amanta á cardáil seo agus ag déanamh róiléirí caola de.

Is le carlaí a dhéantaí é seo. Sé an rud é carla ná píosa adhmaid timpeall naoi n-orlaí ar fad agus cos timpeall leath troigh as. Bíonn sé lán le fiacla beaga taobh istigh agus na fiacla seo timpeall leath orlaigh ar fad agus barr géar orthu.

Oibrítear le péire acu agus píosa beag olann istigh eatarthu agus a bheith á dtarraingt síos suas ar an olann. Duine amháin a oibríonn iad. Is iomaí cineál flainín a bhíodh ann fadó agus a bhíos ann i gcónaí acht ní hionann an chaoi a n-oibrítear iad anois agus an uair sin.

Bíonn flainín bán, flainín glas nó dathannach, flainín gorm, agus ‘Birds Eye’ mar a thugtar air agus flainín eile ar a dtugtar ‘fíochán chnámh an scadáin’ air. Is iomaí rud a dhéantaí leis an olann sula mbíodh sí ina bréidín.

Maidir leis an mbréidín glas, ar a dtugtar ceanneasna freisin, sé an chéad rud a dhéantaí leis dhá oiread d’olann bhán a bheith ann agus a bhíos d’olann ghlas.

Ansin chaití í a spíonadh.

Spíontaí í leis an olann a tharraingt idir do lámha agus an caonach agus rudaí eile a bhaint aisti. Ansin chaití an bealadh a chur inti agus is é an bealadh a chuirtí inti ná ola fíogaigh agus mar seo a dhéantaí í.  Ar dtús leáití ae an fhíogaigh agus chuirtí gráinnín beag salainn air. Ansin chuirtí píosa beag ime isteach ann agus dhéanfadh an ola seo le bealadh a chur ins an olann.

Ansin chardáiltí í leis na carlaí. Sníomhtaí ansin é agus dhéantaí dlúth agus inneach di. Dhéantaí dlúth le casadh tuathal agus inneach le casadh deiseal. Ní theastódh an dlúth agus an t-inneach le chéile chun aon rud eile a dhéanamh ach amháin leis an mbréidín. Is olann bhán uilig a bhíos ins an bhflainín bán agus is mar a chéile a oibrítear é. An flainín gorm mar a chéile maidir leis an mbán agus an gorm ach amháin go mbíonn beagán badráil ins an ngorm. Ar dtús chaití an olann bhán a spíonadh agus a chardáil mar a dhéantaí i gcónaí. Ansin chaití an tríú cuid di a dhathú.

Seo an chaoi a ndathaítí í. Ar dtús d’fhaightí braon uisce te agus chuirtí an dath isteach ann agus is é an sórt datha a bhíodh ann cineál caonaigh ar a dtugtaí ‘scraith na mbollán’. Bhí dath buí, dubh, agus bán air seo agus bhíodh cineálacha áirithe le chaon dath agus sé an chaoi a ndathaítí é seo leis an gcaonach a chuir i gceirt bheag agus ansin an cheirt a chur san uisce agus é a fhágáil ann ar feadh leathuaire. Dath bán, dath dearg, agus dath dubh a bhíodh le haghaidh an dath gorm agus nuair a bhíodh sé sách bog ansin chuimleodh duine idir a cuid méaracha é ionas go ngabhfadh an dath uilig tríd an uisce.

Nuair a bheadh sé seo tiubh go maith chaití isteach an olann ann agus chlúdaítí suas an soitheach a mbeadh sé ann. D’fhágfaí ansin ar feadh trí lá é agus ansin nuair a bheadh dath glas tógtha aige thógtaí amach arís é agus chuirtí ar triomú é. Nuair a bhíodh sé tirim thógtaí isteach arís agus chuirtí in uisce fuar é agus chuirtí os cionn na tine é nó go mbeadh sé te go maith ach gan ligean dó fiuchadh mar dhá bhfiuchfadh sé ní dhathódh an olann.

Ansin é seo a thógáil arís agus é a thógáil suas agus é a fhágáil ann ar feadh dhá lá agus ansin é a níochán go maith as uisce fuar agus é a thriomú. Ansin bheadh an olann daite.

Ansin caití é seo a shníomh agus ansin bheadh sé féin agus an olann bhán réidh.

Sé an chaoi a mbíodh ‘Birds Eye’ déanta go gcaithfeadh leath de chaon chineál a bheith ann agus roinnt olann ghorm a bheith measctha tríd freisin. Nuair a bheadh sé sin fite bheadh bréidín deas ann. Sé an sórt flainín é an ‘Birds Eye’ flainín glas agus ruainne olann ghorm measctha tríd ach go bhfuil difríocht sa gcaoi a ndéantar é agus na flainíní eile.

Caithfidh an méid céanna den olann bhán a bheith agat agus a bheadh d’olann ghlas. Mar a chéile a dhéantaí an chuid eile.

Is mar a chéile a dhéantar an flainín ‘Fíochán Chnámh an Scadáin’ ach sa bhfíochán a bhíos an chaoi a gcuirtear na stríoca ann. Déantar go leor cineálacha eile snátha freisin le haghaidh bréidín. Nuair a thugtar an snáth ag an bhfíodóir deilbhítear é agus fíonn an fíodóir é.

Nuair a bhíonn sé réidh ag an bhfíodóir tugtar abhaile é agus ramhraítear é. Is mar seo a ramhraítear é. Cuirfidh duine comhla ar chaon taobh de agus ceann mór eile faoi.

“Stuc” a thugtaí air seo.

Leagtaí an bréidín isteach ann freisin agus chuimlítí é le uisce te agus galaoireach agus bhítí á bhualadh seo leis na cosa nó go mbeadh sé ramhraithe. Ansin nití é agus chuirtí ar triomú é agus bheadh sé réidh ansin.

Brighid Ní Dhioráin (13), Sruthán, Inis Mór a bhí ar Scoil Eoghannachta

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Saothraithe go maith a bhí an bréidín ag mná Árann'