Ó DHÚCHAS: Saoirse na farraige is loscadh an chorráin sna Déise

Agus ganntan cruithneachta á thuar is tráthúil an sliocht seo as na Déise

Ó DHÚCHAS: Saoirse na farraige is loscadh an chorráin sna Déise

Sibhse go léir a bhíonn ag trácht ar chruithneacht, an rabhabhair riamh á baint le corrán? Mar go deimhin, dá mbeadh sibh, chuimhneodh sibh tamall air. 

A dhuine, ní haon ábhar magaidh lá ag buain le corrán agus meitheal in éineacht leat agus gach aon fhear dá luaithe ag breith bráid ar a chéile. Níor mhór don tosaí bheith ina fhear maith aibí nó bhainfí “na sála de” mar a deirtear, agus dá mbaintí chaithfeadh sé dul abhaile, agus b’in náire go deo aige.

Is mar atá ráite agam a bhaintí an chruithneacht anseo, i Rinn ó gCuanach i nDéisibh Mumhan, caoga bliain ó shin agus i bhfad roimhe dar ndóigh. Baile iascaireachta é seo agus nuair a bhí an iascaireacht i réim ann, ní chuimhneodh aon iascaire ar bhreith ar uirlis oibre – ní chodlódh sé san áit a mbeadh ceann acu.
Bíonn an iomarca saoirse ag baint le farraige chun duine á chartadh féin isteach in áit chúng dála páirce dá mhéid í agus é bheith ar urla ó mhaidin go hoíche. Ní dhéanfadh iascaire é an uair sin ná aon rud dá leithéid. 

Daoine móra ba ea iascairí tamall maith de bhlianta ó shin; daoine a raibh acmhainn agus maoin acu agus ní ar gach aon obair ná gnó a bheadh meas acu.

Is dian an obair lá a thabhairt ar do chromada ag buain le corrán. Tá loscadh ag baint leis, agus tinneas cinn, agus tinneas droma. Is mó fear óg láidir groí ná raibh inniúil ar é féin do dhíriú tar éis dó an chéad lá riamh a thabhairt ag buain ar a leithéid de chuma; is mó go ceann scaithimh mhaith. Bhí tinneas droma an chorráin chomh dian san gur dhein fear éigin aoir air. Seo mar a thosnaigh sé air:

‘Mo léan ar an gcorrán agus loiscreán cruaidh air

‘Sé chuir greim im shlinneán agus critheán in mo ghualainn.

Agus na mná a bhíodh ag ceangal i ndiaidh na mbuanaithe ní díomhaoin a bhíodh an lá acu. Is minic a chuala mé trácht ar mhnaoi áirithe a cheanglódh i ndiaidh ceathrar buanaithe, ach ní ina cónaí a gheofaí a leithéid. An bhean a cheanglódh i ndiaidh triúr acu níor mhiste a rá ná go mbíodh a ceird aici.
Ach an cailín óg a rachadh ag ceangal ar a tuarastal i measc meitheal ban an chéad uair ba mhór an trua í, mura mbeadh buanaí éigin ar an meitheal a shocródh na punanna dhi sa tslí ná beadh le déanamh aici ach an chuibhreach do bhualadh orthu, agus dar ndóigh bhíodh fear éigin ar gach aon mheitheal a mbíodh an croí go bog aige agus é fonnmhar ar chúnamh a thabhairt don lag agus cabhrú leis an tosnaitheoir.

Sea! I dtaobh an tuarastail. Cad is dóigh leat, a duine, a bhíodh mar thuarastal lae ag an mnaoi sin a cheanglódh cruithneacht i ndiaidh ceathrar buainteoirí san mbaile seo againne ochtó bliain ó shin? Bheadh naoi bpingine san ló aici nó b’fhéidir réal. 

Bheadh naoi bpingine ag gach buanaí agus lá fada fómhair ó dhubh go dubh a thabhairt ar an méid sin; ach de réir mar a bhí an aimsir ag imeacht bhí feabhas ag dul ar scéal an tuarastail, agus chonaic mé féin sa deireadh dhá scilling san ló ag buanaithe agus luach pingine tobac agus trí bhéile bídh.
Ina theannta sin thugadh pé iascaire a mbítí ag buain dó, thugadh sé na buanaithe go dtí an tigh tábhairne leis agus d’ólaidís roinnt deochanna istoíche Dé Sathairn.

Bhíodh an chruithneacht le bualadh ansan agus b’in saesún eile don mbuanaí.
Ar chloich a deintí an bualadh. Punanna beaga a bhíodh acu, mar ba dheise go mór chun dín an tuí as an bpunann ná dá mbeadh sí scaipthe briste ag inneall agus b’fhusa stáca a dhéanamh san ngairdín di. Bhíodh sí go cruinn triopallach.

Tá laethanta sin an tinnis cinn agus tinnis droma imithe. Ní bhíonn aoinne ag baint le corrán anois , san taobh seo den dúthaigh pé scéal é. B’fhada a thug an talamh ag cothú na mbullán don Sasanach. Tá deireadh leis sin, agus is maith agus is an-mhaith an ní é!
Buíochas le Dia gur mhaireamar le saol curtha na cruithneachtan d’fheiscint arís in Éirinn. Tá an saol sin chugainn ina tháinrith. Go mba fada buan é, bail agus rath ó Dia ar an obair.

Peadar S. Ó Duibhidhe, oide i scoil Leitir Crann, i nDún na nGall a thóg an tuairisc seo ó na Déise as an Irish Press 

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Saoirse na farraige is loscadh an chorráin sna Déise'