Ó DHÚCHAS: Ní bhainfeadh leathchéad fear iompú as an gcloch cé gur bheag stró a fuair Conán uaithi

Uair sa tseachtain, foilsítear píosa seanchais i gcomhar le Dúchas.ie. An tseachtain seo tá scéal againn as Ros an Mhíl faoin mbaint a bhí ag Conán Maol le sliogcharn i gCois Fharraige

Ó DHÚCHAS: Ní bhainfeadh leathchéad fear iompú as an gcloch cé gur bheag stró a fuair Conán uaithi

Is minic a léitear faoi Chonán Maol, fear caite na gcloch, ar a thréine is a bhí sé in ann a gcaitheamh agus ar a dhílse agus a bhíodh sé ag seasamh don Fhéinn.

Lá amháin le linn do Chonán a bheith thíos ar an gCaorán in iarthar Chois Fharraige, in Iar-Chonnacht i gContae na Gaillimhe, bhuail ocras é. Bhí sé ag fiach ar feadh an lae agus deamhan blas a mharaigh sé. Shuigh sé síos go lagbhríoch cois na trá agus thosaigh ag smaoineamh. “A muise,” ar seisean leis féin, “dá mbeadh ordóg Fhinn agam anois ní bheadh orm ach í a chur im’ bhéal agus bheadh a fhios agam cá mbeadh rud le n-ithe le fáil agam.”

Shiúil sé síos sa gcladach agus bhain sé lán a phóca de bhairnigh agus lán an phóca eile d’fhaochain. Chuaigh sé suas ar an talamh tirim agus rinne sé toit díobh. Bhruith sé ar ghrideall iad. Nuair a bhíodar beirithe, d’ith sé chuile cheann díobh mar bhí  an-ocras air. D’imigh leis ansin nuair a bhí sé subhach sách.

D’fhág sé an oiread sin blaoscanna bairnigh agus faochan ina dhiaidh, cé nach raibh aige ach lán a phócaí, agus go raibh carnán díobh ann ina dhiaidh ar an talamh.

Le himeacht aimsire d’fhás féar san áit agus níl ann anois ach cnocán glas. Ach dá gcartfá síos ann gheofá na sliogáin ann fós gan pioc mairge orthu. Tá an cnocán ard go maith thar an talamh eile agus thabharfadh duine suntas dó mura mbeadh pioc eolais aige ina thaobh. Toit Chonáin a thugtar air go dtí an lá atá inniu ann.

Nuair a bhí a bholg ag gáirí le Conán, mar a dúras, chuaigh sé ag caitheamh ‘Cloch Neart’. Sheas sé faoi bhun na toite, chaith sé cloch mhór siar agus chuir sé ina seasamh sa gclaí í seacht bpéirse ón áit ar sheas sé. Níl leathchéad fear anois in ann iompú a bhaint as an gcloch sin cé gur bheag an stró a fuair Conán uaithi.

Colm Ó Maoil Eoin,
Tóin an Chnoic,
Ros an Mhíl,
Conamara

http://www.carrowkeel.com/sites/coolrea/culleenamore.html

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Ní bhainfeadh leathchéad fear iompú as an gcloch cé gur bheag stró a fuair Conán uaithi'