Bhí táilliúir i mBaile Mhuirne timpeall daichead bliain ó shin go dtugaidís Táilliúir na Samhna air. Donnchadh Ó hIarflaithe ab ainm dó. Fear mór grinn ab ea é agus ní miste a rá go raibh an chaint ar bharr a theanga aige.
In aimsir Bhalfour agus an Coercion a bhí sé ann agus do cuireadh fíneáil air toisc óráid éigin a thug sé uaidh ag aonach Mhaigh Chromtha. Níor dhíol sé an fhíneáil in aon chor agus bhí mí príosúin gearrtha ina choinne. Chuaigh sé ar a theicheadh agus bhíodh sé ag obair i dtigh anseo agus ansiúd. Bhí fhios ag na píléirí go raibh sé timpeall an pharóiste in áit éigin ach bhí teipthe orthu breith air. D’fhonn staincín a dhéanamh orthu thagadh sé anuas go dtí an Muileann ar an Domhnach agus d’óladh sé a dhóthain sa tigh tábhairne. Bhíodh na píléirí ag féachaint air ach ní fhéadfaidís aon speic a chur air, mar san am san ní fhéadfaí aoinne a thógaint ar an Domhnach.
Bhí sé ag obair i dtigh in iarthar na paróiste agus nuair a bhí críochnaithe aige ann do bhuail sé i leith an bhóthair go dtí Cúil Aodha chun dul fé dhéin tigh feirmeora eile go raibh obair ag feitheamh ann dó.
Ag casadh an bhóthair in aice na Tiníleach tamaillín beag siar ó Chúil Aodha, cé a bhuailfeadh uime ach beirt phíléar eile. Thángadar air ró-obann agus ní raibh neart aige dul uathu.
“Sea, a tháilliúir,” arsa an Sáirsint “tá beirthe ort sa deireadh.”
“Ní dheineann sé difríocht ar domhan,” arsa an táilliúir, “mar is amhlaidh a bhíos díreach ag dul síos go dtí an bheairic chun mé féin a thabhairt suas. Táim cortha cráite ó bheith ag rith ó áit go háit mar seo. B’fhearr liom an mhí do dhéanamh agus d’fhéadfainn mo shuaimhneas a cheapadh ansin.”
“An-mhaith, a tháilliúir,” arsa an Sáirsint “an-mhaith.”
“Ach,” arsa an táilliúir, “ar airís cad do thit amach thiar ar an nDoire Leathan ar maidin?”
“Níor airíos,” arsa an Sáirsint “cad é féin?”
“Bhíos ag obair thiar ansin le cúpla lá,” arsa an táilliúir. “Tá fhios agat go bhfuil dhá thigh in aon chlós amháin, dhá líon tí des na Cárthaigh. Do ghabhadar ar a chéile ar maidin agus do sháigh duine acu le gabhail {píce} aoiligh agus is baolach go bhfuil sé marbh. Agus is amhlaidh a bhíos ag déanamh dithnis soir go dtí an bheairic chun a rá leat dul siar.”
“Rachaimid siar ann anois díreach,” arsa an Sáirsint “féadfairse bailiú leat soir go dtí an bheairic agus tú féin a thabhairt suas don fhear atá inár ndiaidh (ag ainmniú pílear eile) agus abair leis fios a chur ar chapall is carráiste i dtreo is go mbeidh gach rud ullamh chun tú a bhreith go Maigh Chromtha go dtí an traein nuair a fhillfimid.”
“Tá go maith,” arsa an táilliúir.
Do scaradar ansin. Do bhuail an táilliúir soir an bóthar fé dhéin na beairice, mar dhea, ach chomh luath agus a bhí sé as radharc na bpíléirí do léim sé isteach thar claí agus as go brách leis.
Do rith na píléirí siar go dtí an Doire Leathan ach nuair a shroicheadar an áit agus iad traochta buailte amach ó bheith ag rith ní fear marbh a fuaireadar rompu ach gach éinne go breá macánta síochánta. An uair sin is ea thuigeadar an bob a bhuail an táilliúir orthu agus nuair a fhilleadar thar n-ais ar an bheairic ní raibh tásc ná tuairisc ar an táilliúir ann rompu.
Sea, sa deireadh thiar thall nuair a bhí an táilliúir cortha do bheith ag teicheadh, thug sé é féin suas. Ach síos chuig na píléirí i Maigh Chromtha a chuaigh sé, ní thabharfadh sé mar shásamh do phíléirí Bhaile Mhúirne gurb iad a ghabhfadh é.
Sea do rug píléirí Mhaigh Chromtha síos go Corcaigh go dtí an príosún é. Nuair a tugadh suas don choimeádaí é, d’fhiafraigh sé siúd de i mBéarla: “What’s your name?”
“Denis November, sir,” arsa an táilliúir.
“Ah nonsense,” arsa an coimeádaí, “that’s not your name.”
“Bygor sir,” arsa an táilliúir, “I was never called any other name in Ballyvourney but Donnchadh na Samhna, and the English for that is Denis November Sir.”
Cheap an coimeádaí go raibh sé ag insint na fírinne agus do scríobh sé Denis November síos sa leabhar.
“Well Denis November,” arsa an coimeádaí, “What’s your age?”
“I’m wan age to Peig Ní Cheallaigh behind in Cúil Iarthach, Sir,” arsa an táilliúir.
“And what age is she?” arsa an coimeádaí.
“Bygor I don’t know, Sir,” arsa an Táilliúir, “”but I always heard my mother to say that I was wan age to Peig Ní Cheallaigh because the two of us was born the same day.”
Seán P. Ó Tuama (60) as Baile Bhuirne a d’eachtraigh an scéal seo i 1935
Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Donnchadh na Samhna ina Denis November sa bheairic'