Ó DHÚCHAS: ‘Bhí file ann fadó agus is é an t-ainm a bhí air ná Colm de Bhailís…’

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Rugadh Colm de Bhailís i gConamara i dtús na Bealtaine 1796 agus mhair sé go dtí 1906. Tá cur síos sa sliocht seo ar an bhfile cáiliúil

Ó DHÚCHAS: ‘Bhí file ann fadó agus is é an t-ainm a bhí air ná Colm de Bhailís…’

Tráchtas ar Fhilí

Fuaireas an t-eolas seo ó Phádraig Ó Conghaile, Leitir Mealláin, Co na Gaillimhe

Aois: 58 bliain

Gairm bheatha: Feilméara

Tógadh Pádraig i Leitir Mealláin agus chaith sé a shaol ann.

Chuala sé an t-eolas seo óna mháthair Máire Nic Dhonnchadha tuairim is 30 bliain ó shin.

Bhí Nóra Nic Dhonnchadha tuairim is 66 bliain d’aois nuair a d’inis sí an t-eolas seo agus chónaigh sí i Leitir Mealláin.

An dáta ar scríobhadh an t-eolas sa leabhar seo: 26-4-’38

Níl file ar bith sa tír seo ach bhí duine amháin ann fadó agus is é an t-ainm a bhí air ná Colm de Bhailís. Bhí sé in ann filíocht a dhéanamh ó rugadh é agus bhí a mhuintir roimhe go maith freisin. Bhí sé ina chónaí i mBaile na Cille agus tá ballaí an tí a bhí aige le feiceáil ann fós. Bhí sé pósta agus is Siubhán a bhí ar a bhean. Ag siúinéireacht is mó a bhíodh sé agus ní raibh mórán talún aige. Bhí sé an-bhocht agus rinne sé amhráin mar gheall ar é a bheith bocht. Tugtar an “Gréasaí” mar ainm air, sin é an t-ainm a thug sé ar an mbochtanas. Rinne sé amhrán breá dó agus bhí sé le haghaidh an bochtanas a dhíbirt agus le siopa a chur ina áit. Nuair a rinne sé an t-amhrán dúirt sé ach a dtiocfadh ráithe an fhómhair nuair a bheadh chuile shórt saor agus go leor airgid aige go ndíbreodh sé an bochtanas agus go gceannódh sé úllaí, builíní, agus líon agus nach mbeadh an bochtanas aige níos mó. Rinne sé go leor amhrán deasa agus seo cuid acu:

  1. Amhrán a’ Tae
  2. An Gréasaí
  3. Cúirt an tSrutháin Bhuí
  4. Na Fataí
  5. Brídín
  6. An Fear Cam

Bíonn an chuid is mó de na hamhráin sin le cloisteáil i ngach teach faoi láthair ag ceol mar bíonn an-mheas ag muintir na tíre air. Rugadh é i mBaile na Cille agus bhí sé an-bhocht i ndeireadh a shaoil. Ní dhearna sé aon amhrán riamh ag cáineadh mhuintir na tíre seo agus tá sé á moladh i gcónaí. Bhí teach deas aige agus é suite in aice na farraige. Tugadh go Baile Átha Cliath é mar gheall ar chomh maith is a bhí sé ina fhile agus bhí sé tuairim is céad agus deich mbliana d’aois. Bhí sé ina chónaí tamall maith taobh amuigh de Leitir Mealláin agus bhí teach an-bheag aige agus bhíodh chuile dhuine ag caint air agus thug sé ‘Cúirt an tSrutháin Bhuí’ mar ainm air mar bhí sé suite in aice leis an Sruthán Buí. Tháinig sé go Baile na Cille ansin agus rinne sé teach ann. Cailleadh é i mBaile Átha Cliath agus tugadh a chorp go Baile Locha Riach agus cuireadh é. Bhí sé thiar i gCill Chiaráin lá agus bhí sé ag gearradh adhmaid in áit darb ainm ‘Aill na Brún’ agus ní bhfuair sé béile ann agus dúirt sé sna focla seo:

Aill na Brún

Aill na rón

Aill gann gortach

An lá a ghabhas tú ann tabhair leat arán

nó beidh tú an lá sin ocrach

Ainm an scoláire: Maighréad Nic Dhonnchadha

Leitir Mealláin, Co na Gaillimhe