Ó DHÚCHAS: Ba dheas an radharc iad bláthanna gorma an lín sa ngarraí

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Cur síos ar fhás an lín i nGaillimh atá againn an tseachtain seo…

Ó DHÚCHAS: Ba dheas an radharc iad bláthanna gorma an lín sa ngarraí

Roimh an fichiú céad bhíodh giota beag lín curtha ag gach feilméara sa tír ach anois ní chuirtear pioc dhe. Ba an-deas an radharc é an líon a fheiceáil i bhfad uait nuair a bhíodh na bláthanna á iompar aige. Bhíodh na bláthanna chomh gorm sin go dtugadh na daoine blúirín [plúirín] air. Nuair bhíodh sé aibí sa bhfómhar tharraingídís as an talamh é.

Ansin dhéanaidís punannnacha dhe agus d’fhágaidís mar sin é go ceann cúpla lá go dtí go mbeadh sé tirim. Ansin chuiridís ar bogadh i bportach dearg luiteach é ar feadh ceathracha uair an chloig, ansin thógaidís as an bportach é agus scaraidís amach ar an talamh é le triomú. Nuair a bhíodh sé sách tirim chuiridís ar crochadh ar áth é. Nuair bhíodh sé crua go maith chuiridís suas ar loca é go mbíodh siad réidh lena úsáid. Gheobhaidís tlú gairminte agus bhrúidís ina bhruscar é leis.

Bhíodh fir ag dul thart an tráth sin agus haicléirí a thugtaí orthu. Bhíodh siostal acu seo agus chaithidís scaitheamh i ngach teach a mbíodh an bruscar lín ann.
Séard a bhí ins an siostal uirlis le haghaidh an líon a chardáil agus bhíodh go leor spící ag fás as.
Bhíodh an haicléir ag cur an bhruscar lín amach is isteach trí na spící seo go dtí go mbíodh snáth deas mín déanta aige. Ansin chuirtí an snáth chuig an bhfíodóir agus dhéanadh seisean éadach breá den snáth.

Ansin nuair a bhíodh sé fite dhéanadh bean an tí braillíní agus go leor rudaí eile as. Uaireanta déanadh sí éadaí cláir agus dhéanadh sí pictiúir de bláthanna agus rudaí eile iontu le snáthanna ildathacha. Dhíoladh sí iad agus gheobhadh sí luach maith orthu freisin.

Máire Ní Ceara, Barr na Crannaí, Rathún, Gaillimh a fuair an t-eolas seo óna seanuncail Micheál Ó Flannachadha i 1938.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Ba dheas an radharc iad bláthanna gorma an lín sa ngarraí'