Inniu a thosaíonn deireadh seachtaine na Cincíse, ná bearr tú féin ná na caoirigh agus seachain an snámh!

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol

Inniu a thosaíonn deireadh seachtaine na Cincíse, ná bearr tú féin ná na caoirigh agus seachain an snámh!

Tosaíonn an Chincís i dtús an tSamhraidh agus seacht seachtaine a mhaireann sí. De réir ráiteachas na seandaoine ní chrochfadh aon bhád a seol taobh amuigh den chuan ón gcéad lá den Chincís go mbeadh sí caite.

Níor tháinig aon Chincís ariamh gan toirneach. Bíonn dath dubhghorm ar an aer agus bíonn daoine ag creathadh leis an bhfaitíos. Is minic a chloisfeá iad ag rá An Marthain Phadhruig.

Ní tosaíonn siad ar obair nua ar bith ins an gCincís ag déanamh ómóis di ag ceapadh go bhfuil sí uaibhreach.

Ní bhearrann siad aon chaora ach an oiread le faitíos go gcaillfí iad agus ní bhearrann siad na daoine ach an oiread ag ceapadh go mbeadh mallacht na Cincíse orthu. Ní théann siad ag iascach ach an oiread. Mura mbeidh an dorú fliuchta acu sula dtiocfaidh an Chincís ní thiocfaidh siad ag iascach.

Níl sé ceart codladh amuigh sa gCincís ach an oiread. Mura ndeachaigh tú ag snámh roimh an gCincís deirtear nach bhfuil sé ceart dul ag snámh go mbeidh sí caite. Aon síol a chuirtear sa gCincís ritheann sé.

Áine Ní Chonfhaola,
Caorán na gCearc,
Conamara.
a fuair an t-eolas ó Phadraic ‘ac Confhaola (63)

Fág freagra ar 'Inniu a thosaíonn deireadh seachtaine na Cincíse, ná bearr tú féin ná na caoirigh agus seachain an snámh!'