B’ábhar iontais dhom a chloisteáil ar an raidió maidin Dé Céadaoin go raibh ionadaí na Roinne Oideachais, Pádraig Mac Fhlannchadha, den tuairim gur “moladh raidiciúil” a bheadh ann Bord Oideachais Gaeltachta a éileamh.
Léiriú eile ar an drogall atá ar an státchóras cead a chinn a thabhairt don phobal; ar fhaitíos na bhfaitíos go n-éireodh le pobal na Gaeltachta rudaí a chur ina gceart agus dul a mbealach féin…
Cibé rud faoi Bhord a bhunú, gach seans go gceapfadh duine gur “moladh raidiciúil” a bheadh ann Roinn Oideachais Gaeltachta a bhunú. Ach sin go díreach atá déanta i dtíortha eile ina bhfuil níos mó ná teanga amháin. Anseo sa mBeilg tá trí Roinn Oideachais agus trí Aire Oideachais le freastal a dhéanamh ar na trí phobal teanga atá sa tír.
Is í an tríú teanga náisiúnta, an Ghearmáinis, an cás is gaire do chás na Gaeltachta. 75,000 duine a bhfuil cónaí orthu in dhá phóca in oirthear na tíre. Ceantar tuaithe atá ann den chuid is mó cé is moite den phríomhbhaile, Eupen, ina bhfuil 18,000 duine, agus dhá bhaile eile ina bhfuil breis agus 10, 000 duine. Bhí os cionn 200, 000 cainteoir Gearmáinise taobh thoir de Liège agus ó dheas timpeall Arlon sa tseanaimsir. Is é an rud a thug an 75,000 cainteoir atá ann inniu slán gur tugadh an limistéar ina bhfuil cónaí orthu don Phrúis (an Ghearmáin) i 1815. Faoin tráth a tugadh an limistéar sin “ar ais don Bheilg” (níor bunaíodh stát na Beilge go dtí 1830) os cionn céad bliain ina dhiaidh sin, is beag rian den Ghearmáinis a bhí fágtha sa tír.
Cé go raibh teannas teanga sa mBeilg ón gcéad lá riamh agus go raibh iarrachtaí ar siúl ag an bpobal Pléimeannach cearta teanga a bhaint amach dóibh féin ó na blianta tosaigh, is sna 1960daí a d’éirigh leo bonn éigin níos foirmiúla a chur faoi na cearta sin. Bhí an Phléimeannais creimthe go mór faoin tráth sin sa Bhruiséil agus bhí míshástacht mhór ann i measc na bPléimeannach faoin gcaoi a raibh an stát agus na hollscoileanna ag caitheamh lena dteanga. Ba iad léirsithe na mac léinn a d’fhág gur thit an rialtas i 1968. Cuireadh an ruaig ar lucht léinn na Fraincise as ollscoil stairiúil Leuven ar an taobh ó thuaidh den Bhruiséil. Ba ollscoil Fraincise a bhí inti ó bunaíodh í in 1834. An réiteach ar thángthas air ná ollscoil Fraincise agus cathair nua as an bpíosa, Louvain-la-Neuve, a thógáil ar an taobh ó dheas den Bhruiséil. B’in eachtra shiombalach a d’fhág go mbeadh athrú feasta ar chinniúint lucht labhartha na Pléimeannaise agus na Gearmáinise sa tír.
Is i dtús na 1970daí a bunaíodh Comhairlí Cultúir don trí phobal teanga. As sin a d’eascair Parlaimintí na bPobal Teanga atá ann inniu. Dhírigh na Comhairlí sin ar ghnéithe cultúir, sóisialta agus oideachais. Chinntigh siad gur i dteanga dhúchais an tsaoránaigh a dhéanfadh an státchóras gnó leis an saoránach. Ach is próiseas fada casta a bhí agus atá ann agus níor tháinig deireadh leis go fóill. Is ag deireadh na 1980daí, mar shampla, a thángthas ar réiteach leis an gcóras oideachais a dhílárú agus a chur faoi stiúir na bpobal teanga. Tar éis blianta fada den streachailt teanga taobh istigh den Roinn Oideachais, tuigeadh ag deireadh na 1980daí nach raibh an córas mar a bhí sé in ann chuile thrá a fhreastal.
Murab ionann agus na Pléimeannaigh atá ag lorg níos mó agus níos mó cumhachtaí, tá pobal na Gearmáinise sásta lena gcuid. Níl fonn mór orthu stádas mar Réigiúin a éileamh. Tá cónaí orthu i Réigiún na Vallúine agus glactar leis go bhfuil orthu a ngnó a dhéanamh i bhFraincis má théann siad go Namur (príomhbhaile an Réigiúin). Tuigtear nach leor 75,000 duine le hairgeadú a dhéanamh ar na cúraimí ar fad a bhíonn ar Réigiún (m.sh. iompar, bonneagar, talmhaíocht, an geilleagar, tionsclaíocht, uisce, oibreacha poiblí, fuinneamh, pleanáil).
Ó am go chéile déanann Réigiún na Vallúine cumhachtaí áirithe Réigiúin a bhronnadh ar Pharlaimint Teanga na Gearmáinise más dóigh leo gurbh fhearr a d’fhéadfaidís féin déileáil leo, m.sh. cosaint séadchomharthaí, fostaíocht, turasóireacht nó rialtas áitiúil. Comhréiteach é seo a oireann don dá thaobh agus a thugann beagán níos mó smachta do lucht labhartha na Gearmáinise ar a gcinniúint féin.
Maidir le cúrsaí oideachais, is i nGearmáinis amháin atá an réamhscolaíocht, an bhunscolaíocht agus an mheánscolaíocht anois. Ach an oiread leis an mBéarla in Éirinn, ní féidir déanamh d’uireasa na Fraincise sa Vallúin agus is pobal dátheangach, dá bhrí sin, pobal labhartha na Gearmáinise. Cé go gceapfadh duine go luífeadh sé le réasún go roghnódh daltaí freastal ar ollscoileanna sa Ghearmáin, is iondúil go dtéann siad chuig ollscoileanna Fraincise sa Bhruiséil, i Liège nó i Namur. Bunaíodh Acadamh Ardoideachais in Eupen in 2005. Tá na cúrsaí dírithe ar na seirbhísí is mó a theastaíonn sa bpobal teanga – an altracht, an bhunmhúinteoireacht, an réamhscolaíocht, gnó agus cuntasaíocht.
Labhair mé le Raymund Berners, duine de bhunadh an cheantair, a bhfuil cónaí air anseo sa mBruiséil. Ní ghoilleann sé air nach mbíonn an Ghearmáinis le feiceáil ná in úsáid mórán sa Bhruiséil ná i Namur. Tuigeann an pobal go bhfuil an t-ádh dearg orthu mar phobal mionteanga. Tá smacht acu ar na rudaí is tábhachtaí le mionteanga a chosaint ina gceantar féin. Tá Parlaimint dá gcuid féin acu ina bhfuil 25 ionadaí tofa, feidhmeannas ina bhfuil ceathrar Airí (rialtas áitiúil; cultúr, fostaíocht agus turasóireacht; gnóthaí teaghlaigh, sláinte agus sóisialta; oideachas agus taighde) agus ionadaí amháin i bParlaimint na hEorpa. Tá sé ráite nach bhfuil aon phobal eile mionteanga ar domhan a bhfuil an chosaint chéanna acu. Cá bhfios?
Gearóid de Grás
An-alt ar fad. Cé nach saineolaí mé ar na cúrsaí seo, braithim gur saghas tearmainn (https://tuairisc.ie/reabhloid-phobail-de-dhith-i-bhfianaise-taighde-gaeltachta/) atá bainte amach ag na Gearmánaigh seo. Níl deacracht acu a ngnó a dhéanamh i bhFraincis sa bhaile mór ach oiread nuair is gá san.
An bhfuil seans dá laghad ann go dtiocfadh lucht labhartha na Gaeilge le chéile chun a leithéid a bhaint amach? Cad é an eagla atá ar na Gaeil? An é eagla nó leisce agus compord atá laistiar dá ndearcadh?
Arbh fhearr le lucht na Gaeilge fanacht leis an “toradh” a bheidh ar cheist éigin atá le cur ag iar-Aire amháin Rialtais fhrithGhaelach ar Aire reatha Rialtais fhrithGhaelach faoin dochar atá déanta aige féin sa chéad dul síos? Arbh fhearr le lucht na Gaeilge mionphointí a dhéanamh faoi chúrsaí staitisticí seachas an fhírinne a aithint? Arbh fhearr le lucht na Gaeilge mór is fiú, bladar agus bréaga seachas réabhlóid teangan a chur sa tsiúl beag beann ar lucht na cumhachta agus a gcuid lútálaithe, beag beann ar pholaiteoirí agus cluichí polaitíochta agus beag beann ar lucht na meán agus na cinsearachta nuair is gá san?
Dáithí Mac Cárthaigh
Ros catha ag teastáil.
Home Rule a mhac bán.
“Rialtais dúchais”
Cordelia Nic Fhearraigh
Tá an pobal/réigiún seo suite in oirdheisceart na Beilge – atá buailte leis an Ghearmáin – áit a bhfuil an Ghearmáinis ina mhórtheanga sa tír sin. Mar sin, muna bhfuil duine sásta le staid an Ghearmáinis sa Bheilg níl le déanamh acu ach an teorainn a thrasnú agus beidh faoiseamh acu a dteangaidh dúchais a labhairt gan buairt gan buaireamh sa Ghearmáin.. Cha dtig seo a chur i gcompráid le cás na Gaeilge sa Ghaeltacht i mo thuairimse.
Dáithí Mac Cárthaigh
Rialtas dúchais fiú
Tomás O Máille
Tuigim an t-amhras atá ort, a Cordelia, agus tá an ceart ar fad agat nach ionann cás na Gaeilge agus cás na Gearmáinise ar an iomlán. Mar sin féin, is féidir le mórtheanga a bheith ina mionteanga freisin ag brath ar an gcomhthéacs ina bhfuil sí á labhairt. Is cás an-dearfach an cás thuas dar ndóigh. Ach tá neart cásanna diúltacha ann freisin. Sampla maith is ea an riocht ina bhfuil na mionteangacha sa Fhrainc. Níl aon mheas ag stát na Fraince ar na mionteangacha sin agus tá a thoradh sin le feiceáil. Tá an Phléimeannais ann ó thuaidh, an Ghearmáinis thoir, an Bhascais agus an Chatalóinis ó dheas. Cé go bhfuil na pobail sin ar fad ina gcónaí ar theorainneacha an stáit agus go bhfuil na teangacha sin beo bríomhar ar an taobh eile de na teorainneacha sin, ní thabharfaidh sé slán mionteangacha na Fraince. Tá ag teipeadh ar na pobail sin an teanga a thabhairt ar aghaidh go nádúrtha don chéad ghlúin eile, rud a fhágann go bhfuil deireadh leo mar theangacha pobail, is cuma céard atá ar siúl ar an taobh eile den teorainn.