‘Níl lucht liostála arm na Breataine deisbhéalach go leor chun muintir na Gaeltachta a mhealladh’

An Claiḋeaṁ Soluis’ cothrom an ama seo (12 Feabhra 1916)…uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

C Solais

Uimhir 933   Cláraithe mar pháipéar nuachta  Feabhra 12, 1916    3

Cúrsaí an tSaoil

Lucht Liostála agus an Ghaeltacht

Iascairí

an lucht liostála ag obair go tréan sa Ghaeltacht. Chuaigh cuideachta uasal meidhreach isteach go Ros Muc agus Mícheál cróga Ó Laoghaire in éineacht leo, an tseachtain seo caite. Labhair PT Ó Máille agus an Ridire Séamus Ó Donnchadha, agus Iúdach ón Astráil leis an scata beag daoine a chruinnigh timpeall ar an ngluaisteán. Má labhair féin d’imigh a gcaint leis an ngaoth. Níor liostáil fiú duine de mhuintir Ros Muc.

Chuaigh na “huaisle” ó Ros Muc go dtí an Cheathrú Rua agus d’fhear an Máistir Tubraide fíorchaoin fáilte rompu. Scaoil siad a lán cainte gan toradh, agus ar siúl leo arís go dtí an Clochán. Níor éirigh leo sa Chlochán ach an oiread. Cuireadh beirt teachtairí isteach go hÁrainn agus táimid ag ceapadh gur turas in aistear (sic) a bhí acu. Níl an lucht liostála deisbhéalach go leor chun muintir na Gaeltachta a mhealladh, nó is baolach nach bhfuil Gaeilge an Ridire sách líofa go fóill.

Ag Milleadh faoin Impireacht

an Rialtas Éireannach ag milleadh faoin Impireacht as éadan a chéile. Deich mbliana ó shin bhí gnó na ceilpe ar siúl go láidir timpeall cuanta agus oileán na Gaillimhe. Lig an Rialtas do na Gearmánaigh ceimic nua a bhí chomh maith leis an gceilp a chur ar díol i Sasana agus chuaigh gnó na ceilpe chun deiridh. Bhí ar a lán Gaillimheach imeacht go Meiriceá agus ní hionadh nach bhfuil toradh ag na fir a d’fhan sa bhaile ar chaint an lucht liostála.

Níl iascairí in Éirinn is mó atá in easpa bád agus gléas iascaireachta ná iascairí na Gaillimhe. Tá 150 acu imithe leis an gCabhlach ach níl an Rialtas sásta leis an méid sin. Santaíonn siad tuilleadh de na hiascairí scafánta cumasacha láidre. Dá bhoichte iad na hiascairí níl fonn orthu dul isteach sa chogadh seo agus thug an Rialtas buille fill dóibh le gairid a chuir glan díreach in aghaidh an lucht liostála iad, agus a chuir faobhar orthu chuig Gaill.

Bhí Bord na gCeantar Cúng ag cuidiú leis na hiascairí. Bhí airgead á thabhairt ar iasacht ag an mBord dóibh le báid agus eangacha a cheannach. Baineadh an t-airgead den Bhord agus ní bheidh cabhair do na hiascairí feasta. Bhí £16,000 ag teacht don Dipeartmint in aghaidh na bliana le haghaidh iascaireachta. Coisceadh an t-airgead sin mí ó shin, agus is eol do na hiascairí is ciontach leis an gcoisceadh. Agus ina dhiaidh sin is uile tá an Rialtas ag súil le saighdiúirí ó Ghaillimh. Muise, nach gob atá an craiceann orthu.

Fíodóirí

Deirtear linn go bhfuil siopadóirí ag díol bréidín bréige ar a dtugann siad bréidín an choitín nó cottage tweed. Ligeann siopadóirí míchneasta orthu go ndearnadh an t-éadach ag fíodóirí tuaithe. Na daoine a cheannaíonn é creideann siad na siopadóirí agus is dóigh leo gur déantús tuaithe an bréidín bréige. Is mó an éagóir ar na fíodóirí an cleas seo. Fíor-ghadaíocht is ea.

Déantar an fíor-bhréidín Gaelach i gCiarraí, i gConamara agus i dTír Chonaill. Chonaiceamar na fíodóirí ag obair agus tá a fhios againn gur éadach cneasta a mbréidín. Cuirtear mianach olann gan truailleachas ann agus díoltar é ar luach íseal. Ní bhíonn ach luach saothair suarach go leor ag na fíodóirí féin. Is beag ceard atá fágtha anois sa Ghaeltacht agus tá an ceard seo á scriosadh ag gan éinne le lucht a scriosta a thoirmeasc.

An tromsuan atá ar chigirí agus dlíodóirí an Dipeartmint? Nó an amhlaidh a chaochann siad súil ar an éagóir? Tá a fhios againn gur maith le cuid den lucht stiúrtha gan an dlí a chur ar lucht na héagóra. Is cuma leo cén éagóir a dhéantar ar dhéantóirí Éireann. Bhí siad go maith agus go dílis don tír seo ar feadh scaithimh. Bhíodh dream na héagóra á gcúiseamh acu go tiubh, ach mhaolaigh siad go mór ar an bhfaobhar le gairid. Beidh cead ag na fíodóirí ar ball dul san Arm nó dul ag iarraidh déirce.

I gCorcaigh Mumhan

Is minic agus mé ag teacht trí Shráid Marlboro oíche Shathairn ag déanamh amach ar uair an mheán oíche nuair a d’fheicfinn solas i bhfuinneog seomra Uí Ghramhna, a deirinn liom féin, “Is crua atá an tArd-Choiste seo againne ag saothar chun staid an Chonartha agus staid na Gaeilge a fheabhsú anseo cois Laoi.” Ach faraor! Tá a mhalairt d’eolas agam ar an ngnó a bhíonn ar siúl i Seomra Uí Ghramhna gach oíche Shathairn go meán oíche. Tugadh cead dom a bheith láithreach ag ceann de na cruinnithe an oíche faoi dheireadh. Ní raibh de cheist á plé ó thosach go deireadh an chruinnithe, nach mór, ach ar cheart mná a chomhghlacadh ar an gCoiste nó nár cheart.

Ar Liam de Róiste is ea ba cheart an uile phioc den mhilleán mar gheall air seo a chur do mo dhóigh-se. Is é a tharraing anuas an scéal agus is é ba mhó fonn a bheith ag argóint mar gheall air. Ar seisean: “Is dóigh liom gur cheart go mbeadh mná ar an Ard-Choiste seo. Bíonn uaigneas ar na fir a bheith ar chruinniú nach mbíonn na mná i láthair agus nuair a bhíonn uaigneas ar an gcroí maith a fhéadann an ceann é féin a shocrú síos chun gnó, go mór mór, chun gnó intleachta mar ghnó Ard-Choiste Chorcaí.” Arsa Seoirse Mac Niocaill á fhreagairt: “Féach a Liam, má bhíonn mná ar an gcoiste seo tá triúr nó ceathrar d’ógfhir áirithe ar lucht Conradh na Gaeilge sa chathair agus ní stadfaidh siad ach ag teacht chugainn isteach anseo gach oíche Shathairn agus iad ina dtoscairí mar gheall ar rud éigin nó le gnó éigin, mar dhea, agus ní ligfidh siad dúinn dada a dhéanamh ar feadh na bliana. Ná bac leo mar mhná: sin í mo chomhairle-se duit.” Agus bhí freagra ullamh ag Liam air agus freagra aige arís ar Liam, agus lean siad orthu ag argóint agus ag áiteamh ar feadh dhá uair go leith a chloig nó níos mó, focal á chur isteach anseo agus ansiúd eatarthu ag na comhaltaí eile.

Rud ciallmhar a rinne dream beag le lucht na Gaeilge anseo le grod coirm cheoil nach raibh ar an gclár na cóir acht Gaeilge amháin, a bheith acu i Halla na Cathrach. Déarfadh duine b’fhéidir, nach n-éireodh lena leithéid de choirm cheoil in áit mar chathair Chorcaí ach féach gur éirigh agus go rímhaith. Bhí an Halla lán go doras agus rud níos fearr de réir gach comhartha thaithin an méid a bhí ar siúl lena raibh láithreach. An tAthair Séamus Ua Floinn agus Coiste Chuallacht Mhuire a chuir an choirm cheoil seo ar bun agus shaothraigh dí agus is mór an moladh agus an buíochas atá tuillte acu dá bharr. Tá moladh tuillte leis mar gheall uirthi ag a lán de lucht scoileanna na cathrach go raibh…

Má mheabhraíonn an Claidheamh duit dul go dtí siopa áirithe ag ceannach earraí ná fág an siopa sin gan an Claidheamh a lua

Fág freagra ar '‘Níl lucht liostála arm na Breataine deisbhéalach go leor chun muintir na Gaeltachta a mhealladh’'