Níl cúis ar bith nach mbeadh an lá le Cúige Laighean

Tá seans iontach ag Cúige Uladh agus Cúige Laighean ina gcluichí leathcheannais Eorpacha

Níl cúis ar bith nach mbeadh an lá le Cúige Laighean

Leo Cullen. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Is cinnte nach cluiche a cailleadh an sórt réiteach a bheadh ó bhainisteoir roimh chluiche tábhachtach, ach sin díreach a tharla an deireadh seachtaine seo caite i gcás Chúige Laighean agus Chúige Uladh. Ní hamháin gur chaill siad i mBabhta 1 de Chorn an Bhogha Ceatha ach theip ar an dá fhoireann agus iad ag imirt ar fhód an bhaile.

Tá sé chomh maith duit a rá gur chuir foireann bainistíochta na nUltach a gcéad rogha imreoirí chun páirce agus iad i gcoinne Chúige Chonnacht, iad ag iarraidh chuile leas a bhaint as an gcoimhlint roimh thabhairt faoi na Leicester Tigers i Sasana anocht. Ach cé nár éirigh le foireann an bhaile an lá a thabhairt leo i gcoinne na gConnachtach, is cinnte mar sin féin gur réiteach iontach a bhí sa gcluiche do chluichí leathcheannais Chorn an Dúshláin inniu.

D’éirigh leis na hUltaigh neart cleachtadh a dhéanamh ar phatrúin imeartha nua agus ag an am céanna tugadh deis d’imreoirí a bhí ar dhualgas idirnáisiúnta le tamall aithne a chur ar a gcuid gcomrádaithe cúige arís.  B’fhéidir mar sin nach tubaiste amach agus amach a bhí i mbua na gConnachtach!  Is cinnte go mbeidh na hUltaigh réitithe níos fearr do dhúshlán an lae inniu i gcoinne foireann atá san ochtú háit ar thábla an Premiership faoi láthair. Is fiú a lua gur chaill Leicester (18- 23) freisin agus iad sa mbaile i gcoinne Northampton an deireadh seachtaine seo caite.

Fágann sin gur orthusan atá an brú is mó inniu in ainneoin gur acu atá buntáiste an bhaile. Ní bheidh mórán idir an dá fhoireann seo ach tá mise le bua a thuar d’fhoireann Bhéal Feirste,  sin má thugann siad aird ar na ceachtanna a d’fhoghlaim siad ó na Connachtaigh.

Chinn Leo Cullen foireann sách lag a chur chun páirce i gcoinne chéad rogha na Mumhan agus d’íoc siad go daor as (3 -27). Is fada an lá ó fuair aon fhoireann as Cúige Laighean greadadh chomh dona sin.  Ach ag an am céanna, cé gur chaill siad, chinntigh Leo Cullen nár sceith sé aon rún roimh chluiche leathcheannais Chorn na gCuradh an Domhnach seo i gcoinne La Rochelle, foireann a bhfuil Ronan O’Gara i gceannas orthu.

Is iad La Rochelle atá sa dara háit ar thábla an Top 14 faoi láthair, ocht gcluiche caillte acu as 21 iarracht.  Bhí bua maith 38 – 23 acu ar Lyon sa gcluiche deiridh a d’imir siad, bua a chuirfeas go mór lena muinín agus buntáiste an bhaile acu i gcoinne Chúige Laighean. Tá mise cinnte go mbeidh sárchluiche againn idir La Rochelle, foireann atá ar thóir a gcéad chraobh Eorpach agus Cúige Laighean atá ar thóir a gcúigiú ceann.

Bhí mise agus na geallghlacadóirí den tuairim go mbeadh dóthain cleachtaidh agus tallainne ag na Laighnigh chun an beart a dhéanamh arís ach sin sular chuala muid nach mbeadh fáil ar Johnny Sexton.

Mar sin féin, má imríonn na hiarchuraidh mar a rinne siad i gcoinne Exeter sa gcluiche ceathrú ceannais, nuair a bhí Ross Byrne ar an bpáirc mar ionadaí in áit Sexton, níl cúis ar bith nach mbeadh an lá leo.

Tá mise ag súil le sárcluiche a bheas an-suimiúil ar fad, ach tógfaidh sé tréan-iarracht ó fhir Átha Cliath agus iad d’uireasa Sexton, más leo imirt i gcluiche ceannais eile.

Fág freagra ar 'Níl cúis ar bith nach mbeadh an lá le Cúige Laighean'