Níl aon éalú ó laigí móra an scannáin is déanaí ó Owen Wilson

Tá rud éigin samhnasach agus mórchúiseach ag baint le hairracht ‘No Escape’ scéal eachtraíochta a bhaint as cruachás an tríú domhan

No Escape

No Escape
Stiúrthóir: Jack Erick Dowdle
Cliar: Owen Wilson, Pierce Brosnan, Lake Bell, Sahajak Boonthanakit.

Dá ndéanfaí an scannán seo sna seachtóidí/hochtóidí, ní chuirfí aon nath ann agus d’earcófaí Chuck Norris agus aisteoir baineann anaithnid le buantonn chun tabhairt faoin dá phríomhról. Sa lá inniu, áfach, ritheann sé linn go bhfuil rud éigin samhnasach agus mórchúiseach ag baint le scéal eachtraíochta aontoiseach a bhaint as cruachás an tríú domhan agus tír atá in umar na haimléise. Go deimhin, bhí blas suarach na seineafóibe agus an chiníochais ar an táirge seo ar uairibh, agus a daoine geala deasa ar a dteitheadh ós na daoine donna marfacha.

Tá an chéad radharc lonnaithe i dtír chineálach in oirdheisceart na hÁise (cé nach n-ainmnítear an tír in aon chor, tuigtear dúinn ós na tagairtí don Vítneam gurb í An Chambóid nó Laos atá i gceist). Feicimid príomhaire na tíre, ar gheall le deachtóir é ina chulaith mhíleata; garda cosanta agus pálás sócúlach, i mbun gnó le heachtrannach.

I bhfaiteadh na súl, tá fear na culaithe lámhachta agus an lasair curtha sa bharrach.

Sa chéad radharc eile, feicimid muintir Dwyer ar bord eitleán uaireanta an chloig roimhe agus iad ar a slí go dtí an tír chéanna. Innealtóir é Jack (Wilson) gur chlis ar a chomhlacht agus atá ag tabhairt faoi jab nua thar lear.  Go deimhin, bhain an chuid seo den scannán, agus na leanaí ag féachaint ar an domhnan allúrach seo trí fhuinneog an tacsaí, macallaí as an táirge machnamhach úd le Jim Sheridan, In America (2002.) Ar an drochuair, níl ann ach macalla. Caitear roinnt ama leis an gcúlra seo cé nach bhfuil baint ar bith aige leis an scéal. Tá a fhios ag madraí an bhaile ag an bpointe seo nach aon tagairt theibí atá sa teideal.

Scéal eachtraíocht foirmligh a bheidh anseo agus an teaghlach ar a dteitheadh ós na bithiúnaigh, anaithnide, chineálacha. Ní túisce iad buailte fúthu sa tír ná go dtosnaíonn cúrsaí ag dul in olcas. Ní oibríonn an guthán, solas ná teilifís i seorma an óstáin, iarracht chiotach eile a chur abhaile orainn go bhfuilid anois sa tríú domhan, nó sa cheathrú domhan, mar a deirtear linn go mórchúiseach.

Lena cheart a thabhairt don táirge, déantar míreanna aicsin slachtmhara a sholáthar agus cuirtear an sceimhle in iúl go paiteanta, an t-ionsaí ar an óstán go háirithe. Tá na míreanna seo ana-chorraitheach cé go dtéitear, ní nach ionadh, i muinín an mhéaldráma agus na háiféise ar uairibh.

Is cuma ann nó as carachtar Brosnan, gníomhaire de chuid MI atá ann leis an teaghlach a shábháil agus mínithe fealsúnacha a chur ar fáil ar shlí a d’fhágfadh Basil Exposition in áit na leathphingne. Déantar iarracht neafaiseach cúrsaí polaitíochta agus camasataíola a tharraingt isteach agus cuid den chiníochas agus an tseineafóibe a dhíbirt.

Is buaichphointe aicsin é an radharc ar dhíon an óstáin agus tine ar an gcraiceann againn ag féachaint ar iarrachtaí an teaghlaigh éalú ós na ceannaircigh mharfacha.

Tá iomaire na hainnise treafa ag Wilson le blianta ach thug sé faoi shoathar den tsaghas seo cheana le Behind Enemy Lines (2001). Comhlíonann sé a dhualgais arís anseo agus léiríonn go bhfuil cumas aisteoireachta ann dá dtabharfadh sé an deis dó féin riamh.

Is fuirist críoch an scannáin a thuar ach is fuirist an scannán ar fad a thuar ón teideal.

Fág freagra ar 'Níl aon éalú ó laigí móra an scannáin is déanaí ó Owen Wilson'