‘Ní thuigim Schubert mé féin, ach cá bhfuil an mhistéir má thuigimid gach rud faoin gceol?’

D’fhreastail ár gcolúnaí ar cheolchoirm a mheabhraigh di nach aon dochar do dhuine cúl a thabhairt leis an ‘comfort zone’ agus blaiseadh d’iontais nua

‘Ní thuigim Schubert mé féin, ach cá bhfuil an mhistéir má thuigimid gach rud faoin gceol?’

Uair amháin le linn ré eile i mo shaol, bhí an-suim agam i scéal an ‘Sistema’ i Veiniséala. Cé go raibh siad beo bocht, chuir muintir Veiniséala rompu ceol a mhúineadh sa scoil do gach páiste agus seans a thabhairt dóibh freisin páirt a ghlacadh i gceolfhoireann, dá mb’fhéidir é. D’éirigh go hiontach leis an mbeart agus tháinig duine de na stiúrthóirí is mó cáil sa domhan, Gustavo Dudamel, chun cinn as an gcóras sin.

Bhí mé ag cuartú smaointe ag an am i gcomhair sraith teilifíse, a dhéanfadh a mhacasamhail sa tír seo– ceol a mhúineadh do pháistí nach raibh mórán de mhaoin an tsaoil acu agus deis a thabhairt dóibh ceolfhoireann a thosú freisin. Labhair mé le léiritheoir faoi.

Agus ansin, céard a tharla, ach fuaireamar amach go raibh a leithéid ar siúl cheana. Ní raibh sé ar bun ar fud na tíre, ar nós an ‘Sistema’ ach bhí córas den chineál sin bunaithe i gCromghlinn i mBaile Átha Cliath, ag bean rialta chumasach, an tSiúr Bernadette Sweeney.

Agus ba as sin a d’fhás an smaoineamh ar a raibh an tsraith Music Changes Lives, bunaithe. Bhí sé i gceist ag an am go dtabharfadh na léiritheoirí cuairt ar Nua-Eabhrac in éineacht le cuid de na gasúir. Chuala siad faoi bhean óg as Éirinn a bhí ina sárcheoltóir ar an gclairinéad agus bhí sí ag staidéar ag Scoil cháiliúil Juilliard i Nua-Eabhrac ag an am. Carole McGonnell an t-ainm a bhí uirthi.

Ní raibh sé ar a gcumas dul chomh fada le Nua-Eabhrac ach d’fhan ainm Carol McGonnell i mo chloigeann ó shin i leith. An tseachtain seo, d’éirigh liom í a chloisteáil ag coirm cheoil speisialta i mBaile Átha Cliath.

Uair amháin bhíodh sraith coirmeacha ceoil ann chuile bhliain agus iad i dtithe móra stairiúla na tíre ach d’athraigh siad an t-ainm ó ‘Music in Great Irish Houses’ – is dócha mar gheall ar an ‘ardnósachas’ a bhain leis an teideal sin. Anois tugtar ‘Great Music in Irish Houses’ air. Agus bhí Carol McGonnell le casadh i gCeanncheathrú AirBnB ar thaobh Dhuga na Canálach Móire. Mar sin, bhí buntáiste breise ann don té a bheadh fiosrach- seans a bheith ag bolaíocht thart sa bhfoirgneamh stairiúil seo.

Is deacair a chreidiúint anois gur foirgnimh thionsclaíocha ar fad a bhí thart anseo uair amháin. Bhí rothair á ndéanamh ag Raleigh anseo go dtí 1980. Agus i bhfad roimhe sin i lár an 19ú céad, ba é an chéad áit in Éirinn é ina raibh cuisneoir a raibh leac oighir ann!

Ach ní hé gach lá a ligtear isteach an daoscarshlua agus mar sin, deis a bhí ann an leagan amach an-nua-aimseartha atá déanta ag AirBnB ann a fheiceáil. Caifé, bunóga, uisce ar fáil ansin i gcaitheamh an lae don fhoireann oibre – agus dúinne an lucht éisteachta mar an gcéanna. Tá áit mhór fhairsing i lár an fhoirgnimh a mbíonn cruinnithe agus taispeántais ar scáileán ag an bhfoireann. Tá sé thar a bheith feiliúnach i gcomhair ceolchoirme freisin.

Tháinig Carol amach agus in éineacht léi bhí na cumadóirí ceoil agus an t-aisteoir, Kathy Rose O’Brien, le giotaí litríochta a léamh idir na píosaí ceoil. Níor léigh mé mórán faoin gcineál ceoil a chasfadh sí roimh ré……

Bhuel, bhí mé amuigh as mo ‘comfort zone’ ón tús. I bhfad ó Kansas anois, atá tú anois Toto…

Ceol nua-aimseartha cumtha go speisialta don chlairinéad a bhí ann. Ní raibh sé blas cosúil leis an seancheol clasaiceach a mbeadh cleachtadh ag daoine air. Nótaí aonair, nótaí arda agus ísle, análú gan cheol, ceol gan aon rithim sho-aitheanta, nótaí fada, nótaí beaga bídeacha.

Ach bhí sé dochreidte. D’fhan an lucht éisteachta socair, gan gíog astu ar feadh uair go leith beagnach. Bhíodar faoi dhraíocht aici.

Labhair sí ag a dheireadh agus bhí na cumadóirí – arb as an Afraic Theas agus as an bhFrainc iad – agus an t-aisteoir ar an stáitse léi le ceisteanna a fhreagairt. Formhór an lucht éisteachta, bhí cleachtadh acu a bheith ag éisteacht le ceol dá leithéid. Ach d’fhiafraigh bean amháin di cén chaoi a ndearna sí ‘interpretation’ ar an gceol áirithe seo.

Chuaigh a freagra i bhfeidhm go mór orm. ‘Bhuel,’ a dúirt sí. ‘Nuair a chasaim Mozart nó Schubert ní fhiafraíonn éinne díom cén chaoi a bhfaighim meabhair nó míniú ar a gcuid ceoil.’

‘Mar a tharlaíonn sé,’ a dúirt sí, ‘Ní thuigim Schubert mé féin. Cá bhfuil an mhistéir má thuigimid gach rud faoin gceol?’

‘Má mhairimid sa ‘grey area’ tugann sé deis dúinn cuntas a thabhairt ar an gcaoi a dtéann sé i bhfeidhm orainn féin, go pearsanta.’

Nach deas an míniú é sin, arsa mise liom féin. Smaoineoidh mé air an chéad uair eile a mbeidh mé ag taispeántas ealaíne comhaimseartha. Cén chaoi a bhfuil sé ag dul i bhfeidhm ormsa, go pearsanta?

Labhair an cumadóir Allain Gaussin agus dúirt ‘The first time I heard Carol playing, she was playing like God!’. Is cinnte go bhfuil cumas thar na bearta ag an mbean óg seo. Tá go leor bainte amach aici ó chéadchuala mé a hainm agus í ag staidéar sa Juilliard. Anois tá sí ag múineadh ansin chomh maith le bheith ar fhoireann Scoil Cheoil Aaron Copland CUNY, i Nua-Eabhrac. Liosta le háireamh na léirmheasanna iontacha atá faighte aici, ar fud an domhain.

Sampla í den chineál Éireannach nua atá anois ann, iad ina gcónaí thar lear b’fhéidir, ach cos sa mbaile acu freisin. Ceoltóirí, aisteoirí, lucht gnó, dearthóirí – nach bhfuil an t-ádh orainn go bhfuil a leithéidí againn? B’fhéidir go dtiocfadh Carol McGonnell eile – nó Gustavo Dudamel eile fiú- amach as na scéimeanna ceoil atá bunaithe ag an tSr Bernadette agus ag daoine eile na n-aislingí in Éirinn. Táimid ag tnúth leis an lá sin.

Fág freagra ar '‘Ní thuigim Schubert mé féin, ach cá bhfuil an mhistéir má thuigimid gach rud faoin gceol?’'