Ní thuigeann mo mháthair céard é an coróinvíreas, ach is léir di go bhfuil an saol ar fad as alt

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer. Ní thuigeann máthair ár gcolúnaí, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, an tábhacht a bhaineann le níochán lámha a thuilleadh

Ní thuigeann mo mháthair céard é an coróinvíreas, ach is léir di go bhfuil an saol ar fad as alt

Ní thuigeann mo mháthair, a bhfuil galar Alzheimer uirthi, a thuilleadh céard é an coróinvíreas.

Bhí tráth ann gur thuig. Ach de réir mar a leanann an phaindéim ar aghaidh, is baolach gur i laige atá cuimhne mo mháthar ag dul. Ar an drochuair, ciallaíonn sin go mbíonn orm féin agus ar mo dheartháir óg a chur i gcuimhne di cúpla uair sa lá go gcaithfidh sí a bheith cúramach agus í ag dul amach.

An lá cheana, bhí an ‘tseoid’ seo de chomhrá agam léi i bhfísghlaoch:

‘Bhí mé ag an ollmhargadh,’ a d’inis mo mham.

‘Agus an raibh do mhasc aghaidhe ort?’

‘Ní raibh.’

‘Agus ar nigh tú do lámha nuair a tháinig tú ar ais?’

‘Níor nigh.’

‘A mham,’ a scairt mé, ‘d’fhéadfá bás a fháil ar an gcaoi sin!’

Bhain tuin mo ghlóir siar as mo mham go mór. Ní thuigeann mo mháthair céard é an coróinvíreas a thuilleadh, ach is ríléir di go bhfuil an saol ar fad as alt. Daoine ag béiceach uirthi toisc nach bhfuil a lámha nite aici. Masc ar aghaidh chuile dhuine san ollmhargadh. Athruithe móra millteacha nach léir di (a thuilleadh) a gcúis.

Rith sé liom an lá cheana nár léigh mé riamh faoi eispéireas daoine a raibh galar Alzheimer orthu sna cogaí domhanda, nó go deimhin le linn na dtrioblóidí ó thuaidh. (Is cinnte gurbh ann dóibh: thiar sa bhliain 1906 a rinne Alois Alzheimer cur síos den chéad uair ar an ngalar a ainmníodh ina dhiaidh.) An raibh a mbeatha á chur i mbaol acu i ngan fhios dóibh féin toisc nár thuig siad pé beartais éigeandála a bhí á gcur i bhfeidhm? An raibh tionchar diúltach ag an strus breise a chothaigh an ghéarchéim sa tsochaí ar mheath a n-inchinne?

Tá meath mór millteach agus tobann tagtha ar chuimhne agus ar chumas meabhrach mo mháthar féin le leathbhliain anuas, ó thosaigh géarchéim an choróinvíris. An comhtharlúint é sin agus an amhlaidh go mbeadh an dul ar gcúl céanna i ndán di beag beann ar an bpaindéim, nó an bhfuil baint idir an dá rud? Ceist spéisiúil, agus cá bhfios nach bhfuil staidéar ar siúl in áit éigin faoi láthair a d’fhreagródh í amach anseo, ach pé freagra a d’aimseofaí, is baolach nach réiteodh sé an fhadhb.

Faoiseamh dom féin agus do mo dheartháir óg nach bhfuil ár máthair ina cónaí i dteach altranais agus go bhfuil cúram baile á chur ar fáil di sé lá sa tseachtain ón Luan beag seo a chuaigh thart, rud a fhágann nach gá di féin a thuilleadh dul in aon áit a bhféadfadh sí Covid-19 a tholgadh.

Idir an dá linn, déanaimid iarracht gan béiceach uirthi nuair a fhaighimid amach nach mbíonn a cuid lámha nite aici.

Fág freagra ar 'Ní thuigeann mo mháthair céard é an coróinvíreas, ach is léir di go bhfuil an saol ar fad as alt'

  • James Kavanagh

    A Alex, a chara,
    Bainim taitneamh as do chuid alt i gcónái.
    Is mór an trua atá agam ort agus ar do dhearthár as an drochbhail atá ar do mháthair bhocht faoi láthair.
    Cá bhfuil cónaí uirthi? An bhfuil sí san ísealtír i gcónaí? An bhfuil aon duine dá gaoil cónagarach dí ann?