‘Ní mór féiniúlacht Eorpach a chothú chun an tAontas a láidriú’

Agus babhta eile den Chomhdháil maidir le Todhchaí na hEorpa á reáchtáil in Florence na hIodáile an deireadh seachtaine seo, labhair Tuairisc.ie le triúr cainteoirí Gaeilge atá ar Phainéal Shaoránaigh na hEorpa

‘Ní mór féiniúlacht Eorpach a chothú chun an tAontas a láidriú’

1) An raibh aon suim agat i gcúrsaí an AE sular roghnaíodh tú le bheith páirteach sa Chomhdháil maidir le Todhchaí na hEorpa?

Niall Murphy: Bhí, mar bhí suim agam i gcónaí sa bpolaitíocht, go háirithe agus an lear mór plé a dhéantar sna meáin Bhéarla ar an mBreatain agus ar Mheiriceá seachas mar a dhéantar ar chúrsaí na mballstát eile san Aontas Eorpach. De bharr an chúlra gnó atá agamsa coinním súil ghéar ar chúrsaí eacnamaíochta a bhfuil an tAE ina cheann feadhna orthu. Chomh maith leis sin tá mé ag obair faoi láthair i réimse a bhaineann le príobháideachas sonraí agus is iad rialachán GDPR an AE a thugann ceannródaíocht sa bplé ar an ábhar seo le blianta beaga.

Eoin Stafford: Tá suim agam i gcúrsaí reatha agus príomhscéalta an lae ach caithfidh mé a admháil nach raibh suim faoi leith agam san AE sular roghnaíodh mé le bheith páirteach sa Chomhdháil seo. Cinnte, d’fhoghlaim mé faoin Aontas Eorpach ar scoil agus ó am go ham léinn scéalta faoi ach níorbh aon saineolaí mé maidir leis an AE. I mo thuairimse ní bhíonn dóthain tráchta faoin AE i nuachtáin agus ar theilifís na tíre seo. Tá tionchar mór ag an AE ar shaol na tíre seo agus ba chóir go mbeadh níos mó le cloisteáil sna meáin faoi céard atá ag tarlú sa Bhruiséil. Nuair a chuala mé faoin Chomhdháil, léigh mé roinnt mhaith faoin AE sula ndeachaigh mé chuig Strasbourg den chéad uair. D’fhoghlaim mé faoi na hinstitiúidí éagsúla, an Pharlaimint, an Coimisiún agus na cumhachtaí éagsúla atá acu.

Aoife O’Leary: Bhí suim agam i gcónaí i gcúrsaí an AE sular roghnaíodh mé le bheith páirteach sa Chomhdháil seo agus toisc go bhfuilim ag déanamh Máistreacht ar Dlí na hEorpa, bhíos an-sásta an deis seo a thapú.

2) Cad a cheap tú faoin deis a bheith ar Phainéal Shaoránaigh na hEorpa?

Niall Murphy: Bhíothas neamhchinnte ar dtús conas a d’oibreodh an próiseas mar comhdháil don óige a ceapadh di ar dtús. A thúisce agus a bhíothas thall ba léir go raibh an-éagsúlacht sna daoine a bhí i láthair. Bhíothas ar bís a bheith rannpháirteach sa gcéad tionscadal mór dá leithéid, go háirithe tar éis an chlampair ar fad faoin mBreatimeacht le déanaí agus a riachtanaí atá sé go n-aithneoimis dáiríre an tsaoránacht Eorpach agus go dtuigfí na buntáistí a théann léi sin, rud ar cuireadh go leor de shaoránaigh an Ríochta Aontaithe ar míthreoir faoi le linn fheachtas an reifrinn.

Eoin Stafford: Bhí mé ar bís nuair a fuair mé glaoch le bheith páirteach sa phainéal. Is breá liom bualadh agus caint le daoine difriúla agus seans iontach a bhí ann taisteal agus foghlaim. Ní raibh mé cinnte céard a bheadh i gceist leis.

Aoife O’Leary: Cheap mé gur deis iontach a bhí anseo chun níos mó a fhoghlaim faoi chúrsaí an Aontais Eorpaigh agus chun dul i dteagmháil le hEorpaigh eile agus níos mó a fhoghlaim faoi chúrsaí sna tíortha sin. Ba dheis iontach é domsa taisteal go Strasbourg agus an cineál oibre a dhéanann siad san AE a fheiceáil dom féin.

3) Cad atá déanta ag an phainéal ó thosaigh tú?

Niall Murphy: Tháinig an chéad phainéal le chéile i bParlaimint na hEorpa i Strasbourg mí Meán Fómhair agus bhí cruinniú iomlán digiteach ann mí na Samhna. Ag an gcéad seisiún bhí saineolaithe ag caint faoi thábhacht a réimsí spéise féin – bíodh sin an saol acadúil, spórt, léann an chomhionannais, eacnamaíocht, srl. Bhí na daoine ar an bpainéal ag cur a smaointe féin in iúl ionas go bpléifí iad. Rinneadh foghrúpaí dínn ansin agus ábhair éagsúla le plé againn. I mo ghrúpa féin ‘Geilleagar níos láidre don Eoraip’ a bhí á phlé againn agus muid ag plé tionscnaimh a d’fhéadfadh feabhas a chur ar gheilleagar an bhloic. Rinneadh plé ar chomhchuibhiú cánach agus roinnt an rachmais. Ba léir gur thuig an grúpa ar fad a thábhachtaí agus a phráinní is atá an imní faoin athrú aeráide. Lean an chomhdháil fhíorúil ar aghaidh mar seo nó go ndearnadh scagadh ar na ceisteanna a luadh ag an gcéad seisiún.  An aidhm a bhí againn go mbeadh an tuarascáil ar an gcíoradh ar na príomhcheisteanna agus na tionscnaimh ullamh ach a gcríochnódh an ócáid i mBaile Átha Cliath.

Eoin Stafford: Ó thosaigh mé leis an bpainéal, bhí díospóireachtaí agam le baill an phainéil ó gach tír san AE. Tá 200 saoránach i mo phainéal. Cuireadh daoine i ‘ngrúpaí beaga’ chun ábhair áirithe a phlé. Ba é ‘an geilleagar’ agus cúrsaí eacnamaíochta na cúrsaí a bhí á bplé ag mo ghrúpa. Ba é aidhm an ghrúpa moltaí a dhéanamh. Is é an téama ba mhinice a tháinig chun cinn sna cainteanna leis na saoránaigh ná an gá atá ann níos mó béime a chur ar chearta sóisialta. Tá na saoránaigh san AE ag lorg cearta amhail oideachas, cúram sláinte agus tithíocht mar chearta bunúsacha ar cheart don Aontas Eorpach a bheith ina mbun, seachas na tíortha éagsúla. Faoi láthair tá na cearta sin faoi chúram an stáit in ionad an Aontais. Mhol an grúpa gur chóir na cearta sin a chur ar fáil diaidh ar ndiaidh. Dar ndóigh ní féidir gach rud a athrú láithreach. Níor tógadh an Róimh in aon lá amháin, mar a deirtear. Sampla de chearta nua ná ‘ranníocaíochtaí pinsin’ a chur ar fáil do thuismitheoirí atá ag tógáil páistí go lán-aimseartha seachas a bheith ag obair lasmuigh. Le linn cruinniú mór i Strasbourg, thug mé féin óráid os comhair na parlaiminte. Labhair mé faoin taithí a bhí agam ag an Chomhdháil maidir le Todhchaí na hEorpa agus faoi na moltaí a rinne mo ghrúpa.

Aoife O’Leary: Go dtí seo, tá páirt glactha agam i roinnt grúpaí díospóireachta maidir leis an ngeilleagar agus cúrsaí oideachais. Éisteann na modhnóirí linn agus muid ag plé na bhfadhbanna agus na deacrachtaí a bhaineann leis na hábhair seo san AE agus cad ba mhaith linn a dhéanamh chun na fadhbanna sin a réiteach agus conas is féidir linn an geilleagar agus cúrsaí oideachais a fheabhsú go ginearálta. Ina dhiaidh sin bíonn díospóireacht ollmhór leis an 200 saoránach faoin méid a pléadh i ngrúpaí eile. Cuireann na modhnóirí ár moltaí go léir le chéile i ndoiciméad agus roinneann siad é sin leis na grúpaí eile atá sa Chomhdháil, agus leis na Feisirí Eorpacha agus na polaiteoirí náisiúnta, ionas go ndéanfar plé níos mó orthu.

4) Cad atá foghlamtha agat faoin AE?

Niall Murphy: D’fhoghlaim mé ó bhaill eile na bpainéal na deacrachtaí a bhíonn ag daoine i dtíortha eile – bíodh sin na tinte móra sa nGréig agus an baol atá ann don daonlathas sa Pholainn.   Maidir leis an institiúid féin, labhair mé le roinnt mhaith breathnóirí a bhí i láthair ag an ócáid in Strasbourg agus is ansin a thuigeann tú an scála ag a n-oibríonn an tAontas agus na réimsí éagsúla go léir a ndéanann siad taighde agus gníomh ina leith. D’fhoghlaim mé chomh maith go dteipeann air athrú a dhéanamh uaireanta mar gheall ar an tslí a bhfeidhmíonn sé agus an riachtanas atá ann go mbeadh  na ballstáit ar aontoil. Is dá bharr sin a bhíonn an chuma ar an AE go minic gur ag casadh ar a shála a bhíonn agus gan faic á dhéanamh aige. Ní theastaíonn ach ballstát amháin as an 27 chun stop a chur le tionscnamh.

Eoin Stafford: D’fhoghlaim mé an-chuid sula ndeachaigh mé chuig an bpainéal ach nuair a chuaigh mé ann agus nauir a ghlac mé páirt sa ghrúpa oibre, ba léir dom go cé chomh luachmhar is atá an tAontas Eorpach. Ní hamháin go bhfuil teangacha éagsúla á labhairt ag muintir na hEorpa, tá tuairimí éagsúla is dearcadh éagsúil ag gach polaiteoir agus ag gach saoránach. De bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go bhfuil ‘fóram’ ann chun teacht le chéile chun cúrsaí a phlé.

In ainneoin na héagsúlachta ar fad idir na saoránaigh, bhí sé thar a bheith suimiúil an méid a rabhthas ar aon fhocal faoi i gcás ábhair áirithe. Mar shampla, bhí beagnach gach duine i mo ghrúpa féin ar aon tuairim maidir leis an aeráid agus an géarghá le hathruithe an-mhór a dhéanamh chun dul i ngleic le fadhb na n-astaíochtaí.

Aoife O’Leary: D’fhoghlaim mé go bhfuil an tAE ag déanamh sáriarracht chun é féin a fheabhsú ionas gur féidir leis níos mó a dhéanamh dá chuid saoránach sa todhchaí. Tuigeadh dom sa phlé seo go bhfuil an tAE i ndáiríre faoi chúram a dhéanamh dá chuid saoránach agus go dteastaíonn uaidh go mór cloisteáil uainn faoin gcaoi ar féidir leis feabhsú. Nuair a d’fhilleas abhaile ó Strasbourg bhraitheas go raibh an t-ádh orm gur saoránach Eorpach mé.

5) Cad iad na dúshláin is mó, dar leat, atá roimh an AE?

Niall Murphy: Na trí dhúshlán is mó a fheicimse roimh an Aontas Eorpach: an t-athrú aeráide agus ceannaireacht a thabhairt don domhan sa ngníomh ar son na haeráide; comhoibriú trasteorann idir na ballstáit ionas go mbeidh siad ar comhchéim leis na Stáit Aontaithe/an tSín ó thaobh forbairtí nua teicneolaíochta, nuálaíocht agus infheistíocht; caighdeánú a dhéanamh ar an Chairt Eorpach um Chearta ionas go mbeidh na cearta céanna chun oideachais is cúram sláinte ag gach saoránach sa mbloc.

Eoin Stafford: Tá páirtithe polaitiúla i gceannas san Ungáir agus sa Pholainn atá go mór i gcoinne idé-eolaíocht agus coincheap an AE. Páirtithe ar an eite dheis iad. Is léir dom, áfach, tar éis labhairt le muintir na Polainne agus na hUngáire ag an gComhdháil, nach bhfuil an pobal ar aon tuairim lena gcuid rialtas faoin AE. Feictear domsa go bhfuil daoine óga ó na tíortha sin go mór i bhfabhar an AE.

Aoife O’Leary: Tá go leor dúshlán roimh an AE. Go háirithe maidir le téarnamh i ndiaidh na paindéime seo, an geilleagar Eorpach a fheabhsú, claochlú digiteach sábháilte a chinntiú, cúrsaí oideachais a fheabhsú, agus dul i ngleic le neamhionannas i dtíortha áirithe agus gan dabht, an dúshlán is tábhachtaí agus is práinní, an aeráid.

6) Beidh deis ag painéal shaoránaigh na hEorpa moltaí a chur faoi bhráid na Parlaiminte, cad iad na moltaí atá déanta agaibh go dtí seo?

Niall Murphy: Tá an painéal ina bhfuil mise an-leathan agus ní raibh mise páirteach ach i ngnéithe áirithe de. ‘Geilleagar níos láidre, ceart sóisialta agus postanna, oideachas, cultúr, an óige agus an spórt, athrú digiteach’ – sin an cúram ar fad a bhí ar an bpainéal. Ón dul chun cinn atá déanta ag na foghrúpaí, bheinn ag súil go ndéanfaí cuid de na moltaí seo:

Fáil réidh leis na lúba ar lár sa gcóras cánach a bhaineann le UHNW [daoine fíorshaibhre] agus corparáidí.

Caighdeánú a dhéanamh ar an gcóras oideachais san Eoraip. Infheistíocht a dhéanamh i nGeilleagar agus i Nuálaíochtaí Inbhuanaithe lena chinntiú go laghdófar astaíochtaí na cruinne go mór. Athruithe a dhéanamh ar dhlí na hiomaíochta agus an líonra leathanbhanda a bheith níos idirnasctha.

Eoin Stafford: Ar cheann de na moltaí a chuir mé chun cinn, bhí Lá Saoire Bainc ar an 9 Bealtaine, Lá na hEorpa mar iarracht féiniúlacht na hEorpa a chothú. Ní bhíonn féiniúlacht láidir Eorpach ag mórán daoine agus is é sin ceann de na dúshlán is mó. Is é an aidhm leis an lá sin go mbeadh aontas láidir le nasc dlúth idir na tíortha agus muintir na dtíortha. Conas is féidir féiniúlacht láidir a chothú? Is Éireannach, Francach nó Gearmánach tú ach ní mhothaíonn daoine gur Eorpaigh iad. Ní mór féiniúlacht Eorpach a chothú chun an tAontas a láidriú.

Aoife O’Leary: Bhí mé féin mar bhall den ghrúpa a bhí bainteach le cúrsaí oideachais go príomha agus mar sin tá mo mholtaí go léir bainteach leis sin. An chéad rud a mhol mé ná gur gá oideachas gnéis cuimsitheach a mhúineadh i ngach scoil san Eoraip. Níl sé ceart go leor a thuilleadh go bhfuil scoileanna áirithe ábalta oideachas gnéis heitrighnéasach amháin a theagasc sa lá atá inniu ann, nó go bhfuil scoileanna ag múineadh staonadh mar an t-aon chineál sláinte ghnéis.

7) Go ginearálta, an gceapann tú go bhfuil dóthain airde ag an AE ar an saoránach?

Niall Murphy: Sílim nach bhfuil na buntáistí a bhaineann lenár mballraíocht san AE glan soiléir don saoránach in Éirinn mar gur cuid de dhlúth agus d’inneach an ghnáthshaoil againn iad – na rialacháin ar bhia, cead taistil, polasaí eacnamaíochta agus cúrsaí cánach. Ar go leor slite sílim go mbraitheann daoine scoite ón Aontas Eorpach mar go nglactar leis gur chun leasa an ghnáthshaoránaigh na polasaithe sin go háirithe agus Éire scoite amach ón mór-roinn. Mar sin féin creidim gur ar mhaithe leis an saoránach a dréachtaíodh na rialacháin phríobháideachais agus chaighdeáin. Is céim mhaith an chomhdháil seo chun nasc díreach a dhéanamh leis na saoránaigh, rud a bhraithim a bhíonn in easnamh go minic i straitéis an Aontais Eorpaigh a bhíonn á treorú rómhinic ag na heacnamaíochtaí is mó i mbloc an Aontais Eorpaigh.   

Eoin Stafford: Creidim go léiríonn an Chomhdháil seo go bhfuil an tAE ag iarraidh meon agus tuairimí an ghnáthdhuine, tuairimí an tsaoránaigh, a fháil amach. Ní raibh ach ábhar amháin mar ábhar díospóireachta sna painéil a bhí in Éirinn in 2015. Tá an Chomhdháil seo maidir le todhchaí na hEorpa ag plé gach rud i ndáiríre – sláinte, geillleagar, athrú aeráide, feirmeoireacht. Mar sin tá sé i bhfad níos casta agus is iarracht nua atá sa chomhdháil maidir le daonlathas na rannpháirtíochta. Is próiseas iomlán nua atá ann. Dá bhrí sin níl an próiseas leagtha síos agus níl ‘slí cheart’ chun comhdháil mar seo a chur ar siúl. Tar éis an tsaoil is ag deireadh na comhdhála a bheimid in ann a rá cé chomh héifeachtach is a bhí sí agus le cúnamh Dé beidh ceacht á fhoghlaim chun an cúram a dhéanamh níos fearr an dara huair.  Gan dabht le linn na comhdhála seo, tá an tAE ag tabhairt deis chainte don saoránach agus an tAE ag éisteacht leis.

Aoife O’Leary: Tar éis páirt a ghlacadh sa Chomhdháil seo táim cinnte go bhfuil dóthain saoirse ag an saoránach san AE. Tá siad ag déanamh sáriarracht guthanna na saoránach a chloisint agus tá mé ag súil go mór leis na moltaí a rachaidh siad ar aghaidh leo agus a chuirfear i bhfeidhm.

Is comhairleoir gnó agus cuntasóir é Niall, as Tiobraid Árann. Is as Baile Átha Cliath d’Eoin agus fuair sé a chuid oideachais trí mheán na Gaeilge. Tá sé ina Oifigeach Feidhmiúcháin sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara faoi láthair. Is mac léinn iarchéime í Aoife, as Corcaigh. Tá sí i mbun cúrsa máistreachta ‘An Ghaeilge agus Dlí na hEorpa’ i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Fuarthas maoiniú ó Tuairisc Bheo Teoranta agus deontas ó Pharlaimint na hEorpa don togra Láithreach Bonn. Níl aon lámh ag Parlaimint na hEorpa san ábhar a fhoilsítear sa tsraith ná aon fhreagracht uirthi ina leith.

Fág freagra ar '‘Ní mór féiniúlacht Eorpach a chothú chun an tAontas a láidriú’'

  • Pádraig Mac an tSaoir

    Caighdeanú a dhéanamh ar an oideachas san AE?? Náireach agus scannalach. Cá mbeadh an daonlathas ainsin. An coilíneachas is déanaí. Níl muidne mar Éireannaigh maith go leor le córas dár gceist féin a bheith againn? Cad é mar a ceapadh na daoine seo le bheith ag ionadaíocht ar ár son?

  • Gabriel Rosenstock

    Míleatachas an AE a chosc an chloch is mó ar an bpaidrín. Ní leor ‘an chumhacht bhog’ a thuilleadh, a d’fhógair Ursula von der Leyen sa bhliain 2019:
    https://www.opendemocracy.net/en/can-europe-make-it/the-european-unions-new-muscular-militarism-in-a-dangerous-world/
    Ní thar mo cheannsa a labhair sí.

  • Antóin

    An-ráite a Phádraig.
    N’fheadar cén áit le tosnú.

    Tosnóidh mé le ceist. Conas a fhaigheann duine ‘an glaoch’ le bheith páirteach?

    Iarracht shlítheánta shleamhain atá ann an tsaoránacht Eorpach a bhrú chun cinn agus an tsaorántacht Éireannach a ligean i ndearmad. Eorpach mé a chónaíonn in Éirinn, Eorpach mé a chónaíonn sa Spáinn ar aon dul le Meiriceánach mé a chonaíonn in Caifornia atá uathu. Díothú an náisiúnstáit faoi chulaith nua.

    Ceannas a thabhairt do na maorlathaithe san Eoraip in ionad sin a bheith ag polaiteoirí na dtíortha éagsúla! “Faoi láthair tá na cearta sin faoi chúram an stáit in ionad an Aontais” Nach bhful a fhios acu gur mar sin mar ba chóir dó a bheith.

    Tá “baol atá ann don daonlathas sa Pholainn” toisc nach bhfuil ceannairí sa Pholainn ar aon intinn leo siúd san Eoraip. Ach ceapann Aoife gur féidir deireadh a chur le saoirse na scoileanna scun scan sa tir seo.

    Tá “beagnach gach duine ar aon tuairim maidir leis an aeráid “Iontas mór na nIontas”

    Má tá tá tú “i gcoinne ide-eolaíochta an AE tá tú ar an eite dheis”. Tuilleadh den tseafóid chéanna.

    Ar a laghad, nuair a bheidh mé féin agus Pádraig ag dul siar go Connachta beidh Fear Dorcha Ó Mealláin linn.

    In ainm an Athar go mbuaidh,
    In ainm an Mhic fuair an phian
    In ainm an Spioraid Naoimh le neart,
    Muire ‘s a Mac linn ag triall