Ceacht ón Eoraip – ní mar a shíltear bítear go dtí go gcuirfidh tú aithne ar dhaoine

Bíonn a scéal féin agus a 'baile' féin ag an uile dhuine, rud a meabhraíodh dár gcolúnaí le déanaí ag ócáid cheoil agus chuimhneacháin i dteach an Ambasadóra

Ceacht ón Eoraip – ní mar a shíltear bítear go dtí go gcuirfidh tú aithne ar dhaoine

An tAmbasadóir Potzel agus Tomi Reichental

Bhí mé beagáinín luath don ócáid cheoil agus chuimhneacháin i dteach an Ambasadóra. Ach nach mbíonn na Gearmánaigh luath i gcónaí, a dúirt mé liom féin?

Nach bhfuil a fhios ag an saol mór go mbíonn siad an-phoncúil agus anuas air sin, nach bhfuil a fhios againn ar fad nach bhfuil féith an ghrinn iontu?

Ach bhí mé róluath. Ar feadh soicind nó dhó, shíl mé go raibh mé tar éis siúl isteach i gceann de na fógraí teilifíse sin. Daoine ag brostú thart ag réiteach agus céard é seo ar bhord beag ar an mbealach isteach? Sea, an pláta Ferrero Rocher leagtha amach go healaíonta ag an Ambasadóir í féin.

Bhí féith an ghrinn ag duine éicint.

Níor mhair na milseáin i bhfad agus na haíonna ag teacht isteach fliuch báite ón ngleadhradh agus ó na tuilte. Go deimhin bhí na tuilte chomh dona sin gur chuir siad moill dhamanta an bpianódóir- ní raibh de thuras air ach ó lár na cathrach go dtí Domhnach Broc ach thóg sé uair go leith air.

Ach má bhí moill ar chúrsaí i dteach a bhí lán le Gearmánaigh faoin tráth seo, níor ligeadar tada orthu féin.

Bhí cuireadh speisialta tugtha do Tomi Reichental agus dá bhean Joyce chuig an ócáid. Bhí an tAmbasadóir ag tabhairt chun cuimhne gur ar an dáta áirithe seo – an 9 Samhain- a tharla trí rud stairiúil i scéal na Gearmáine agus i stair an domhain: fógraíodh an Phoblacht Weimar i 1918, tharla Kristallnacht i 1938 agus i 1989 leagadh Balla Bheirlín.

Ar ndóigh tháinig Tomi slán ó uafás an Dara Cogadh Domhanda agus bhronn Uachtarán na Gearmáine  onóir ar leith air cúpla bliain ó shin.

Thosaigh mé ag caint le bean le mo thaobh agus chuir mé in aithne do Tomi í. D’aithin sí ar an toirt é ón scannán faisnéise Condemned to Remember. Labhair sí leis faoin radharc deireanach sa scannán – Tomi ina sheasamh go huaigneach ar shuíomh an tí a bhíodh ag a mhuintir sa tSlóváic. Chuimhnigh sí ar an ngairdín grianmhar, lán le fiailí agus feithidí ag eitilt thart ar Tomi agus é ag cuimhneamh siar ar laethanta a óige.

‘Is dócha go dtéann tú féin abhaile go dtí an Ghearmáin go minic,’ arsa mise leis an mbean, ag iarraidh a beith sibhialta, agus gan a bheith ag caint ar an gcogadh an t-am ar fad.

‘Ní ann do m’áit chónaithe a thuilleadh,’ dúirt sí. Agus cá raibh sé sin? ‘An Phrúis Thoir,’ dúirt sí. Is fada ó chuala mé aon duine ag caint ar an bPrúis. Sa rang, nuair a bhíomar ag foghlaim faoi Bismarck, b’fhéidir. Mhínigh sí dúinn go dtugtar Kaliningrad anois ar an gcuid sin den tír, ar leis an Rúis anois é ach a bhí lán le Gearmánaigh tráth. Königsberg a tugadh air uair amháin.

Milseáin

Níl sé fiú amháin sa Rúis féin, ach is ceantar beag é idir tíortha Mhuir Bhailt agus an Pholainn. Thug sí féin agus a fear chéile, Baile Átha Cliathach, cuairt ar an áit arb as di féin aon uair amháin le gairid agus ní raibh fanta san áit ach eaglais agus fothrach amháin eile. Thuig sí go rímhaith an chumha a bheadh ar Tomi i ndiaidh a thíre agus a chultúir.

Déanaimid dearmad go minic ar an rian a d’fhág an ‘Cogadh Fuar’ agus riail an Chumannachais ar dhaoine ar fud na hEorpa.

Ansin thosaigh an ceol – d’eagraigh an tAmbasadóir coirm cheoil dar téama ‘Cabaret’ ó ré Kurt Weill, Brecht agus a leithéidí sa nGearmáin.

Chonaic mé cloigne ag bogadh anonn is anall leis an gceol, go háirithe ‘Lili Marlene’, a bhain cáil faoi leith amach nuair a chasadh Marlene Dietrich é.

Thug an tAmbasadóir óráid bhreá ag deireadh na hoíche agus í ag cur fáilte ar leith roimh Tomi. D’inis sí dúinn go raibh an-chion ag  a máthair féin ar an amhrán ‘Lili Marlene’, ach ó tharla nach raibh cead ag éinne é a chasadh- dhúnadh sí na cuirtíní sula gcasfadh sí é.

Bhí sé ligthe i ndearmad agam go mba as Oirthear Bheirlín (mar a bhíodh) don Ambasadóir, agus gur mhair sí faoin gCumannachas nuair a bhí sí óg. Dúirt sí gur mheas na Cumannaigh go raibh baint róláidir ag an amhrán leis an gCogadh agus gurb fhuath leo é.

Duine eile, b’fhéidir, a mbeadh sé deacair uirthi a baile dúchais, mar a bhí, a aimsiú sna laethanta seo?

Chuimhnigh Tomi ar an amhrán ó aimsir an chogaidh ach ar bhealach eile ar fad. Ba chuimhin leis siúd go raibh ceangal láidir idir an t-amhrán agus na Naitsithe – chasaidís an t-amhrán agus an fhuaim casta suas go hard acu nuair a bhíodh scata daoine á gcaitheamh le hurchair acu – Giúdaigh, príosúnaigh, sibhialtaigh a throid ina gcoinne, agus go leor eile.

Ach an oíche áirithe seo, bhíomar ar fad ag ceiliúradh an chairdis agus an Eorpachais. Agus bhí mise ag meabhrú dom féin arís eile nár cheart a bheith ag déanamh talamh slán de go bhfuil saintréithe áirithe ag baint le náisiúin ar leith. Ní mar a shíltear bítear go dtí go gcuirfidh tú aithne ar dhaoine.

Fág freagra ar 'Ceacht ón Eoraip – ní mar a shíltear bítear go dtí go gcuirfidh tú aithne ar dhaoine'