‘Ní fiú smaoineamh ar chúrsa Gaeilge níos deacra a thabhairt isteach don Ardteist gan daltaí a chúiteamh’

Pléadh cás na Gaeilge i scrúdú na hArdteistiméireachta ag cruinniú i dTithe an Oireachtais

‘Ní fiú smaoineamh ar chúrsa Gaeilge níos deacra a thabhairt isteach don Ardteist gan daltaí a chúiteamh’

Ní fhéadfaí “fiú smaoineamh” ar chúrsa Ardteiste níos dúshlánaí a thabhairt isteach gan cúiteamh a thabhairt do dhaltaí, a dúradh ag cruinniú i dTithe an Oireachtais inné.

Ionadaí ó Bhoird Oideachais agus Oiliúna Éireann (ETBI) a dúirt an méid sin ag cruinniú de Choiste Oideachais an Oireachtais faoi leasú scrúdú na hArdteisiméireachta.

Dúirt Paddy Flood go raibh an ETBI bródúil as an nGaeilge a chur chun cinn ina cuid scoileanna ach go mbeadh imní air faoi thodhchaí na Gaeilge i scoileanna na heagraíochta dá gcuirfí athruithe ar an siollabas i bhfeidhm mar atá beartaithe.

“Má chuirtear córas na Sraithe Sóisearaí, leis an tsonraíocht níos dúshlánaí, i bhfeidhm sa tSraith Shinsearach, ní fhéadfá fiú smaoineamh go mbeadh ar ghrúpa amháin daltaí caighdeán acadúil i bhfad níos airde a bhaint amach gan cúiteamh breise a thabhairt dóibh,” a dúirt Flood.

Dúirt Paul Crone ón gCumann Náisiúnta Príomhoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha nach bhféadfaí a rá cén tionchar a bheadh ag na hathruithe ar shiollabas na hArdteiste mar nach raibh aon athbhreithniú déanta go fóill ar chúrsaí nua na Sraithe Sóisearaí.

Dúirt sé nach raibh sé soiléir cén tionchar a bhí ag na siollabais nua ar rátaí rannpháirtíochta agus, gan athbhreithniú a bheith déanta, nach raibh sé soiléir cén tionchar a bheadh acu ar an tSraith Shinsearach.

Dúirt Crone chomh maith ag an gcruinniú céanna gur ábhar “imní” é gur shocraigh 42% gan tabhairt faoi scrúdú Gaeilge i mbliana agus grád measta amháin a fháil, céatadán níos airde ná aon ábhar eile seachas an eolaíocht talmhaíochta agus an t-oideachas reiligiúnach.

“In 2021, shocraigh 58% de dhaltaí na hArdteiste an scrúdú scríofa a dhéanamh sa Ghaeilge. Cúis mhór imní atá ansin, go háirithe d’ábhar éigeantach.”

Dúirt Crone, áfach, go mb’fhéidir gurb é an rud is mó a chuirfeadh bac ar aon fhorbairt ar theagasc na Gaeilge ná an easpa múinteoirí cáilithe.

“D’fhéadfadh go mbeadh an fíorghanntanas múinteoirí chun an Ghaeilge a mhúineadh agus chun ábhair eile a mhúineadh trí mheán na Gaeilge ina bhac ar aon phleanáil maidir le forbairt na Gaeilge agus a Gaelscolaíochta,” a dúirt sé.

Moladh chomh maith don choiste gur chóir fáil réidh le scrúduithe cainte na hArdteiste, an scrúdú cainte Gaeilge san áireamh, agus measúnú leanúnach a chur ina n-áit. An múinteoir Gaeilge nó teanga eile a dhéanfadh an measúnú ar feadh dhá bhliain ar líofacht cainte an dalta.

Dúirt John Irwin, Ard-Rúnaí Chumann na Scoileanna Pobail is Cuimsitheachta (ACCS), gur fearr an córas a bheadh ann chun líofacht an dalta a mheas agus gur lú an strus a bhainfeadh leis don dalta i gcomparáid leis an scrúdú cainte traidisiúnta.

Tá díospóireacht ar siúl le tamall faoin bplean dhá chúrsa nua a Gaeilge thabhairt isteach don Ardteist – sonraíochtaí T1 agus T2 — ceann don ghnáthscoil Bhéarla agus ceann a deirtear a bheidh oiriúnach do dhaltaí scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta.

Foilsíodh mí Feabhra an dá shiollabas nua – sonraíocht T1 do dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus sonraíocht T2 do scoileanna Béarla – ach tá grúpaí áirithe buartha nach mór an fonn a bheidh ar dhaltaí a bhfuil Gaeilge líofa acu tabhairt faoin gcúrsa níos dúshlánaí mura mbeidh pointí breise le tuilleamh acu mar chúiteamh.

Tá próiseas comhairliúcháin ar siúl faoi láthair faoi na cúrsaí, próiseas a dtiocfaidh deireadh leis ar an 30 Samhain.

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív an samhradh seo caite go mbeadh sé ‘craiceáilte’ cúrsa nua Gaeilge a thabhairt isteach don Ardteist gan marcanna bónais.

Bhí a leithéid de phlean chomh “craiceáilte” agus a bheadh sé an luach saothair céanna a bheith ag imreoir iomána nó peile as cúl nó cúilín a scóráil, a dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil.

Tá saineolaithe go leor den tuairim gurb í an teip atá i ndán don chúrsa nua Gaeilge do chainteoirí líofa mura mbeidh marcanna breise le fáil as.

Deirtear i dtaighde a rinne Lárionad Gaeilge Ollscoil Mhá Nuad faoi chúrsa Gaeilge na hArdteiste gur ceist mhór í ceist an éilimh a bheidh ar an gcúrsa nua Ardteiste do scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.

Tá ráite ag an Aire Oideachais Norma Foley nach dtabharfaidh sí a tuairim faoin gceist go dtí mí na Samhna ar a thúisce, tráth a mbeidh deireadh leis an bpróiseas comhairliúcháin.

Fág freagra ar '‘Ní fiú smaoineamh ar chúrsa Gaeilge níos deacra a thabhairt isteach don Ardteist gan daltaí a chúiteamh’'

  • Caitríona

    Iontas na nIontas!!!

  • Eimear

    Goidé a thiocfas saineolaithe na Gaolainne suas leis anois??

  • Mícheál Ó Ruairc

    ‘Moladh chomh maith don choiste gur chóir fáil réidh le scrúduithe cainte na hArdteiste, an scrúdú cainte Gaeilge san áireamh, agus measúnú leanúnach a chur ina n-áit. An múinteoir Gaeilge nó teanga eile a dhéanfadh an measúnú ar feadh dhá bhliain ar líofacht cainte an dalta.’

    Nuair a léigh é seo ní fhéadfainn é a chreidiúint! Má fhaightear réidh leis an mBéaltriail Ghaeilge beidh deireadh leis an teanga labhartha. In ionad moladh seafóideach mar seo a chur chun tosaigh, ba cheart a bheith ag cur marcanna breise a chur ar fáil do labhairt na teanga.

    Níor baineadh úsáid as measúnú leanúnach sa chóras oideachais seo againne go dtí mí an Mhárta 2020. Go dtí sin bhí múinteoirí agus ceardchumainn in aghaidh a leithéid. Tógfaidh sé blianta fada sula mbeidh an cur chuige seo curtha i bhfeidhm i scoileanna na tíre seo. Beidh traenáil i gceist, laethanta inseirbhíse agus próiséas comhairlúcháin.

    An scoilbhliain seo caite bhí rogha ag daltaí glacadh le grádanna creidiúnaithe nó na scrúduithe a dhéanamh agus bhí cead acu ansan glacadh leis an marc ab airde a fuarthas sa dhá cheann. Ar an ábhar sin níor bhac lear mór acu leis na scrúduithe scríofa. Bhí na grádanna creidiúnaithe a tugadh dóibh don chuid ba mhó sa strataisféar ar fad. Deineadh níos mó dochair ná maitheasa, im’ thuairimse.

    Níor cheart go mbeadh aon bhaint ag scrúduithe cainte le measúnú leanúnach ná le grádanna creidiúnaithe sna blianta atá amach romhainn. Chun an teanga a choinneáil beo agus a chur chun cinn sa chóras oideachais ní mór tástáil a dhéanamh uirthi i bhfoirm béaltrialach foirméalta oifigiúil. Tá an measúnú leanúnach go breá chun dul chun cinn na teanga scríofa a thástáil ach ní fhéadfadh aon mhúinteoir cumas cainte daltaí a thomhas go cothrom ná go féaráilte ar bhonn pearsanta, im’ thuairimse.