Ní fhaca mé aon ghrafaic bhuiséid don chlann gan dídean…

Bhí 102 clann gan dídean den chéad uair ina saol i mBaile Átha Cliath i mí Lúnasa na bliana seo. Cén dóchas atá i mbuiséad 2018 dóibh siúd?

Ní fhaca mé aon ghrafaic bhuiséid don chlann gan dídean…

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Rinneadh scéal mór de le roinnt seachtainí anuas gurb í an aidhm a bhí ag an Taoiseach le buiséad na bliana seo ná na leabhair a chothromú amhail is nach raibh i gceist le caiteachas an Stáit sa mbliain seo romhainn ach beart cuntasaíochta.

Anois agus an buiséad fógartha b’fhéidir go bhfuil na leabhair comhardaithe, ach an bhfuil aon rud eile cothrom faoin mbuiséad a fógraíodh sa Dáil Dé Máirt? Nó ar tugadh faoi aon bheart nua chun cás na ndaoine gan dídean sa tír seo a réiteach?

De réir figiúirí Focus Ireland tá 8,270 duine gan dídean sa tír seo faoi láthair agus is páistí iad 3,048 acu sin. Tá an líon daoine gan dídean ag ardú go leanúnach ó 2013.

Tá €1.9 billiúin curtha ar fáil sa mbuiséad don tithíocht shóisialta, méadú 46% é sin ar chaiteachas 2017. Fógraíodh méadú mórán mar a chéile an t-am seo anuraidh. Cuireadh €1.2 billiúin ar fáil in 2017 agus ba mhéadú 50% é sin ar chaiteachas na bliana 2016.

Idir an dá linn, tá méadú 25% tagtha ar líon na ndaoine atá gan dídean in Éirinn agus níl an chuma ar an scéal go dtiocfaidh aon laghdú ar an bhfigiúr sin go luath.

Ag breathnú tríd na páipéir nuachta feicim meastacháin déanta do dhaoine ‘samplacha’ agus conas mar a ghabhfaidh buiséad 2018 i bhfeidhm ar a bpócaí. ‘An Buiséad agus Tusa’.

Ní fhaca mé grafaic faisnéise fós ina ndéantar cur síos ar an gclann atá gan dídean agus cén t-athrú atá i ndán dóibhsean i mbliana. Bhí 102 clann gan dídean den chéad uair ina saol i mBaile Átha Cliath i mí Lúnasa na bliana seo. Cén dóchas atá i mbuiséad 2018 dóibh siúd?

Tá sé ráite ag an Aire Tithíochta Eoghan Murphy agus ag Simon Coveney roimhe nach ceist airgid í. Murar ceist airgid í, cén cionsiocair atá léi? Agus cén fáth nach bhfuil aghaidh tugtha uirthi?

Cloiseann muid go minic go bhfuil an margadh tithíochta in Éirinn briste. Is cuid é den bhéaloideas a bhaineann leis an ngéarchéim eacnamaíochta agus glacann muid leis.

‘Dheamhan teach a tógadh le deich mbliana anuas, cén t-iontas é go bhfuil géarchéim ann agus diabhal neart ag aon duine air.’

Ach más ea, cén fáth a bhfuil sé cloiste againn le dhá bhliain anuas go bhfuil earnáil na maoine tráchtála ag feidhmiú i gceart arís? Thug taighde de chuid an chomhlachta MSCI le fios anuraidh go bhfuil margadh na maoine tráchtála i mBaile Átha Cliath ar comhchéim le cathracha eile atá ar cóimhéid leis san Eoraip agus é ag feidhmiú go normálta fad is a bhaineann sé le cúrsaí infheistíochta.

I gcodarsnacht leis sin, de réir staidéar a rinne Standard & Poors anuraidh, bhí 43% de na morgáistí ar thithe teaghlaigh fós i gcothromas diúltach in 2016 agus meastar gur 35% a bheidh amhlaidh in 2017. Fógraíodh ag tús na bliana seo go bhfuil ceann as chuile dheich gcinn de mhorgáistí teaghlaigh, is é sin 33,000 teaghlach ar fud na tíre, dhá bhliain nó níos mó ar gcúl lena gcuid íocaíochtaí. Ní féidir neamhaird a dhéanamh den tionchar atá aige seo ar an soláthar tithe.

Tá difríocht mhór amháin idir an chaoi ar caitheadh leis an earnáil tithíochta agus an chaoi ar caitheadh leis an earnáil tráchtála aimsir na géarchéime. Thóg an Stát iasachtaí tráchtála ar láimh ach níor tugadh aon fhaoiseamh ná maithiúnas fiacha do dhaoine a raibh a gcuid morgáiste dá dteach cónaithe i gcothromas diúltach.

Caithfear 16% de Bhuiséad 2018 ar fhiacha an stáit ach nuair a bhí na pacáistí tarrthála sin á gcur le chéile chun dul i ngleic leis an ngéarchéim sa chóras baincéireachta níor cuireadh aon rud ar fáil chun morgáistí ar thithe teaghlaigh a laghdú chun go mbeadh an t-airgead a bhí dlite dóibh níos gaire do phraghas nua an mhargaidh.

Cloisimid faoin mbaol morálta agus mífhéaráilteacht agus eile agus níl aon dabht ach go bhfuil bunús leis na hargóintí sin in aghaidh maithiúnas fiacha de chineál éigin. Ach shílfeá go mbeadh an baol morálta céanna i gceist san earnáil tráchtála agus tháinig an stát i gcabhair orthu.

Tá os cionn an tríú cuid de na tithe a bhfuil morgáiste orthu nach mór reoite ag an gcothromas diúltach agus go dtí go dtabharfar aghaidh air sin i gceart, beidh muid uilig thíos leis.

Fág freagra ar 'Ní fhaca mé aon ghrafaic bhuiséid don chlann gan dídean…'