Deimhníonn áibhéil, masla agus drochmheas aird, mar is eol d’iriseoirí (scríbhneoir an cholúin seo ina measc), go háirithe.
Má dhéanann ionadaí ó eagraíocht cur síos measartha ar ábhar míshásaimh, bí cinnte nach gcuirfear spéis chomh forleathan ina ráiteas tomhaiste agus a chuirfí ina mhalairt.
Thug príomhfheidhmeannach Ryanair Michael O’Leary sampla breá dúinn den ainmheasarthacht sin a tharraingíonn aird daoine agus an tAire Iompair Eamon Ryan á cháineadh aige ar RTÉ seachtain ó shin (agus arís ar X nó Twitter Déardaoin).
Fear amaideach gan chumas a thug O’Leary ar an aire agus é ag gearán faoi uasteorainn na ‘seafóide’ ar eitiltí ó aerfort Bhaile Átha Cliath.
Chuir Ryanair grianghraf den aire ar X (Twitter mar a bhí), grianghraf a tógadh nuair a thit Eamon Ryan ina chodladh le linn seisiún Dála a reáchtáladh sa Lárionad Náisiúnta Comhdhála i rith na paindéime.
Is léir, a dúirt Michael O’Leary, go bhfuil Eamon Ryan ina chodladh arís ó thaobh na hoibre de.
Chuir O’Leary éagumas i leith an aire arís agus an cosc ar eitiltí breise á cháineadh aige Déardaoin. Níor thagair sé áfach do thuairisc an Aontais Eorpaigh a foilsíodh an lá céanna a thug le fios gur tháinig ardú níos airde ná 1.5 céim celsius ar théamh na cruinne le bliain anuas.
Ní ardú ó am go ham a léirigh an fhianaise ach ardú leanúnach ar feadh bliana – ardú a léirigh arís an baol nach gcloífear amach anseo leis an uasteorainn ar théamh domhanda a socraíodh ag comhdháil aeráide Pháras in 2015.
Ní foláir a admháil go bhfuil cluiche phríomhfheidhmeannach Ryanair á imirt sa cholún seo againn, mar a imrítear é gach uair a thugtar poiblíocht dá chaint cháinteach as cuimse.
Tá a fhios ag Michael O’Leary go maith go spreagann áibhéil, achrann agus áiféis den uile chineál (cuimhnigh ar an táille leithris a dúirt sé tráth a bhí beartaithe aige a chur i bhfeidhm ar eitleáin Ryanair) poiblíocht saor in aisce.
Oireann sé dá chás freisin ábhar casta a shimpliú ionas go mbreathnaítear, mar shampla, ar cheadú eitiltí breise mar fhorbairt nach mbaineann dáiríre le hathrú aeráide.
Bheadh an dochar a dhéanann cur chuige dá leithéid dona go leor mura mbeadh sé á threisiú ag algartaim na meán sóisialta a scaipeann áibhéil agus achrann ar X/Twitter, mar shampla. Cothaíonn aighneas ar líne tráchtanna ar líne agus brabach dá bharr.
Tá sé ráite roimhe seo gur ar éigean a bheadh dea-thoradh ar na comhráite a bhí ar bun roimh Chomhaontú Aoine an Chéasta dá mbeadh deis ag na hionadaithe a bhí páirteach scéalta a sceitheadh faoin idirbheartaíocht.
Dúisíonn tuairim dá leithéid cúis imní níos bunúsaí, áfach. Is é dlúth agus inneach an tsaoil pholaitiúil faisnéis (nó mífhaisnéis) a sceitheadh faoi scéal nach eol don phobal.
San áireamh anisn: an fhírinne ghlan, an pháirtfhírinne, mioneolas gan tábhacht, caint gan tábhacht, tuairimíocht ón taobh istigh, bréaga, maslaí, ráflaí, agus béadáin.
Bhí John Bruton ina Thaoiseach i 1995 nuair a chuir iriseoir ó stáisiún raidió 96FM agallamh air i gCorcaigh. Dúirt sí níos deireanaí gur ordaigh sé di a gléas taifeadta a mhúchadh tar éis di ceist air faoi chúrsaí an Tuaiscirt.
‘I am sick of answering questions about the f**king peace process,’ a dúirt John Bruton, a dúirt sí. Dúirt seisean ina dhiaidh sin go raibh sé trína chéile toisc gur shíl sé go le cúrsaí áitiúla amháin a bhain an ceistiú.
Ní raibh aon chuimhne ag Bruton ar labhairt go gránna leis an iriseoir ach ghabh sé leithscéal léi dá mba amhlaidh gur chuir sé isteach uirthi.
Ní raibh an scéal sna meáin ach ar feadh cúpla lá ach tarraingíodh anuas é ó am go ham sula ndeachaigh John Bruton as oifig i 1997. Tarraingíodh anuas an cheist mar shampla den neamhshuim sa phróiseas síochána a cuireadh ina leith – achasán nár thuill sé.
Rinne rialtas John Bruton obair thábhachtach rialtas na Breataine agus ceannairí Shinn Féin agus an IRA a bhrú chun comhréitigh ar feadh breis agus dhá bhliain.
Rinne a rialtas cuid mhór den obair ullmhúcháin agus idirghabhála a bhí riachtanach chun cur ina luí ar an IRA a sos lámhaigh a athnuachan mí tar éis dó dul as oifig. Agus rinne a rialtas cuid mhór den obair chun tús a chur leis na comhráite a chríochnaigh le síniú Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998.
Dá dhéine na gearáin a spreag a ndúirt sé go míchúramach i gCorcaigh i 1995 (sular bunaíodh Twitter nó na mórmheáin shóisialta eile) is furasta an rí rá a dhúiseodh caint dá leithéid ó bhéal Taoisigh in 2024 a shamhlú.
Ní hé sin le rá go raibh John Bruton gan locht.
Chuaigh sé thar fóir, mar shampla, nuair a chuir sé fáilte chiotach agus róchorraithe go Baile Átha Cliath roimh an bprionsa Charles (atá ina rí anois) i 1995. Bhí an t-ádh air an uair sin agus ar feadh a thréimhse sa saol polaitiúil nach raibh air déileáil le síorchreimeadh agus síor-ionsaí na meán sóisialta ar mhuinín an phobail as ionadaithe tofa.
Ní cóir polaiteoirí a dhamnú i gcónaí mar gheall ar chaint mhíchúramach, fiú más léir do dhaoine neamhchlaonta go bhfuil botún déanta acu.
Ní hé Michael O’Leary, nó a phearsa phoiblí ba chruinne a rá, ba chóir a bheith mar eiseamláir againn, áfach. Baineann ár bhformhór pléisiúr as caint áibhéalach, as baothchaint agus as an drochmheas ar pholaiteoirí a chothaíonn na meáin shóisialta d’aon turas.Ní beag an dochar a dhéantar dá dheasca.
Rachaidh sé chun tairbhe do chách má, nó nuair, a chuirtear srian ar an mífhreagracht.
Siob
Thug sé ‘amadán’ (idiot) air, ní ‘fear amaideach’ (idiotic man).