Ní ‘coir’ a bhí in aon mharú a rinne saighdiúirí na Breataine le linn na dTrioblóidí ach ‘comhlíonadh dualgas le dínit’ – Karen Bradley

Dúirt Státrúnaí Thuaisceart Éireann inniu gur ag cloí le horduithe agus ag déanamh a ndualgas ‘ar bhealach cuí a raibh dínit ag baint leis’ a bhí na saighdiúirí agus na póilíní go léir a mharaigh daoine le linn na dTrioblóidí

Ní ‘coir’ a bhí in aon mharú a rinne saighdiúirí na Breataine le linn na dTrioblóidí ach ‘comhlíonadh dualgas le dínit’ – Karen Bradley

Tá an lasair curtha sa bharrach ceart ag Státrúnaí an Tuaiscirt Karen Bradley agus é ráite aici nach coir a bhí in aon mharú a rinne saighdiúirí Shasana nó na póilíní le linn na dTrioblóidí.

Tá cáineadh géar déanta ar Bradley agus é curtha ina leith go raibh sí ag cur isteach ar phróisis dlí.

Rinne Bradley a ráiteas conspóideach i dTeach na dTeachtaí in Westminster inniu agus í ag aontú le Emma Lyttle Pengelly, feisire de chuid an DUP, a mhaígh gur sceimhlitheoireacht ba chúis le 90% de na maruithe agus na gortuithe ar fad a tharla le linn na dTrioblóidí. “Coir a bhí i ngach aon cheann acu sin,” arsa Lyttle Pengelly.

Ag tagairt don ráiteas sin, dúirt Karen Bradley nach coireanna a bhí sa “níos lú ná 10%” de mharuithe, is é sin na cinn rinne saighdiúirí agus póilíní. 

Dúirt Bradley gur ag cloí le horduithe agus treoracha agus ag déanamh a ndualgas “ar bhealach cuí a raibh dínit ag baint leis” a bhí na saighdiúirí agus na póilíní go léir a mharaigh daoine le linn na dTrioblóidí.

Is mó fós an chonspóid a tharraingeoidh caint Bradley toisc go ndúirt sí an méad a dúirt sí agus gan ach seachtain fágtha go bhfógrófar cé acu an gcúiseofar nó nach gcúiseofar na saighdiúirí a mharaigh 14 saoránach Domhnach na Fola i nDoire mí Eanáir 1972. 

Tá ionchoisní ar bun faoi láthair chomh maith maidir le sléacht Bhaile Uí Mhurchú in iarthar Bhéal Feirste in 1971, maruithe a leagtar ar shaighdiúirí Shasana. 

Lena chois sin, tabharfar suntas dó go ndearna Bradley an chaint seo an lá céanna a ndúirt Príomh-Aire na Breataine Theresa May go rabhthas ag cuimhneamh ar reachtaíocht a thabhairt isteach le cosaint a thabhairt do shaighdiúirí agus lena chinntiú nach ndéanfaí éagóir sna cúirteanna orthu.

Dúirt Michelle O’Neill, Ceannaire Shinn Féin ó thuaidh, gur ráiteas “maslach, náireach” a rinne Bradley agus gur chóir di é a tharraingt siar go pras. 

Dúirt Bradley níos déanaí tráthnóna gur eagal léi go bhféadfadh duine míbhrí a bhaint as a cuid cainte. 

“An pointe a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh ná go ndearna formhór acu siúd a thug seirbhís a gcúram go cróga, go gairmiúil, go macánta agus go ndearna siad sin laistigh den dlí,” a dúirt Státrúnaí Thuaisceart Éireann.

Dúirt sí nach ag tagairt d’aon “chás ar leith a bhí sí” ach ag cur a “dearcadh ginearálta” in iúl. 

Sa chás go mbíonn fianaise ann go ndearnadh éagóir, ba cheart sin a fhiosrú i gcónaí, a dúirt Bradley.

Fág freagra ar 'Ní ‘coir’ a bhí in aon mharú a rinne saighdiúirí na Breataine le linn na dTrioblóidí ach ‘comhlíonadh dualgas le dínit’ – Karen Bradley'